+Airteagal 15c Limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite
---+Airteagal 15c 1.
---+Airteagal 15c 2.
---+Airteagal 15c 3.
---+Airteagal 15c 4.
---+Airteagal 15c 5.
|
Airteagal 15c Limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15c 1.
|
Faoin 21 Feabhra 2026, áiritheoidh na Ballstáit go nglacfaidh na húdaráis inniúla plean amháin nó níos mó lena n-ainmnítear, mar fhothacar de na limistéir dá dtagraítear in Airteagal 15b(1), limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite le haghaidh cineál foinsí fuinnimh in-athnuaite amháin nó níos mó. Féadfaidh na Ballstáit gléasraí dócháin bithmhaise agus gléasraí hidreachumhachta a eisiamh. Sna pleananna sin, déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:
(a)
limistéir talún, uisce intíre agus farraige atá sách aonfhoirmeach a ainmniú, ar limistéir iad a meastar nach mbeidh tionchar mór ag imscaradh cineáil shonraigh nó cineálacha sonracha foinsí fuinnimh in-athnuaite ar an gcomhshaol iontu, i bhfianaise shainiúlachtaí an limistéir a roghnaítear, agus an méid seo a leanas á dhéanamh san am céanna:
(i)
tosaíocht a thabhairt do dhromchlaí saorga agus tógtha, amhail díonta agus aghaidheanna foirgneamh, bonneagar iompair agus a bhfuil go díreach thart orthu, limistéir pháirceála, feirmeacha, láithreáin dramhaíola, láithreáin tionscail, mianaigh, dobharlaigh shaorga intíre, lochanna saorga nó taiscumair shaorga agus, i gcás inarb iomchuí, láithreáin cóireála fuíolluisce uirbigh, mar aon le talamh díghrádaithe nach bhfuil inúsáidte don talmhaíocht;
(ii)
eisiamh a dhéanamh ar láithreáin Natura 2000 agus limistéir arna n-ainmniú faoi scéimeanna náisiúnta cosanta le haghaidh chaomhnú an dúlra agus na bithéagsúlachta, príomhbhealaigh imirce éan agus mamach farraige chomh maith le limistéir eile a shainaithnítear ar bhonn mapaí íogaireachta agus na n-uirlisí dá dtagraítear i bpointe (iii), seachas le haghaidh dromchlaí saorga agus tógtha atá lonnaithe sna limistéir sin amhail díonta, limistéir pháirceála nó bonneagar iompair;
(iii)
na huirlisí agus na tacair sonraí iomchuí comhréireacha uile a úsáid chun na limistéir a shainaithint nach mbeadh tionchar suntasach ag na gléasraí fuinnimh in-athnuaite ar an gcomhshaol iontu, lena n-áirítear mapáil íogaireachta fiadhúlra, agus aird á tabhairt ar na sonraí atá ar fáil i gcomhthéacs líonra comhsheasmhach Natura 2000 a fhorbairt, a mhéid a bhaineann leis na cineálacha gnáthóg agus na speicis faoi Threoir 92/43/CEE ón gComhairle (
17
), chomh maith leis na héin agus na láithreáin atá faoi chosaint faoi Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
18
);
(b)
rialacha iomchuí a bhunú le haghaidh na limistéar luathaithe fuinnimh in-athnuaite maidir leis na bearta éifeachtacha maolaithe atá le glacadh i dtaca le gléasraí fuinnimh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh chomhshuite a shuiteáil, mar aon leis na sócmhainní is gá chun gléasraí agus stóráil den sórt sin a nascadh leis an eangach, chun an drochthionchar ar an gcomhshaol a d’fhéadfadh teacht chun cinn a sheachaint nó, mura féidir é sin a dhéanamh, chun é a laghdú go suntasach, i gcás inarb iomchuí trína áirithiú go gcuirtear bearta maolaithe iomchuí i bhfeidhm ar bhealach comhréireach agus go tráthúil chun a áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 6(2) agus Airteagal 12(1) de Threoir 92/43/CEE, Airteagal 5 de Threoir 2009/147/CEE agus Airteagal 4(1), pointe (a)(i), de Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
19
) agus chun meathlú a sheachaint agus stádas maith éiceolaíoch nó acmhainneacht mhaith éiceolaíoch a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (a), de Threoir 2000/60/CE.
Díreofar na rialacha dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír ar shainiúlachtaí gach limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite shainaitheanta, ar an gcineál nó na cineálacha teicneolaíochta fuinnimh in-athnuaite atá le himscaradh i ngach limistéar agus ar an tionchar sainaitheanta ar an gcomhshaol. Mar thoradh ar chomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo agus cur chun feidhme na mbeart maolaithe iomchuí ag na tionscadail aonair, toimhdeofar nach sáraíonn tionscadail na forálacha sin gan dochar d’Airteagal 16a(4) agus (5) den Treoir seo. I gcás nach ndearnadh tástáil fhorleathan ar bhearta maolaithe nua chun cosc a chur, a mhéid is féidir, ar mharú nó corraí speiceas atá faoi chosaint faoi Threoracha 92/43/CEE agus 2009/147/CE, nó ar aon tionchar eile ar an gcomhshaol, a mhéid a bhaineann le héifeachtacht na mbeart nua sin, féadfaidh na Ballstáit a cheadú go n-úsáidfear iad i dtionscadal píolótach amháin nó i roinnt tionscadal píolótach ar feadh tréimhse theoranta ama, ar choinníoll go ndéantar faireachán géar ar éifeachtacht beart den sórt sin agus go nglactar céimeanna iomchuí láithreach má léirítear nach bhfuil siad éifeachtach. Sna pleananna lena n-ainmnítear limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite dá dtagraítear sa chéad fhomhír, míneoidh na húdaráis inniúla an measúnú a rinneadh chun gach limistéar luathaithe fuinnimh in-athnuaite ainmnithe a shainaithint ar bhonn na gcritéar a leagtar amach i bpointe (a) den chéad fhomhír agus chun bearta maolaithe iomchuí a shainaithint.
|
|
Airteagal 15c 2.
|
Sula nglactar iad, beidh na pleananna lena n-ainmnítear limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite faoi réir measúnú comhshaoil de bhun Threoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
20
), agus, más dócha go mbeidh tionchar suntasach acu ar láithreáin Natura 2000, beidh na pleananna faoi réir an mheasúnaithe iomchuí de bhun Airteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE.
|
|
Airteagal 15c 3.
|
Cinnfidh na Ballstáit méid na limistéar luathaithe fuinnimh in-athnuaite, i bhfianaise shainiúlachtaí agus riachtanais an chineáil nó na gcineálacha teicneolaíochta ar cuireadh na limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite ar bun ina leith. Agus rogha á coinneáil acu cinneadh a dhéanamh maidir le méid na limistéar sin, beidh sé d’aidhm ag na Ballstáit a áirithiú go bhfuil méid comhiomlán na limistéar sin suntasach agus go rannchuidíonn siad leis na cuspóirí a leagtar amach sa Treoir seo a bhaint amach. Cuirfear na pleananna lena n-ainmnítear limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, den Airteagal seo ar fáil go poiblí agus déanfar athbhreithniú orthu go tréimhsiúil, de réir mar is iomchuí, go háirithe i gcomhthéacs nuashonrú na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999.
|
|
Airteagal 15c 4.
|
Faoin 21 Bealtaine 2024, maidir le limistéir shonracha a ainmníodh cheana féin mar limistéir atá oiriúnach le haghaidh imscaradh luathaithe cineáil teicneolaíochta fuinnimh in-athnuaite amháin nó níos mó, féadfaidh na Ballstáit limistéir shonracha den sórt sin a dhearbhú mar limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
tá limistéir den sórt sin lasmuigh de láithreáin Natura 2000, limistéir arna n-ainmniú faoi scéimeanna cosanta náisiúnta le haghaidh chaomhnú an dúlra agus na bithéagsúlachta agus bealaí imirce éan sainaitheanta;
(b)
bhí na pleananna lena sainaithnítear limistéir den sórt sin faoi réir measúnú straitéiseach comhshaoil de bhun Threoir 2001/42/CE agus, i gcás inarb iomchuí, faoi réir measúnú de bhun Airteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE; agus
(c)
cuireann na tionscadail atá lonnaithe i limistéir den sórt sin rialacha agus bearta iomchuí agus comhréireacha chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar an drochthionchar ar an gcomhshaol a d’fhéadfadh teacht chun cinn.
|
|
Airteagal 15c 5.
|
Cuirfidh na húdaráis inniúla an nós imeachta um dheonú ceadanna agus na sprioc-amanna dá dtagraítear in Airteagal 16a i bhfeidhm maidir le tionscadail aonair i limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|