+Airteagal 5 Scéimeanna tacaíochta a oscailt don leictreachas ó fhoinsí►C3in-athnuaite◄
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.

Airteagal 5 Scéimeanna tacaíochta a oscailt don leictreachas ó fhoinsí►C3in-athnuaite◄

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1.
Beidh sé de cheart ag na Ballstáit a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 7 go 13 den Treoir seo, a mhéid a thacóidh siad le leictreachas ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ a tháirgtear i mBallstát eile. Féadfaidh na Ballstáit, áfach, rannpháirtíocht i scéimeanna tacaíochta don leictreachas ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ a oscailt do tháirgeoiríí atá lonnaithe i mBallstáit eile, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

Agus rannpháirtíocht i scéimeanna tacaíochta á hoscailt acu don leictreachas ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ , féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh tacaíocht do sciar táscach den acmhainneacht nua-thacaithe, nó do sciar den bhuiséad arna leithdháileadh di, gach bliain, oscailte do tháirgeoirí atá lonnaithe i mBallstáit eile.

Féadfaidh gur ionann 5 %, ar a laghad, luach na sciartha táscacha sin, gach bliain, ó 2023 go 2026 agus gur ionann 10 % a luach sin ó 2027 go 2030, nó i gcás ina bhfuil an leibhéal sin níos ísle gcás níos ísle, gur leibhéal idirnascachta na mBallstát lena mbaineann in aon bhliain faoi leith a luach.

Chun go mbeidh breis cur amach acu ar an gcur chun feidhme, féadfaidh na Ballstáit scéim phíolótach amháin nó roinnt scéimeanna píolótacha a eagrú i gcás ina bhfuil tacaíocht ar oscailt do tháirgeoirí atá lonnaithe i mBallstáit eile.

Airteagal 5 2.
Féadfaidh na Ballstáit cruthúnas go bhfuil allmhairiú fisiciúil leictreachais ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ ag tarlú a iarraidh. Chun na críche sin, féadfaidh na Ballstáit rannphairtíocht sna scéimeanna tacaíochta ht a thugann siad a theorannú do tháirgeoirí i mBallstáit ina bhfuil nasc díreach trí idirnascairí. Ní dhéanfaidh Ballstáit athrú ná mionathrú, áfach, ná ní imreoidh siad tionchar eile ar sceidil traslimistéir agus ar an leithdháileadh acmhainne a bhfuil teideal ag na tairgeoirí sin chuige, de bharr táirgeoirí a bheith rannpháirteach i scéimeanna tacaíochta trasteorann. Is ar bhonn thoradh an leithdháilte acmhainne de bhun dhlí an Aontais maidir leis an margadh inmheánach sa leictreachas, agus ar an mbonn sin amháin, a chinnfear aistrithe trasteorann leictreachais.
Airteagal 5 3.
I gcás ina gcinneann Ballstát tacaíocht rannpháirtíocht i scéimeanna tacaíochta a oscailt do tháirgeoirí atá lonnaithe i mBallstáit eile, beidh na Ballstáit ábhartha ar aon fhocal faoi phrionsabail na rannpháirtíochta sin. Cuimseofar, den chuid is lú, sna comhaontuithe sin na prionsabail a bhaineann le leithdháileadh a dhéanamh ar leictreachas ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ atá faoi réirl tacaíocht trasteorann.
Airteagal 5 4.
Ar iarraidh ó na Ballstáit lena mbaineann, cabhróidh an Coimisiún leis na Ballstáit ábhartha le linn phróiseas na caibidlíochta le socruithe comhair a chur ar bun trí fhaisnéis agus anailís a chur ar fáil, lena n-áirítear sonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla maidir leis na costais dhíreacha agus indíreacha agus maidir leis na sochair a ghabhann le comhar, agus le treoir theicniúil agus saineolas teicniúil a chur ar fáil, chomh maith. Féadfaidh an Coimisiún malartú dea-chleachtas a spreagadh nó a éascú agus féadfaidh sé teimpléid a fhorbairt do chomhaontuithe comhair ar mhaithe leis an bpróiseas caibidlíochta a éascú. Faoi 2025, déanfaidh an Coimisiún measúnú, i dtaca le leictreachas ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ a imscaradh san Aontas, ar chostais agus ar shocair na bhforálacha de bhun an Airteagail seo.
Airteagal 5 5.
Faoi 2023, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme an Airteagail seo. Déanfar measúnú sa mheastóireacht sin ar an ngá le hoibleagáid a thabhairt isteach do na Ballstáit go páirteach chun a scéimeanna tacaíochta a oscailt don leictreachas ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ do tháirgeoirí i mBallstáit eile d'fhonn oscailt 5 % a bheith ann faoi 2025 agus oscailt 10 % a bheith ann faoi 2030.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.