|
+Airteagal 7 1. |
Airteagal 7 1.Déanfar olltomhaltas deiridh an fhuinnimh ó fhoinsí ►C3 in-athnuaite ◄ , i gcás gach Ballstáit, a ríomh tríothu seo thíos a shuimiú:
(a)
olltomhaltas deiridh leictreachais ó fhoinsí fuinnimh ►C3 in-athnuaite ◄ ;
(b)
olltomhaltas deiridh leictreachais ó fhoinsí fuinnimh ►C3 in-athnuaite ◄ san earnáil téimh agus fuaraithe; agus
(c)
+tomhaltas deiridh leictreachais ó fhoinsí fuinnimh ►C3 in-athnuaite ◄ in earnáil an iompair. Maidir leis an gcéad fhomhír, pointe (a), (b) nó (c), ní mheasfar gás nó leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite ach aon uair amháin chun sciar an olltomhaltais deiridh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a ríomh. Déanfar fuinneamh a tháirgtear ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a áireamh san earnáil ina ndéantar é a thomhailt, eadhon earnáil an leictreachais, an téimh agus an fhuaraithe, nó an iompair. Gan dochar don tríú fomhír, féadfaidh na Ballstáit a chomhaontú, trí chomhaontú sonrach comhair, go ndéanfaidh siad iomlán na mbreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch, nó cuid díobh, a thomhlaítear i mBallstát amháin a áireamh faoi chomhair sciar an olltomhaltais deiridh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite sa Bhallstát ina dtáirgtear na breoslaí sin. Chun faireachán a dhéanamh i dtaobh an ndéantar na breoslaí in-athnuaite céanna de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a áireamh sa Bhallstát ina dtáirgtear iad agus sa Bhallstát ina dtomhlaítear iad araon agus chun an méid a áiríodh a thaifeadadh, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon chomhaontú comhair den sórt sin. Le comhaontú comhair den sórt sin, áireofar méid na mbreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch atá le háireamh ar an iomlán agus i gcás gach Ballstáit agus an dáta a thiocfaidh an comhaontú comhair chun bheith oibríochtúil. Faoi réir an dara fomhír d'Airteagal 29(1), ní chuirfear san áireamh bithbhreoslaí, bithleachtanna ná breoslaí bithmhaise nach gcomhlíonann na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|