+Airteagal 20 Rochtain ar na heangacha agus oibriú na n-eangach sin
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
|
Airteagal 20 Rochtain ar na heangacha agus oibriú na n-eangach sin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 20 1.
|
I gcás inarb ábhartha, déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an ngá le bonneagar an ghréasáin gáis atá ann cheana a leathnú ar mhaithe le comhtháthú an gháis ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ a éascú.
|
|
Airteagal 20 2.
|
I gcás inarb ábhartha, cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na hoibreoirí córas tarchurtha agus ar na hoibreoirí córas dáileacháin atá ar a gcríoch rialacha teicniúla a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2009/73/CE, go háirithe i dtaca le rialacha maidir le nascadh leis an ngréasán a bhfuil ar áireamh iontu ceanglais maidir le cáilíocht gáis, boltanasú gáis, agus brú gáis. Ceanglóidh na Ballstáit freisin ar na hoibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin na taraifí nasctha, lena nasctar gás ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ arna mbunú ar chritéir thrédhearcacha neamh-idirdhealaitheacha, a fhoilsiú.
|
|
Airteagal 20 3.
|
Faoi réir an mheasúnaithe a áirítear ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin maidir leis an ngá atá le bonneagar nua a thógáil do théamh agus fuarú ceantair ó fhoinsí in-athnuaite chun sprioc fhoriomlán an Aontais a leagtar síos in Airteagal 3(1) den Treoir seo a bhaint amach, déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, na bearta is gá d’fhonn bonneagar téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil a fhorbairt chun téamh agus fuarú ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, amhail grianfhuinneamh teirmeach, grianfhuinneamh fótavoltach, teaschaidéil faoi thiomáint leictreachais in-athnuaite ina n-úsáidtear fuinneamh comhthimpeallach agus fuinneamh geoiteirmeach, teicneolaíocht fuinnimh gheoiteirmigh eile, bithmhais, bithghás, bithleachtanna agus dramhtheas agus dramhfhuacht, in éineacht, i gcás inar féidir, le stóráil fuinnimh theirmigh, córais freagartha don éileamh agus cumhacht chun suiteálacha a théamh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|