+Airteagal 15b Mapáil ar na limistéir is gá maidir le rannchuidithe náisiúnta i dtreo sprioc fhoriomlán an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite do 2030
---+Airteagal 15b 1.
---+Airteagal 15b 2.
---+Airteagal 15b 3.
---+Airteagal 15b 4.
|
Airteagal 15b Mapáil ar na limistéir is gá maidir le rannchuidithe náisiúnta i dtreo sprioc fhoriomlán an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite do 2030
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15b 1.
|
Faoin 21 Bealtaine 2025, déanfaidh na Ballstáit mapáil chomhordaithe chun fuinneamh in-athnuaite a imscaradh ar a gcríoch chun sainaithint a dhéanamh ar an acmhainneacht intíre agus na limistéir dromchla talún, fodhromchla, farraige nó uisce intíre atá ar fáil is gá chun gléasraí fuinnimh in-athnuaite agus an bonneagar a bhaineann leo a shuiteáil, amhail saoráidí eangaí agus saoráidí stórála, lena n-áirítear stóráil theirmeach, a theastaíonn chun a rannchuidithe náisiúnta i dtreo sprioc fhoriomlán an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite do 2030 a leagtar síos in Airteagal 3(1) den Treoir seo a chomhlíonadh ar a laghad. Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit na doiciméid pleanála spásúla nó na pleananna pleanála spásúla atá acu cheana a úsáid nó féadfaidh siad cur leo, lena n-áirítear pleananna spásúla muirí a cuireadh ar bun de bhun Threoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
16
). Áiritheoidh na Ballstáit comhordú i measc na n-údarás agus na n-eintiteas ábhartha náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, lena n-áirítear oibreoirí gréasáin, maidir le mapáil na limistéar is gá, i gcás inarb iomchuí. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil limistéir den sórt sin, lena n-áirítear na gléasraí fuinnimh in-athnuaite atá ann cheana agus na sásraí comhair atá ann cheana, comhchuimseach leis na conairí measta agus an toilleadh iomlán suiteáilte atá beartaithe ag teicneolaíocht fuinnimh in-athnuaite a leagtar amach ina bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999.
|
|
Airteagal 15b 2.
|
Chun na limistéir dá dtagraítear i mír 1 a shainaithint, cuirfidh na Ballstáit an méid a leanas go háirithe san áireamh:
(a)
infhaighteacht an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus an acmhainneacht atá ag na cineálacha éagsúla teicneolaíochta sna limistéir dromchla talún, fodhromchla, farraige nó uisce intíre fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh;
(b)
an t-éileamh réamh-mheasta ar fhuinneamh, agus solúbthacht fhéideartha na freagartha gníomhaí ar an éileamh, na gnóthachain éifeachtúlachta a bhfuiltear ag súil leo agus comhtháthú an chórais fuinnimh á gcur san áireamh;
(c)
infhaighteacht an bhonneagair fuinnimh ábhartha, lena n-áirítear eangacha, stóráil agus uirlisí solúbthachta eile nó an acmhainneacht maidir le bonneagar eangaí agus stóráil den sórt sin a chruthú nó a uasghrádú;
|
|
Airteagal 15b 3.
|
Tabharfaidh na Ballstáit tús áite d’ilúsáidí na limistéar dá dtagraítear i mír 1. Beidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite comhoiriúnach leis na húsáidí arna mbaint as na limistéir sin cheana féin.
|
|
Airteagal 15b 4.
|
Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú go tráthrialta agus, i gcás inar gá, nuashonrú go tráthrialta ar na limistéir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go háirithe i gcomhthéacs na nuashonruithe ar a bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|