I gcás inarb ábhartha, cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na hoibreoirí córas tarchurtha agus ar na hoibreoirí córas dáileacháin atá ar a gcríoch rialacha teicniúla a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2009/73/CE, go háirithe i dtaca le rialacha maidir le nascadh leis an ngréasán a bhfuil ar áireamh iontu ceanglais maidir le cáilíocht gáis, boltanasú gáis, agus brú gáis. Ceanglóidh na Ballstáit freisin ar na hoibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin na taraifí nasctha, lena nasctar gás ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite
◄ arna mbunú ar chritéir thrédhearcacha neamh-idirdhealaitheacha, a fhoilsiú.