Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh URDP in ann an t-éileamh agus an soláthar a mheaitseáil i ndáil le méideanna fuinnimh ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite
◄ a chuirtear san áireamh agus sciar fuinnimh
►C3
in-athnuaite
◄ Ballstáit á ríomh, bunaithe ar phraghsanna nó ar aon chritéir eile arna sonrú ag an mBallstát a bhfuil ag glacadh leis an aistriú.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí URDP a bhunú agus coinníollacha a leagan síos d'fhonn bailchríoch a chur ar aistrithe dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo.