+Airteagal 7 Sciar an fhuinnimh ó fhoinsí►C3in-athnuaite◄a ríomh
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 7 5.
---+Airteagal 7 6.

Airteagal 7 Sciar an fhuinnimh ó fhoinsí►C3in-athnuaite◄a ríomh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 7 1.

Déanfar olltomhaltas deiridh an fhuinnimh ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ , i gcás gach Ballstáit, a ríomh tríothu seo thíos a shuimiú:

(a) 

olltomhaltas deiridh leictreachais ó fhoinsí fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ ;

(b) 

olltomhaltas deiridh leictreachais ó fhoinsí fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ san earnáil téimh agus fuaraithe; agus

(c) 

+tomhaltas deiridh leictreachais ó fhoinsí fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ in earnáil an iompair.

Maidir leis an gcéad fhomhír, pointe (a), (b) nó (c), ní mheasfar gás nó leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite ach aon uair amháin chun sciar an olltomhaltais deiridh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a ríomh.

Déanfar fuinneamh a tháirgtear ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a áireamh san earnáil ina ndéantar é a thomhailt, eadhon earnáil an leictreachais, an téimh agus an fhuaraithe, nó an iompair.

Gan dochar don tríú fomhír, féadfaidh na Ballstáit a chomhaontú, trí chomhaontú sonrach comhair, go ndéanfaidh siad iomlán na mbreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch, nó cuid díobh, a thomhlaítear i mBallstát amháin a áireamh faoi chomhair sciar an olltomhaltais deiridh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite sa Bhallstát ina dtáirgtear na breoslaí sin. Chun faireachán a dhéanamh i dtaobh an ndéantar na breoslaí in-athnuaite céanna de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a áireamh sa Bhallstát ina dtáirgtear iad agus sa Bhallstát ina dtomhlaítear iad araon agus chun an méid a áiríodh a thaifeadadh, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon chomhaontú comhair den sórt sin. Le comhaontú comhair den sórt sin, áireofar méid na mbreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch atá le háireamh ar an iomlán agus i gcás gach Ballstáit agus an dáta a thiocfaidh an comhaontú comhair chun bheith oibríochtúil.

Faoi réir an dara fomhír d'Airteagal 29(1), ní chuirfear san áireamh bithbhreoslaí, bithleachtanna ná breoslaí bithmhaise nach gcomhlíonann na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10).

Airteagal 7 2.
Chun críocha mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), déanfar olltomhaltas deiridh leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite a ríomh mar an chainníocht de leictreachas a tháirgtear i mBallstát ó fhoinsí in-athnuaite, lena n-áirítear táirgeacht leictreachais ó fhéintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite agus ó chomhphobail fuinnimh in-athnuaite agus leictreachas ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus lena n-eisiatar táirgeacht leictreachais in aonaid taisce pumpála ó uisce a pumpáladh in aghaidh fána roimhe sin chomh maith le leictreachas a úsáidtear chun breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a tháirgeadh.

I gcás gléasraí ilbhreoslaithe a úsáideann foinsí ►C3  in-athnuaite ◄ agus neamh- ►C3  in-athnuaite ◄ , ní chuirfear san áireamh ach an sciar sin den leictreachas arna tháirgeadh ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ . Chun críocha an ríofa sin, déanfar rannchuidiú gach foinse fuinnimh a ríomh ar bhonn a luacha fuinnimh.

Is i gcomhréir leis na rialacha normalúcháin arna socrú in Iarscríbhinn II a dhéanfar cuntas ar leictreachas arna ghiniúint le hidreachumhacht agus le cumhacht ghaoithe.

Airteagal 7 3.
Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1, ríomhfar olltomhaltas deiridh leictreachais ó fhoinsí fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ san earnáil téimh agus fuaraithe mar chion an téimh ceantair agus an fhuaraithe ceantair arna tháirgeadh i mBallstát ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ móide méid an fhuinnimh arna thomhailt ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ i gcomhair téimh, fuaraithe agus próiseála sa tionsclaíocht, sa talmhaíocht, i dteaghlaigh, i seirbhísí, san fhoraoiseacht agus san iascach.

I gcás gléasraí ilbhreoslaithe a úsáideann foinsí ►C3  in-athnuaite ◄ agus neamh- ►C3  in-athnuaite ◄ , ní chuirfear san áireamh ach sciar an téimh agus an fhuaraithe arna tháirgeadh ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ . Chun críocha an ríofa sin, déanfar rannchuidiú gach foinse fuinnimh a ríomh ar bhonn a luacha fuinnimh.

Cuirfear san áireamh fuinneamh comhthimpeallach agus fuinneamh geotheirmeach arna úsáid ar mhaithe le téamh agus fuarú trí mheán teaschaidéal agus córas fuaraithe ceantair chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 ar choinníoll gur mó i bhfad an t-aschur deiridh fuinnimh ná an t-ionchur príomha fuinnimh is gá chun na teaschaidéil a oibriú. Ríomhfar an cion teasa nó fuachta a mheasfar gur fuinneamh ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ é chun críocha na Treorach seo de réir na modheolaíochta arna socrú in Iarscríbhinn VII agus cuirfear san áireamh ann úsáid fuinnimh i ngach earnáil chríochúsáide.

Ní chuirfear san áireamh chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 fuinneamh teirmeach arna ghiniúint ag córais fuinnimh éighníomhaigh, ar córais iad lenar féidir tomhaltas fuinnimh níos ísle a bhaint amach go héighníomhach a bhuí le dearadh foirgnimh nó a bhuí le teas arna ghiniúint ag fuinneamh ó fhoinsí neamh- ►C3  in-athnuaite ◄ .

Faoin 31 Nollaig 2021, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 35, chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí mhodheolaíocht a bhunú chun cion an fhuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ arna úsáid le haghaidh fuaraithe agus le haghaidh fuarú ceantair a ríomh agus chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn VII.

Áireofar sa mhodheolaíocht sin íosfhachtóirí feidhmíochta séasúracha do theaschaidéil a oibríonn i modh droim-ar-ais.

Airteagal 7 4.

Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:

▼M2

(a) 

Déanfar tomhaltas deiridh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in earnáil an iompair a ríomh mar shuim gach bithbhreosla, bithgháis agus breosla in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a thomhlaítear in earnáil an iompair. Áireofar leis sin breoslaí in-athnuaite a sholáthraítear do bhuncair mhuirí idirnáisiúnta.

▼B

(b) 

Agus tomhaltas deiridh fuinnimh in earnáil an iompair á ríomh, úsáidfear na luachanna a bhaineann le luach fuinnimh breoslaí iompair, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III iad. Chun an luach fuinnimh a ríomh i gcás breoslaí iompair nach gcuimsítear in Iarscríbhinn III, úsáidfidh na Ballstáit caighdeáin ábhartha na nEagraíochta Eorpach um Chaighdeánú (ESO) chun luachanna calracha breoslaí a chinneadh. I gcás nár glacadh aon chaighdeán de chuid ESO chun na críche sin, úsáidfidh Ballstáit caighdeáin ábhartha Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO).

Airteagal 7 5.
Déanfar sciar an fhuinnimh ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ a ríomh tríd an olltomhaltas deiridh fuinnimh ó gach foinse fuinnimh a roinnt ar an olltomhaltas deiridh fuinnimh ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ , agus sin a shloinneadh ina chéatadán.

Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, déanfar coigeartú ar an tsuim dá dtagraítear sa chéad fhomhír i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagail 8, 10, 12 agus 13.

Agus olltomhaltas deiridh fuinnimh Ballstáit á ríomh chun críocha a chomhréir le spriocanna agus conair tháscach na Treorach seo a mheas, measfar nach mó ná 6.18 % d'olltomhaltas deiridh fuinnimh an Bhallstáit sin méid an fhuinnimh arna thomhailt in earnáil na heitlíochta. I gcás na Cipire agus Mhálta, measfar nach mó ná 4.12 % d'olltomhaltas deiridh fuinnimh na mBallstát sin méid an fhuinnimh arna thomhailt in earnáil na heitlíochta.

Airteagal 7 6.
Is iad an mhodheolaíocht agus na sainmhínithe da bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 a úsáidfear chun sciar an fhuinnimh ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ á ríomh.

Áiritheoidh na Ballstáit comhleanúnachas na faisnéise staidreamhaí a úsáidfear chun na sciartha earnála agus foriomlána sin á ríomh, agus comhleanúnachas na faisnéise staidreamhaí a thuairisceofar don Choimisiún de bhun an Rialacháin sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.