|
+IARSCRÍBHINN VIII CEANGLAIS FAISNÉISE LE SOLÁTHAR I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 102 (CEANGLAIS FAISNÉISE DO CHONARTHAÍ) |
IARSCRÍBHINN VIII CEANGLAIS FAISNÉISE LE SOLÁTHAR I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 102 (CEANGLAIS FAISNÉISE DO CHONARTHAÍ)
IARSCRÍBHINN VIII CEANGLAIS FAISNÉISE LE SOLÁTHAR I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 102 (CEANGLAIS FAISNÉISE DO CHONARTHAÍ)
A.
ceanglais faisnéise do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí seachas seirbhísí tarchuir arna n-úsáid chun seirbhísí meaisín le meaisín a sholáthar. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí seachas seirbhísí tarchuir arna n-úsáid chun seirbhísí meaisín le meaisín a sholáthar, déanfaidh siad an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil:
(1)
mar chuid de phríomhghnéithe gach seirbhíse a chuirtear ar fáil, aon íosleibhéil cháilíochta seirbhíse a mhéid is a thairgtear iad sin, agus i gcás seirbhísí seachas seirbhísí rochtana idirlín, na paraiméadair cháilíochta shonracha a áiritheofar. I gcás nach dtairgtear aon íosleibhéil cháilíochta seirbhíse, déanfar ráiteas gurb amhlaidh atá.
(2)
mar chuid den fhaisnéis faoin bpraghas, i gcás inarb infheidhme agus a mhéid is infheidhme, na praghsanna faoi seach le haghaidh an tseirbhís cumarsáide leictreonaí a ghníomhachtú agus le haghaidh aon mhuirir athfhillteacha nó aon mhuirir a bhaineann le tomhaltas,
(3)
mar chuid den fhaisnéis ar ré an chonartha agus na coinníollacha maidir leis an gconradh a athnuachan agus a fhoirceannadh, lena n-áirítear táillí ionchasacha scortha, a mhéid a bheidh na coinníollacha sin infheidhme:
(i)
aon íosúsáid nó íostréimhse is gá chun tairbhe a bhaint as na téarmaí réamhfhógrán,
(ii)
aon mhuirir a bhaineann le malartú, le cúiteamh, agus na socruithe aisíocaíochta i gcás mhoill nó mhí-úsáid an mhalartaithe, chomh maith le faisnéis faoi na nósanna imeachta faoi seach,
(iii)
faisnéis maidir le ceart na dtomhaltóirí a úsáideann seirbhísí réamhíoctha chun aisíocaíochta, arna iarraidh sin, ar aon chreidmheas atá fanta i gcás ina n-imíonn siad ó sholáthraí amháin chuig soláthraí eile, mar a leagtar amach in Airteagal 106(6).
(iv)
aon táillí is dlite ar luathfhoirceannadh an chonartha, lena n-áirítear faisnéis faoi dhíghlasáil an trealaimh teirminéil agus aon chostas aisghnóthaithe maidir le trealamh teirminéil,
(4)
aon chúiteamh agus aon socruithe aisíocaíochta, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, tagairt shainráite do chearta tomhaltóirí, a bheidh infheidhme mura gcomhlíonfar na leibhéil cháilíochta seirbhíse atá sa chonradh nó mura bhfreagraíonn an soláthraí go leormhaith do theagmhas slándála nó do bhagairt nó leochaileacht slándála;
(5)
an cineál gníomhaíochta a d'fhéadfadh an soláthraí a dhéanamh agus é ag freagairt d'eachtraí nó bagairtí slándála nó leochaileachtaí.
B.
ceanglais faisnéise ar sholáthraithe seirbhísí rochtana idirlín, agus seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí
I.
Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i gCuid A, déanfaidh soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín, agus soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí, an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil:
(1)
mar chuid den na príomhghnéithe de gach seirbhís a chuirtear ar fáil:
(i)
aon íosleibhéil cháilíochta seirbhíse a mhéid a thairgtear iad, agus lánaird á tabhairt ar threoirlínte BEREC a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 104(2) maidir le:
—
i gcás seirbhísí rochtana idirlín: aga folaigh, giodam, caillteanas paicéid ar a laghad;
—
do sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí, i gcás ina ndéanann rialú ar eilimintí áirithe den líonra ar a laghad nó a rinne comhaontú ar leibhéal seirbhíse chuige sin le gnóthais a thugann rochtain ar an líonra: an t-am don cheangal tosaigh, dóchúlacht teipe, moill i nglao-chomharthaí ar a laghad, i gcomhréir le hIarscríbhinn X; agus
(ii)
gan dochar don cheart atá ag úsáideoirí deiridh trealamh teirminéil is rogha leo féin a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Rialachán 2015/2120/CE, aon choinníollacha, táillí san áireamh, arna bhforchur ag an soláthraí ar úsáid an trealaimh teirminéil a sholáthraítear;
(2)
mar chuid den fhaisnéis faoin bpraghas, i gcás inarb infheidhme agus a mhéid is infheidhme, na praghsanna faoi seach le haghaidh an tseirbhís cumarsáide leictreonaí a ghníomhachtú agus le haghaidh aon mhuirir athfhillteacha nó le haghaidh aon mhuirir a bhaineann le tomhaltas:
(i)
sonraí de phlean sonrach nó de phleananna sonracha taraife faoin gconradh agus, i gcás gach plean taraife na cineálacha seirbhíse a thairgtear, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme, na méideanna cumarsáide (MB, nóiméid, teachtaireachtaí) curtha san áireamh i ngach tréimhse bhilleála, agus an praghas d'aonaid chumarsáide bhreise,
(ii)
i gcás plean nó pleananna taraife a ngabhann méid réamhshocraithe cumarsáide leis nó leo, an deis do thomhaltóirí aon mhéid nár úsáideadh ón tréimhse bhilleála roimhe sin a chur ar aghaidh go dtí an tréimhse bhilleála ina dhiaidh sin, i gcás ina n-áirítear an rogha sin sa chonradh,
(iii)
saoráidí chun trédhearcacht billí a chosaint agus faireachán a dhéanamh ar an leibhéal tomhaltais,
(iv)
faisnéis faoi tharaifí maidir le haon uimhreacha nó seirbhísí atá faoi réir coinníollacha praghsála ar leith; maidir le catagóirí seirbhísí aonair, féadfaidh na húdaráis inniúla, nuair is ábhartha, i gcomhordú leis na húdaráis rialála náisiúnta a cheangal freisin go soláthrófaí an fhaisnéis sin sula nasctar an glao nó sula nasctar le soláthraí na seirbhíse,
(v)
do sheirbhísí cuachta agus do chuacha lena n-áirítear seirbhísí agus trealamh teirminéil praghas eilimintí aonair na cuaiche a mhéid a dhéantar iad a mhargú ar leithligh ó chéile freisin,
(vi)
mionsonraí agus coinníollacha, lena n-áirítear táillí, i leith aon seirbhís iardhíola, chothabhála agus cúnaimh do chustaiméirí, agus
(vii)
an bealach inar féidir faisnéis atá cothrom le dáta faoi gach taraif agus táille chothabhála is infheidhme a fháil;
(3)
mar chuid den fhaisnéis ar thréimhse an chonartha do sheirbhísí cuachta agus ar na coinníollacha maidir leis an gconradh a athnuachan agus a fhoirceannadh, i gcás inarb infheidhme, na coinníollacha chun an chuach nó eilimintí di a fhoirceannadh;
(4)
gan dochar d'Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/679, faisnéis faoi cé na sonraí pearsanta a sholáthrófar sula ndéanfar an tseirbhís nó a bhaileofar i gcomhthéacs sholáthar na seirbhíse;
(5)
mionsonraí maidir le táirgí agus seirbhísí atá ceaptha d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas agus conas is féidir nuashonruithe ar an eolas sin a fháil;
(6)
na modhanna maidir le tús a chur le nósanna imeachta chun díospóidí a réiteach, lena n-áirítear díospóidí náisiúnta agus trasteorann, i gcomhréir le hAirteagal 25;
II.
Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i gCuid A agus faoi Phointe I, déanfaidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil freisin:
(1)
aon srianta ar rochtain ar sheirbhísí éigeandála nó ar fhaisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora mar thoradh ar easpa indéantachta teicniúla a mhéid a ligeann an tseirbhís d'úsáideoirí deiridh glaonna ar uimhir a thionscnamh i bplean uimhrithe náisiúnta nó idirnáisiúnta;
(2)
ceart an úsáideora deiridh chun cinneadh a dhéanamh a shonraí/sonraí pearsanta a chur ar fáil in eolaire, agus na cineálacha sonraí lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2002/58/CE;
III.
De bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i gCuid A agus faoi Phointe I, soláthróidh soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín an fhaisnéis a cheanglaítear de bhun Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2015/2120. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|