|
+Airteagal 21 2. |
Airteagal 21 2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh féintomhaltóirí an fhuinnimh ►C3 in-athnuaite ◄ , ina n-aonair nó trí chomhbhailitheoirí, i dteideal an mhéid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
fuinneamh ►C3 in-athnuaite ◄ a ghiniúint, lena n-áirítear dá dtomhaltas féin, nó a rótháirgeadh den leictreachais ►C3 in-athnuaite ◄ sin a stóráil agus a dhíol, lena n-áirítear trí chomhaontuithe ceannacháin cumhachta ►C3 in-athnuaite ◄ , trí sholáthróirí leictreachais agus trí shocruithe trádála idir piaraí, gan a bheith faoi réir an mhéid seo a leanas:
(i)
sa mhéid a bhaineann leis an leictreachas a thomhlaíonn siad ón eangach nó a chuireann siad isteach sna eangach, nósanna imeachta agus muirir idirdhealaithe nó díréireacha agus muirir ghréasáin nach léiriú ar na costais iad;
(ii)
Sa mhéid a bhaineann le leictreachas ó fhoinsí ►C3 in-athnuaite ◄ féinghinte a fhanann ar a n-áitribh, nósanna imeachta idirdhealaithe nó díréireacha agus aon mhuirear nó táille;
(b)
córais stórála leictreachais a shuiteáil agus a oibriú in éineacht le suiteálacha lena ngintear leictreachas ►C3 in-athnuaite ◄ le haghaidh féintomhailt gan dliteanas i ndáil le haon mhuirear dúbailte, lena n-áirítear muirir ghréasáin le haghaidh leictreachais stóráilte a fhanann ar a n-áitribh;
(c)
a gcearta agus a n-oibleagáidí mar thomhaltóirí deiridh a choimeád;
(d)
luach saothair a fháil, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme, trí scéimeanna tacaíochta, don leictreachas ►C3 in-athnuaite ◄ féinghinte a chuirfidh siad isteach san eangach lena léirítear luach margaidh an leictreachais sin agus lenar féidir a luach fadtéarmach maidir leis an eangach, an comhshaol agus an tsochaí a chur san áireamh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|