+Airteagal 16d An nós imeachta um dheonú ceadanna maidir le trealamh grianfhuinnimh a shuiteáil
---+Airteagal 16d 1.
---+Airteagal 16d 2.
|
Airteagal 16d An nós imeachta um dheonú ceadanna maidir le trealamh grianfhuinnimh a shuiteáil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 16d 1.
|
An nós imeachta um dheonú ceadanna dá dtagraítear in Airteagal 16(1) maidir le trealamh grianfhuinnimh agus stóráil fuinnimh chomhshuite, lena n-áirítear suiteálacha gréine atá comhtháite san fhoirgneamh, a shuiteáil i struchtúir shaorga atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo, cé is moite de dhromchlaí uisce saorga, áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh an nós imeachta sin thar 3 mhí, ar choinníoll nach é príomhaidhm struchtúr saorga den sórt sin grianfhuinneamh a tháirgeadh ná fuinneamh a stóráil. De mhaolú ar Airteagal 4(2) de Threoir 2011/92/AE agus ar Iarscríbhinn II, pointí 3(a) agus (b), ina n-aonar nó i gcomhar le pointe 13(a), a ghabhann léi, beidh suiteáil trealaimh gréine den sórt sin díolmhaithe ón gceanglas, más infheidhme, measúnú tiomnaithe ar an tionchar ar an gcomhshaol a dhéanamh de bhun Airteagal 2(1) den Treoir sin. Féadfaidh na Ballstáit limistéir nó struchtúir áirithe a eisiamh ó chur i bhfeidhm na chéad fhomhíre chun an oidhreacht chultúrtha nó stairiúil a chosaint, chun críoch leasanna cosanta náisiúnta, nó ar chúiseanna sábháilteachta.
|
|
Airteagal 16d 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh an nós imeachta um dheonú ceadanna maidir le trealamh grianfhuinnimh ag a bhfuil toilleadh 100 kW nó níos lú a shuiteáil, lena n-áirítear i gcás féintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite agus comhphobail fuinnimh in-athnuaite, thar aon mhí amháin. Mar gheall ar an easpa freagra ó na heintitis ábhartha laistigh den sprioc-am a leagtar síos tar éis iarratas comhlánaithe a thíolacadh, measfar an cead a bheith deonaithe, ar choinníoll nach sáraíonn toilleadh an trealaimh grianfhuinnimh toilleadh an naisc leis an eangach dáileacháin atá ann cheana. I gcás ina bhfuil ualach suntasach riaracháin nó srianta ar oibriú na heangaí leictreachais ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm na tairsí toillte dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit tairseach toillte níos ísle a chur i bhfeidhm ar choinníoll go bhfanfaidh sí os cionn 10,8 kW.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|