+Airteagal 15 8.
|
Airteagal 15 8.
Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar na bacainní rialála agus riaracháin maidir le comhaontuithe ceannacháin fuinnimh in-athnuaite fadtéarmacha, agus bainfidh siad bacainní nach bhfuil údar leo maidir le comhaontuithe den sórt sin, agus cuirfidh siad glacadh comhaontuithe den sórt sin chun cinn, lena n-áirítear trí iniúchadh a dhéanamh ar conas na rioscaí airgeadais a bhaineann leo a laghdú, go háirithe trí ráthaíochtaí creidmheasa a úsáid. Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na comhaontuithe sin faoi réir nósanna imeachta díréireacha nó idirdhealaitheacha ná muirir dhíréireacha nó idirdhealaitheacha, agus gur féidir aon ráthaíochtaí tionscnaimh lena mbaineann a aistriú chuig ceannaitheoir an fhuinnimh in-athnuaite faoin gcomhaontú ceannacháin fuinnimh in-athnuaite. Déanfaidh na Ballstáit cur síos ar a mbeartais agus bearta lena gcuirtear glacadh comhaontuithe ceannacháin fuinnimh in-athnuaite chun cinn ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus ina dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 den Rialachán sin. Soláthróidh siad léiriú sna tuarascálacha sin ar dhul chun cinn freisin maidir le giniúint fuinnimh in-athnuaite a fhaigheann tacaíocht ó chomhaontuithe ceannacháin fuinnimh in-athnuaite. Tar éis an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an Coimisiún anailís ar na bacainní ar chomhaontuithe ceannacháin fuinnimh in-athnuaite fadtéarmacha agus go háirithe ar chomhaontuithe ceannacháin fuinnimh in-athnuaite trasteorann a imscaradh agus eiseoidh sé treoir maidir le deireadh a chur leis na bacainní sin.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|