Gan dochar do mhír 1, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go ndéanfar rabhaidh phoiblí a tharchur trí bhíthin seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1, agus seachas seirbhísí craoltóireachta, nó trí aip móibíleach a bhraitheann ar sheirbhís rochtana idirlín, ar choinníoll gurb ionann éifeachtacht an chórais rabhaidh phoiblí — i dtaca le cumhdach agus lena acmhainn na húsáideoirí deiridh a shroicheadh lena n-áirítear iad siúd nach mbíonn i láthair ach go sealadach sa limistéar atá i gceist, agus lánaird á tabhairt ar threoirlínte BEREC. Cuirfear rabhaidh phoiblí ar fáil d'úsáideoirí deiridh ar shlí éasca.
Faoin 21 Meitheamh 2020 agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis atá i gceannas ar PFGEnna, déanfaidh BEREC treoirlínte a fhoilsiú maidir lena mheasúnú cé acu atá nó nach bhfuil éifeachtacht na seirbhísí rabhadh poiblí faoi an mhír seo coibhéiseach le héifeachtacht na gcóras sin a leagtar síos faoi mhír 1.