+Airteagal 15 Nósanna imeachta riaracháin, rialacháin agus cóid
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 2a.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 8.
---+Airteagal 15 9.

Airteagal 15 Nósanna imeachta riaracháin, rialacháin agus cóid

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 15 1.
Aon rialacha náisiúnta a bhaineann le nósanna imeachta údarúcháin, deimhniúcháin agus ceadúnúcháin a chuirtear i bhfeidhm ar ghléasraí agus ar ghréasáin ghaolmhara tarchurtha agus dáileacháin lena dtáirgtear leictreachas, téamh nó fuarú ó fhoinsí in-athnuaite, agus a chuirtear i bhfeidhm ar an bpróiseas a bhaineann le bithmhais a chlaochlú go bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise nó táirgí eile fuinnimh, agus a chuirtear i bhfeidhm ar bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh siad comhréireach agus riachtanach agus go rannchuideofar leo le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme.

Glacfaidh na Ballstáit, go háirithe, pé bearta is gá chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a) 

go mbeidh nósanna imeachta riaracháin cuíchóirithe agus go gcuirfear dlús leo ar an leibhéal riaracháin iomchuí agus go mbunófar amchláir intuartha do na nósanna imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír;

(b) 

go mbeidh na rialacha sin a bhaineann le údarú, deimhniú agus ceadúnú a rialú, go mbeidh siad oibiachtúil, trédhearcach agus comhréireach, agus nach ndéanfar aon idirdhealú iontu idir na hiarratasóirí, agus go dtabharfar san áireamh go hiomlán iontu sainghnéithe theicneolaíochtaí éagsúla an fhuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ ;

(c) 

go mbeidh na muirir riaracháin a ghearrfar ar thomhaltóirí, pleanálaithe, ailtirí, tógálaithe, agus ar lucht suiteála agus soláthar trealaimh agus córais, go mbeidh siad trédhearcach agus i gcomhréir leis an gcostas a bhaineann leo; agus

(d) 

go mbunófar nósanna imeachta údarúcháin simplithe a mbeidh ualach níos lú ag baint leo, lena n-áirítear nós imeachta fógra simplí a thabhairt i dtaca le feistí díláraithe, agus lena dtáirgtear agus lena stóráiltear fuinneamh ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ .

Airteagal 15 2.
Aon sonraíochtaí teicniúla atá le comhlíonadh ag trealamh agus córais fuinnimh in-athnuaite chun leas a bhaint as scéimeanna tacaíochta agus chun bheith incháilithe faoi sholáthar poiblí, déanfaidh na Ballstáit iad a shainiú go soiléir. I gcás inarb ann do chaighdeáin chomhchuibhithe nó caighdeáin Eorpacha, lena n-áirítear córais tagartha teicniúla arna mbunú ag na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, déanfar sonraíochtaí teicniúla den sórt sin a shloinneadh de réir na gcaighdeán sin. Tabharfar tosaíocht do chaighdeáin chomhchuibhithe, ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chun tacú le dlí an Aontais, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 ) agus Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ). Murab ann dóibh, úsáidfear caighdeáin chomhchuibhithe agus caighdeáin Eorpacha eile, san ord sin. Le caighdeáin theicniúla den sórt sin, ní fhorordófar an áit a gcaithfear an trealamh agus na córais sin a dheimhniú, ná ní dhéanfar le caighdeáin den sórt sin bac a chur ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.
Airteagal 15 2a.
Tástáil ar theicneolaíocht nuálach fuinnimh in-athnuaite chun fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh, a chomhroinnt agus a stóráil, cuirfidh na Ballstáit an tástáil sin chun cinn trí thionscadail phíolótacha i bhfíorthimpeallacht, ar feadh tréimhse theoranta, i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme, agus coimircí iomchuí ag gabháil léi chun oibriú slán an chórais fuinnimh a áirithiú agus chun tionchar díréireach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint, agus déanfar an méid sin faoi mhaoirseacht údaráis inniúil.
Airteagal 15 3.
Agus pleanáil, lena n-áirítear luathphleanáil spásúil, dearadh, tógáil agus athfheistiú á ndéanamh acu maidir le bonneagar uirbeach, limistéir thionsclaíocha, thráchtála nó chónaithe agus maidir le bonneagar fuinnimh agus iompair, lena n-áirítear leictreachas, téamh agus fuarú ceantair, gás nádúrtha agus gréasáin breoslaí malartacha, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a n-údaráis inniúla ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, forálacha do chomhtháthú agus imscaradh an fhuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear d’fhéintomhaltas fuinnimh in-athnuaite agus do chomhphobail fuinnimh in-athnuaite, agus d’úsáid dhosheachanta dramhtheasa agus dramhfhuachta. Go háirithe, spreagfaidh na Ballstáit comhlachtaí riaracháin áitiúla agus réigiúnacha téamh agus fuarú ó fhoinsí in-athnuaite a áireamh i bpleanáil bonneagair cathrach i gcás inarb iomchuí, agus chun dul i gcomhairle leis na hoibreoirí gréasáin chun tionchar na gclár éifeachtúlachta fuinnimh agus freagartha ar éileamh a léiriú mar aon le forálacha sonracha maidir le ►C3  féintomhaltas fuinnimh in-athnuaite ◄ agus comhphobail fuinnimh in-athnuaite, i ndáil le pleananna forbartha bonneagair na n-oibreoirí gréasáin.
Airteagal 15 8.
Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar na bacainní rialála agus riaracháin maidir le comhaontuithe ceannacháin fuinnimh in-athnuaite fadtéarmacha, agus bainfidh siad bacainní nach bhfuil údar leo maidir le comhaontuithe den sórt sin, agus cuirfidh siad glacadh comhaontuithe den sórt sin chun cinn, lena n-áirítear trí iniúchadh a dhéanamh ar conas na rioscaí airgeadais a bhaineann leo a laghdú, go háirithe trí ráthaíochtaí creidmheasa a úsáid. Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na comhaontuithe sin faoi réir nósanna imeachta díréireacha nó idirdhealaitheacha ná muirir dhíréireacha nó idirdhealaitheacha, agus gur féidir aon ráthaíochtaí tionscnaimh lena mbaineann a aistriú chuig ceannaitheoir an fhuinnimh in-athnuaite faoin gcomhaontú ceannacháin fuinnimh in-athnuaite.

Déanfaidh na Ballstáit cur síos ar a mbeartais agus bearta lena gcuirtear glacadh comhaontuithe ceannacháin fuinnimh in-athnuaite chun cinn ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus ina dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 den Rialachán sin. Soláthróidh siad léiriú sna tuarascálacha sin ar dhul chun cinn freisin maidir le giniúint fuinnimh in-athnuaite a fhaigheann tacaíocht ó chomhaontuithe ceannacháin fuinnimh in-athnuaite.

Tar éis an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an Coimisiún anailís ar na bacainní ar chomhaontuithe ceannacháin fuinnimh in-athnuaite fadtéarmacha agus go háirithe ar chomhaontuithe ceannacháin fuinnimh in-athnuaite trasteorann a imscaradh agus eiseoidh sé treoir maidir le deireadh a chur leis na bacainní sin.

Airteagal 15 9.
Faoin 21 Samhain 2025, measfaidh an Coimisiún an bhfuil gá le bearta breise chun tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit i gcur chun feidhme na nósanna imeachta um dheonú ceadanna dá bhforáiltear sa Treoir seo, lena n-áirítear trí bhíthin príomhtháscairí feidhmíochta táscacha a fhorbairt.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.