Airteagal 1
Bunaítear leis an Rialachán seo creat coiteann maidir le fuinneamh ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ a chur chun cinn. Leagtar síos ann sprioc cheangailteach de chuid an Aontais maidir le sciar foriomlán an fhuinnimh ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ a bheidh in olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais in 2030. Leagtar síos ann freisin rialacha maidir le tacaíocht airgeadais don leictreachas ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ , le féintomhaltas leictreachais den sórt sin, le húsáid fuinnimh ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ san earnáil téimh agus fuaraithe, agus in earnáil an iompair, leis an gcomhar réigiúnach idir na Ballstáit, agus idir na Ballstáit agus tríú tíortha, le ráthaíochtaí maidir le tionscnamh, le nósanna imeachta riaracháin agus le heolas agus oiliúint. Bunaítear leis freisin critéir inbhuanaitheachta agus critéir i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise.