+Airteagal 11 Tionscadail chomhpháirteacha idir na Ballstáit agus tríú tíortha
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.
---+Airteagal 11 6.
---+Airteagal 11 7.
---+Airteagal 11 8.

Airteagal 11 Tionscadail chomhpháirteacha idir na Ballstáit agus tríú tíortha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 11 1.
Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó dul i gcomhar le tríú tír amháin nó níos mó maidir le gach cineál tionscadal comhpháirteach maidir le táirgeadh leictreachais ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ . Féadfaidh oibreoirí príobháideacha a bheith san áireamh sa chomhar sin agus déanfar é agus an dlí idirnáisiúnta á urramú go hiomlán.
Airteagal 11 2.

Ní chuirfear san áireamh leictreachas arna tháirgeadh ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ i dtríú tír chun sciartha fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ a ríomhmeas ach amháin i gcás ina sásaítear na dálaí seo a leanas:

(a) 

is san Aontas a thomhlaítear an leictreachas. Measfar gur comhlíonadh an méid sin sna cásanna seo a leanas:

(i) 

rinne gach oibreoir córais tarchurtha freagrach sa tír thionscnaimh, sa tír chinn scríbe, agus, más ábhartha, i ngach tríú tír iompair, méid leictreachais, arb ionann é agus an méid leictreachais a áiríodh, a ainmniú go daingean chuig an acmhainn idirnaisc leithdháilte;

(ii) 

rinne an t-oibreoir córais tarchurtha freagrach atá ar thaobh an Aontais d'idirnascaire méid leictreachais, arb ionann é agus an méid leictreachais a áiríodh, a chlárú go daingean sa sceideal cothromúcháin; agus

(iii) 

is leis an tréimhse ama chéanna a bhaineann an acmhainn ainmnithe agus an táirgeadh leictreachais ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ a rinneadh sa tsuiteáil dá dtagraítear i bpointe (b);

(b) 

táirgtear an leictreachas i suiteáil a cuireadh i mbun feidhme tar éis 25 Meitheamh 2009 nó táirgtear é de bharr acmhainn mhéadaithe suiteála a athfheistíodh tar éis an dáta sin, faoi chuimsiú tionscadal comhpháirteach dá dtagraítear i mír 1;

(c) 

cé is moite den chúnamh infheistíochta a tugadh don tsuiteáil, níl an leictreachas a táirgeadh agus a onnmhairíodh tar éis aon tacaíocht a fháil ó scéim tacaíochta tríú tír; agus

(d) 

táirgeadh an leictreachas i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, i dtríú tír ar sínitheoir í leis an Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint nó le coinbhinsiúin idirnáisiúnta eile nó le conarthaí maidir le cearta an duine.

Airteagal 11 3.

Chun críocha mhír 4, féadfaidh na Ballstáit iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin go gcuirfí san áireamh an leictreachas ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ arna tháirgeadh agus arna thomhailt i dtríú tír, i gcomhthéacs idirnascaire a bheith á thógáil, agus aga tionscanta an-fhada ag dul leis an togra sin, ag Ballstát agus ag tríú tír, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

tús a bheith curtha le tógáil an idirnascaire faoi 31 Nollaig 2026;

(b) 

ní féidir an t-idirnascaire a chur i mbun feidhme faoi 31 Nollaig 2030;

(c) 

is féidir an t-idirnascaire a chur i mbun feidhme faoi 31 Nollaig 2032;

(d) 

ach a gcuirfear i mbun feidhme é, úsáidfear an t-idirnascaire, i gcomhréir le mír 2, chun leictreachas ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ fuinnimh a onnmhairiú chuig an Aontas;

(e) 

baineann an t-iarratas le tionscadal comhpháirteach a shásaíonn na critéir arna socrú i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 2 agus is tionscadal comhpháirteach é a úsáidfidh an t-idirnascaire tar éis dó dul i mbun feidhme agus a bhaineann le méid leictreachais nach mó ná an méid a onnmhaireofar chuig an Aontas tar éis don idirnascaire dul i mbun feidhme.

Airteagal 11 4.
Tabharfar fógra don Choimisiún faoin gcion nó faoin méid leictreachais arna tháirgeadh ag aon suiteáil ar chríoch tríú tír, atá le háireamh sa sciar fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ atá ag Ballstát amháin nó níos mó chun críocha na Treorach seo. Má bhíonn níos mó ná Ballstát amháin i gceist, cuirfear in iúl don Choimisiún dáileadh an chion sin nó an mhéid sin idir Ballstáit. Ní sháróidh an cion nó an méid an cion nó an méid a onnmhairíodh go hiarbhír chuig an Aontas agus a tomhlaíodh ann, beidh sé i gcomhréir leis an méid atá socraithe i bpointí (a)(i) agus (ii) de mhír 2 agus sásóidh sé na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) den mhír sin. Déanfaidh gach Ballstát ar lena sprioc náisiúnta fhoriomlán a áireofar an cion nó an méid leictreachais an fógra a thabhairt.
Airteagal 11 5.

Déanfar an méid seo a leanas san fhógra dá tagraítear i mír 4:

(a) 

cuirfear síos ann ar an tsuiteáil atá á beartú nó sainaithneofar an tsuiteáil a ndearnadh í a athfheistiú;

(b) 

sonrófar ann an cion nó an méid leictreachais arna tháirgeadh ag an tsuiteáil atá le háireamh sa sciar fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ atá ag Ballstát, agus sonrófar ann chomh maith, faoi réir ceanglas rúndachta, na socruithe comhfhreagracha airgeadais;

(c) 

sonrófar ann an tréimhse, mar bhlianta iomlána féilire, a bhfuil an leictreachas le háireamh i sciar fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ an Bhallstáit; agus

(d) 

beidh ann aitheantas scríofa ar phointe (b) agus ar phointe (c) ón tríú tír ar ar a críoch atá an tsuiteáil le cur i mbun feidhme agus léireofar ann an cion nó an méid leictreachais arna tháirgeadh ag an tsuiteáil a úsáidfidh an tríú tír sin go hintíreach.

Airteagal 11 6.
Féadfar tréimhse an tionscadail chomhpháirtigh dá dtagraítear san Airteagal seo a fhadú go tráth is déanaí ná 2030.
Airteagal 11 7.
Aon fhógra a thabharfar de bhun an Airteagail seo, ní ceadmhach é a athrú ná a tharraingt siar gan comhaontú idir Bhallstát déanta an fhógra agus an tríú tír a thug aitheantas don tionscadal comhpháirteach i gcomhréir le pointe (d) de mhír 5.
Airteagal 11 8.
Spreagfaidh na Ballstáit agus an tAontas comhlachtaí ábhartha an Chomhphobail Fuinnimh chun bearta a ghlacadh, i gcomhréir leis an gConradh um Chomhphobal Fuinnimh, ar bearta iad a bheidh riachtanach chun gur ceadmhach do na Páirtithe Conarthacha na forálacha maidir leis an gcomhar idir na Ballstáit a leagtar síos sa Treoir seo a chur i bhfeidhm.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.