Tabharfar fógra don Choimisiún faoin gcion nó faoin méid leictreachais arna tháirgeadh ag aon suiteáil ar chríoch tríú tír, atá le háireamh sa sciar fuinnimh
►C3
in-athnuaite
◄ atá ag Ballstát amháin nó níos mó chun críocha na Treorach seo. Má bhíonn níos mó ná Ballstát amháin i gceist, cuirfear in iúl don Choimisiún dáileadh an chion sin nó an mhéid sin idir Ballstáit. Ní sháróidh an cion nó an méid an cion nó an méid a onnmhairíodh go hiarbhír chuig an Aontas agus a tomhlaíodh ann, beidh sé i gcomhréir leis an méid atá socraithe i bpointí (a)(i) agus (ii) de mhír 2 agus sásóidh sé na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) den mhír sin. Déanfaidh gach Ballstát ar lena sprioc náisiúnta fhoriomlán a áireofar an cion nó an méid leictreachais an fógra a thabhairt.