Ar iarraidh ó na Ballstáit lena mbaineann, cabhróidh an Coimisiún leis na Ballstáit ábhartha le linn phróiseas na caibidlíochta le socruithe comhair a chur ar bun trí fhaisnéis agus anailís a chur ar fáil, lena n-áirítear sonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla maidir leis na costais dhíreacha agus indíreacha agus maidir leis na sochair a ghabhann le comhar, agus le treoir theicniúil agus saineolas teicniúil a chur ar fáil, chomh maith. Féadfaidh an Coimisiún malartú dea-chleachtas a spreagadh nó a éascú agus féadfaidh sé teimpléid a fhorbairt do chomhaontuithe comhair ar mhaithe leis an bpróiseas caibidlíochta a éascú. Faoi 2025, déanfaidh an Coimisiún measúnú, i dtaca le leictreachas ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite
◄ a imscaradh san Aontas, ar chostais agus ar shocair na bhforálacha de bhun an Airteagail seo.