Chun tacú le sprioc an Aontais arna shocrú in Airteagal 3(1) den Treoir seo a bhaint amach, le rannchuidiú gach Ballstáit maidir leis an sprioc sin i gcomhréir le hAirteagal 3(2) den Treoir seo é agus le haistrithe staidreamhacha i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo a éascú, bunóidh an Coimisiún Ardán an Aontais um Fhorbairt
►C3
in-athnuaite
◄ (“URDP”). Féadfaidh na Ballstáit sonraí maidir lena rannchuidiú leis an sprioc Aontais nó aon tagarmharc a leagtar síos chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le Rialachán (AE) 2018/1999 a thíolacadh chuig an URDP ar bhonn deonach gach bliain, lena n-áirítear aon easnamh ionchasach nó sárú a meastar a bheidh ann i ndáil lena rannchuidiú, chomh maith le léiriú ar an bpraghas ar a mbeadh siad toilteanachaon rótháirgeacht fuinnimh ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite
◄ a aistriú ó Bhallstát eile nó chuig Ballstát eile. Socrófar luach na n-aistrithe sin de réir an cháis, bunaithe ar shásra URDP lena ndéantar éileamh agus soláthar a mheaitseáil.