De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 53(2), (3) agus (4) den Treoir seo, ón 20 Nollaig 2018i gcás ina bhfuil coinníollacha cumasaithe leagtha síos trí bhearta cur chun feidhme teicniúla i gcomhréir leis an Treoir Uimh 676/2002/CÉ chun go bhféadfaí iad a úsáid le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí leathanbhanda. I dtaca le bandaí speictream raidió nár glacadh coinníollacha comhchuibhithe den sórt sin ina leith faoin 20 Nollaig 2018, beidh feidhm ag Airteagal 53(2), (3) agus (4) den Treoir seo ón dáta a nglacfar na bearta cur chun feidhme teicniúla i gcomhréir le hAirteagal 4 de Chinneadh Uimh. 676/202/CE.
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, cuirfidh na Ballstáit na bearta is gá i bhfeidhm chun Airteagal 54 a chomhlíonadh ón 31 Nollaig 2020.