|
+IARSCRÍBHINN I LIOSTA COINNÍOLLACHA A D'FHÉADFADH A BHEITH CEANGAILTE LE hÚDARUITHE GINEARÁLTA, LE CEARTA MAIDIR LE hÚSÁID SPEICTRIM RAIDIÓ AGUS LE CEARTA MAIDIR LE hÚSÁID ACHMAINNÍ UIMHRITHE |
IARSCRÍBHINN I LIOSTA COINNÍOLLACHA A D'FHÉADFADH A BHEITH CEANGAILTE LE hÚDARUITHE GINEARÁLTA, LE CEARTA MAIDIR LE hÚSÁID SPEICTRIM RAIDIÓ AGUS LE CEARTA MAIDIR LE hÚSÁID ACHMAINNÍ UIMHRITHE
IARSCRÍBHINN I LIOSTA COINNÍOLLACHA A D'FHÉADFADH A BHEITH CEANGAILTE LE hÚDARUITHE GINEARÁLTA, LE CEARTA MAIDIR LE hÚSÁID SPEICTRIM RAIDIÓ AGUS LE CEARTA MAIDIR LE hÚSÁID ACHMAINNÍ UIMHRITHE Soláthraítear san Iarscríbhinn seo, an liosta uasta coinníollacha a d'fhéadfadh a bheith ceangailte le húdaruithe ginearálta do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí, seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe, (Cuid A), líonraí cumarsáide leictreonaí (Cuid B), seirbhísí cumarsáide leictreonaí, seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe, (Cuid C) cearta speictrim raidió a úsáid (Cuid D) agus cearta acmhainní uimhrithe a úsáid (Cuid E) A Coinníollacha ginearálta a d'fhéadfadh a bheith ceangailte le húdarú ginearálta
1.
Muirir riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 16.
2.
Cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais a bhaineann go sonrach leis an earnáil cumarsáide leictreonaí i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE
3.
Faisnéis atá le soláthar faoi réir nós imeachta fógartha i gcomhréir le hAirteagal 12 agus chun críoch eile mar a áirítear in Airteagal 21.
4.
Cumasú idircheapadh dlíthiúil ó údaráis náisiúnta inniúla i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE.
5.
Téarmaí úsáide maidir le cumarsáid ó na húdaráis phoiblí chuig an bpobal go ginearálta chun rabhadh a thabhairt don phobal faoi gharbhagairtí agus chun iarmhairtí mórthubaistí a mhaolú.
6.
Téarmaí úsáide le linn mórthubaistí nó éigeandálacha náisiúnta chun cumarsáid idir na seirbhísí éigeandála agus na húdaráis a áirithiú.
7.
Oibleagáidí rochtana seachas iad sin dá bhforáiltear in Airteagal 13 maidir le gnóthais a sholáthraíonn seirbhísí nó líonraí cumarsáide leictreonaí.
8.
Bearta a dheartar chun comhlíonadh na gcaighdeán nó na sonraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 39 a áirithiú.
9.
Oibleagáidí trédhearcachta ar sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí a sholáthraíonn seirbhísí cumarsáide leictreonaí, atá ar fáil don phobal, chun go n-áiritheofaí nascacht ó inn go hinn, i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 3 agus, i gcás inar gá agus ar bhealach comhréireach, rochtain do na húdaráis inniúla náisiúnta ar an bhfaisnéis sin a theastaíonn chun cruinneas nochtadh den sórt sin a fhíorú. B. coinníollacha sonracha a d'fhéadfadh a bheith ceangailte le húdarú ginearálta do sholáthar líonraí cumarsáide leictreonaí
1.
Ceanglais inaistritheachta uimhreacha i gcomhréir leis an Treoir seo.
2.
Oibleagáidí 'iompair éigeantaigh' i gcomhréir leis an Treoir seo.
3.
Bearta chun sláinte phoiblí a chosaint ar réimsí leictreamaighnéadacha arna gcruthú ag líonraí cumarsáide leictreonaí, i gcomhréir le dlí an Aontais, agus aird iomlán á tabhairt ar Mholadh Uimh. 1999/519/CE.
4.
Cothabháil ar shláine líonraí poiblí cumarsáide leictreonaí i gcomhréir leis an Treoir seo lena n-áirítear trí choinníollacha chun trasnaíocht leictreamaighnéadach idir líonraí agus/nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chosc i gcomhréir le Treoir 2014/30/AE.
5.
Slándáil líonraí poiblí i gcoinne rochtain neamhúdaraithe i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE.
6.
Coinníollacha maidir le húsáid speictrim raidió, i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Threoir 2014/53/AE, i gcás nach gcuirtear an úsáid sin faoi réir deonú ceart úsáide aonair i gcomhréir le hAirteagal 46(1) agus Airteagal 48 den Treoir seo. C. coinníollacha sonracha a d'fhéadfadh a bheith ceangailte le húdarú ginearálta chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar, ach amháin seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhreacha
1.
Idir-inoibritheacht seirbhísí i gcomhréir leis an Treoir seo.
2.
Inrochtaineacht úsáideoirí deiridh ar uimhreacha ón bplean uimhrithe náisiúnta, uimhreacha ó UIFN agus, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, ó phleananna uimhrithe Ballstát eile, agus coinníollacha i gcomhréir leis an Treoir seo.
3.
Rialacha cosanta tomhaltóirí a bhaineann go sonrach leis an earnáil cumarsáide leictreonaí.
4.
Srianta maidir le tarchur ábhar neamhdhleathach i gcomhréir le Treoir 2000/31/CE agus srianta maidir le tarchur ábhar díobhálach i gcomhréir le Treoir 2010/13/AE. D. Coinníollacha a d'fhéadfadh a bheith ceangailte le cearta úsáide speictrim raidió
1.
Oibleagáid seirbhís a sholáthar nó cineál ar leith teicneolaíochta a úsáid laistigh de theorainneacha Airteagal 45, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, ceanglais chumhdaigh agus caighdeáin seirbhíse.
2.
Úsáid éifeachtach agus éifeachtúil speictrim raidió i gcomhréir leis an Treoir seo.
3.
Coinníollacha teicniúla agus oibríochtúla is gá chun trasnaíocht dhíobhálach a sheachaint agus chun sláinte phoiblí a chosaint ar réimsí leictreamaighnéadacha, agus aird iomlán á tabhairt ar Mholadh 1999/519/CE i gcás ina bhfuil na coinníollacha sin difriúil ó na coinníollacha a áirítear san údarú ginearálta.
4.
Tréimhse uasta i gcomhréir le hAirteagal 94, faoi réir aon athruithe sa Phlean Náisiúnta um Leithdháileadh Minicíochtaí.
5.
Aistriú nó léasú ceart, ar thionscnamh an tsealbhóra cirt agus coinníollacha maidir le haistriú den sórt sin i gcomhréir leis an Treoir seo.
6.
Táillí le haghaidh cearta úsáide i gcomhréir le hAirteagal 42.
7.
Aon ghealltanais a thug an gnóthas atá ag fáil an ceart úsáide, faoi chuimsiú údaraithe nó faoi phróiseas athnuachana údaraithe sular deonaíodh an t-údarú nó, i gcás inarb infheidhme, sular tugadh an cuireadh ar iarratas le haghaidh cearta úsáide.
8.
Oibleagáidí maidir le comhthiomsú nó roinnt a dhéanamh ar speictream raidió nó rochtain ar speictream raidió a thabhairt d'úsáideoirí eile i réigiúin ar leith nó ar an leibhéal náisiúnta.
9.
Oibleagáidí faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha a bhaineann le húsáid bandaí speictrim raidió.
10.
Oibleagáidí a bhaineann go sonrach le húsáid thurgnamhach bandaí speictrim raidió. E. Coinníollacha a d'fhéadfadh a bheith ceangailte le cearta úsáide achmainní uimhrithe
1.
Ainmniú na seirbhíse a n-úsáidfear an uimhir di, lena n-áirítear aon cheanglais atá nasctha le soláthar na seirbhíse sin agus, chun amhras a sheachaint, prionsabail tharaife agus uasphraghasanna ar féidir feidhm a bheith acu sa raon áirithe uimhreacha chun cosaint do thomhaltóirí a áirithiú i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 3(2).
2.
Úsáid éifeachtach agus éifeachtúil achmainní uimhrithe i gcomhréir leis an Treoir seo.
3.
Ceanglais inaistritheachta uimhreacha i gcomhréir leis an Treoir seo.
4.
Oibleagáid chun faisnéis eolaire phoiblí úsáideora deiridh a sholáthar chun críocha Airteagal 112.
5.
Tréimhse uasta i gcomhréir le hAirteagal 94, faoi réir aon athruithe sa phlean uimhrithe náisiúnta.
6.
Aistriú ceart, ar thionscnamh an tsealbhóra cirt, agus coinníollacha an aistrithe sin i gcomhréir leis an Treoir seo, lena n-áirítear go mbeadh pé coinníollacha a ghabhann le ceart úsáide uimhreach ina gceangal freisin ar na gnóthais sin chuig a n-aistrítear na cearta.
7.
Táillí le haghaidh cearta úsáide i gcomhréir le hAirteagal 95.
8.
Aon ghealltanais a thug an gnóthas atá ag fáil an chirt úsáide, le linn nós imeachta roghnúcháin iomaíoch nó comparáideach.
9.
Na hoibleagáidí faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha a bhaineann le húsáid uimhreacha.
10.
Na hoibleagáidí maidir le húsáid sheach-chríochach uimhreacha laistigh den Aontas chun comhlíonadh na rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí agus rialacha eile a bhaineann le huimhreacha a áirithiú i mBallstáit eile seachas an Ballstát sin lena mbaineann an cód tíre. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|