+Airteagal 18 Faisnéis agus oiliúint
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 18 3.
---+Airteagal 18 4.
---+Airteagal 18 5.
---+Airteagal 18 6.
|
Airteagal 18 Faisnéis agus oiliúint
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 18 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ar fáil faisnéis maidir le bearta tacaíochta do gach gníomhaí ábhartha, amhail tomhaltóirí, lena n-áirítear tomhaltóirí íseal-ioncaim, féin-tomhaltóirí fuinnimh
►C3
in-athnuaite ◄ , comhphobail fuinnimh
►C3
in-athnuaite ◄ , tógálaithe, suiteálaithe, ailtirí, soláthróirí trealaimh agus córas téimh, fuaraithe agus leictreachais agus soláthróirí feithiclí atá comhoiriúnach le húsáid an fhuinnimh
►C3
in-athnuaite ◄ agus le húsáid córas cliste iompair.
|
|
Airteagal 18 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh soláthróir an trealaimh nó an chórais nó na húdaráis inniúla, faisnéis ar fáil maidir le glansochair, costas agus éifeachtúlacht fuinnimh an trealaimh agus na gcóras téimh, fuaraithe agus leictreachais ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ .
|
|
Airteagal 18 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a scéimeanna deimhniúcháin nó a scéimeanna cáiliúcháin coibhéiseacha ar fáil do shuiteálaithe agus dearthóirí gach cineáil córais téimh agus fuaraithe in-athnuaite i bhfoirgnimh, sa tionsclaíocht agus sa talmhaíocht, do shuiteálaithe córas fótavoltach gréine, lena n-áirítear stóráil fuinnimh, agus do shuiteálaithe pointí athluchtaithe lena gcumasaítear freagairt don éileamh. Féadfar scéimeanna agus struchtúir atá ann cheana a chur san áireamh sna scéimeanna sin de réir mar is iomchuí agus beidh siad bunaithe ar na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn IV. Aithneoidh gach Ballstát an deimhniú arna dheonú ag Ballstáit eile i gcomhréir leis na critéir sin. Déanfaidh na Ballstáit creat a chur ar bun chun líon leordhóthanach suiteálaithe oilte agus cáilithe den teicneolaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír a áirithiú chun freastal ar fhás an fhuinnimh in-athnuaite is gá chun na spriocanna a leagtar amach sa Treoir seo a bhaint amach. Chun líon leordhóthanach suiteálaithe agus dearthóirí a bhaint amach, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear cláir oiliúna leordhóthanacha ar fáil a mbeidh deimhniú nó cáiliú lena gcuimsítear teicneolaíocht téimh agus fuaraithe in-athnuaite, córais fhótavoltacha gréine, lena n-áirítear stóráil fuinnimh, agus pointí athluchtaithe lena gcumasaítear freagairt don éileamh agus na réitigh nuálacha is déanaí dóibh, mar thoradh orthu ar choinníoll go bhfuil siad comhoiriúnach lena scéimeanna deimhniúcháin nó lena scéimeanna cáiliúcháin coibhéiseacha. Cuirfidh na Ballstáit bearta i bhfeidhm chun rannpháirtíocht i gcláir oiliúna den sórt sin a chur chun cinn, go háirithe ag fiontair bheaga agus mheánmhéide agus ag daoine féinfhostaithe. Féadfaidh na Ballstáit comhaontuithe deonacha a chur i bhfeidhm leis na soláthraithe teicneolaíochta ábhartha agus na díoltóirí teicneolaíochta ábhartha chun oiliúint a chur ar líon leordhóthanach suiteálaithe, a fhéadfar a bheith bunaithe ar mheastacháin díolacháin, sna réitigh nuálach is déanaí atá ar fáil ar an margadh agus sa teicneolaíocht nuálach is déanaí atá ar fáil ar an margadh. Má shainaithníonn na Ballstáit bearna shubstaintiúil idir líon na suiteálaithe oilte agus cáilithe atá ar fáil agus líon na suiteálacha oilte agus cáilithe atá riachtanach, glacfaidh siad bearta chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna sin.
|
|
Airteagal 18 4.
|
Cuirfidh na Ballstáit faisnéis faoi na scéimeanna deimhniúcháin nó na scéimeanna cáiliúcháin coibhéiseacha dá dtagraítear i mír 3 ar fáil don phobal. Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don phobal freisin, ar bhealach trédhearcach a bhfuil rochtain éasca air, liosta a thugtar cothrom le dáta go tráthrialta de shuiteálaithe atá deimhnithe nó cáilithe i gcomhréir le mír 3.
|
|
Airteagal 18 5.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear treoir ar fáil do gach gníomhaí ábhartha, go háirithe do phleanálaithe agus d'ailtirí chun go mbeidh siad in ann a marana a dhéanamh mar is ceart ar an teaglaim is fearr agus is feiliúnaí d'fhuinneamh ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ , de theicneolaíochtaí ardéifeachtúlachta agus den téamh agus den fhuarú ceantair, tráth a mbeidh pleanáil, dearadh, tógáil nó athfheistiú á dhéanamh acu ar limistéir thionsclaíocha, thráchtála nó chónaithe.
|
|
Airteagal 18 6.
|
Déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, i rannpháirt leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, cláir a fhorbairt chun faisnéis oiriúnach, ardú feasachta, treoraíocht nó oiliúint a chur ar fáil d'fhonn na saoránaigh a chur ar an eolas faoin mbealach lena gcearta a fheidhmiú mar chustaiméirí gníomhacha, agus faoi na sochair agus na praiticiúlachtaí, lena n-áirítear na gnéithe teicniúla agus airgeadais, a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ a fhorbairt agus a úsáid, féintomhaltas fuinnimh
►C3
in-athnuaite ◄ san áireamh, nó faoi chuimsiú na gcomhphobal fuinnimh
►C3
in-athnuaite ◄ .
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|