|
+Airteagal 123 1. |
Airteagal 123 1.Déanfaidh BEREC faireachán ar fhorbairtí sa mhargadh agus ar fhorbairtí teicneolaíochta ag féachaint do chineálacha éagsúla na seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus déanfaidh sé, faoin 21 Nollaig 2021agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó dhá chomhalta dá chuid as ceann de na Ballstáit ar a laghad, tuairim a fhoilsiú maidir leis na forbairtí sin agus maidir leis an tionchar atá acu ar fheidhmiú Theideal III de Chuid III. Sa tuairim sin, measúnóidh BEREC a mhéid a chomhlíontar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 le Teideal III de Chuid III. Cuirfear san áireamh, go háirithe, sa tuairim sin raon feidhme Theideal III de Chuid III maidir leis na cineálacha seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chumhdaítear. Mar bhonn don tuairim, déanfaidh BEREC anailís ar an méid seo a leanas go háirithe:
(a)
a mhéid a bhfuil úsáideoirí deiridh na seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar fad in ann roghanna saor eolasacha a dhéanamh, lena n-áirítear ar bhonn faisnéise iomláine conarthaí, agus a mhéid a bhfuil siad in ann a soláthraí seirbhísí cumarsáide leictreonaí a athrú gan stró;
(b)
a mhéid ar saobhadh an margadh nó a ndearnadh díobháil don úsáideoir deiridh siocair nach raibh na hacmhainneachtaí dá dtagraítear i pointe (a) ar fáil;
(c)
a mhéid a bhfuil rochtain éifeachtach ar sheirbhísí éigeandála i mbaol, go háirithe i ngeall ar mhéadú a bheith tagtha ar úsáid seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir, ar easpa idir-inoibritheachta, nó i ngeall ar fhorbairtí teicneolaíocha;
(d)
an costas ar dócha a bheidh ag gabháil le haon athchoigeartuithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar oibleagáidí i dTeideal III de Chuid III seo nó an tionchar a d'fhéadfaí a imirt ar an nuálaíocht i gcás soláthraithe cumarsáide leictreonaí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|