|
+IARSCRÍBHINN III CRITÉIR MAIDIR LE CINNEADH FAOI RÁTAÍ MÓRDHÍOLA DO FHOIRCEANNADH GUTHGHLAONNA |
IARSCRÍBHINN III CRITÉIR MAIDIR LE CINNEADH FAOI RÁTAÍ MÓRDHÍOLA DO FHOIRCEANNADH GUTHGHLAONNA
IARSCRÍBHINN III CRITÉIR MAIDIR LE CINNEADH FAOI RÁTAÍ MÓRDHÍOLA DO FHOIRCEANNADH GUTHGHLAONNA Prionsabail, critéir agus paraiméadair maidir le cinneadh faoi na rátaí mórdhíola d'fhoirceannadh guthghlaonna ar mhargaí fosaithe agus móibíleacha, dá dtagraítear in Airteagal 75(1):
(a)
bunaithe ar ghnóthú na gcostas sin arna dtabhú ag oibreoir éifeachtach a bheidh na rátaí; beidh measúnú costais éifeachtúla bunaithe ar luachanna costais reatha; bunaithe ar chur chuige samhaltúcháin ón mbun aníos, a bhainfidh úsáid as costais atá gaolta le trácht incriminteach fadtréimhseach seirbhís foirceanta glao gutha mórdhíola a sholáthar do thríú páirtithe, a bheidh an mhodheolaíocht chostais lena ríomhtar na costais éifeachtacha;
(b)
déanfar na costais incriminteacha ábhartha a bhaineann le seirbhís foirceanta glao gutha mórdhíola a chinneadh tríd an difríocht idir na costais fhadtréimhseacha iomlána ar oibreoir atá ag soláthar a raon iomlán seirbhísí agus na costais fhadtréimhseacha iomlána a bheadh i gceist mura soláthródh an t-oibreoir sin seirbhís foirceanta glao gutha mórdhíola do thríú páirtithe;
(c)
is iad na costais sin a bhaineann le trácht, a ndéanfaí iad a sheachaint in éagmais seirbhís foirceanta glao gutha a bheith á soláthar, a leithdháilfear chuig an incrimint foirceanta ábhartha, agus iad sin amháin;
(d)
ní áireofar costais a bhaineann le hacmhainneacht bhreise líonra ach amháin a mhéid atá siad bunaithe ar an riachtanas méadú a dhéanamh ar acmhainneacht chun críche trácht críochnaithe glao gutha mórdhíola breise a iompar;
(e)
eisiafar táillí speictrim raidió ón incrimint foirceanta guthghlaonna mhóibíleach;
(f)
áireofar na costais tráchtála mhórdhíola a bhfuil baint dhíreach acu le soláthar sheirbhís foirceanta glao gutha mórdhíola do thríú páirtithe, agus iad sin amháin;
(g)
measfar go soláthróidh gach oibreoir líonra fosaithe seirbhísí foirceanta glao gutha de réir na gcostas aonaid céanna leis an oibreoir éifeachtúil, beag beann ar cé chomh mór is atá an t-oibreoir sin;
(h)
d'oibreoirí líonraí móibíleacha, socrófar an t-íos-scála éifeachtúil ag sciar den mhargadh nach lú ná 20 %;
(i)
is é an cur chuige ábhartha a bheidh ann do dhímheas sócmhainní ná an dímheas eacnamaíoch; agus
(j)
beidh rogha teicneolaíochta na líonraí atá á samhlú réamhbhreathnaitheach, bunaithe ar chroí-líonra IP, ag cur san áireamh na teicneolaíochtaí éagsúla ar dócha go mbainfear úsáid astu ar feadh thréimhse bhailíochta an uasráta; i gcás líonraí fosaithe, measfar gur paicéadlasctha go heisiach a bheidh glaonna. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|