+Airteagal 21 Féintomhaltóirí fuinnimh►C3in-athnuaite◄
---+Airteagal 21 1.
---+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 21 3.
---+Airteagal 21 4.
---+Airteagal 21 5.
---+Airteagal 21 6.
---+Airteagal 21 7.

Airteagal 21 Féintomhaltóirí fuinnimh►C3in-athnuaite◄

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 21 1.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh tomhaltóirí i dteideal iompú ina féintomhaltóirí ►C3  in-athnuaite ◄ , faoi réir an Airteagail seo.
Airteagal 21 2.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh féintomhaltóirí an fhuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ , ina n-aonair nó trí chomhbhailitheoirí, i dteideal an mhéid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

fuinneamh ►C3  in-athnuaite ◄ a ghiniúint, lena n-áirítear dá dtomhaltas féin, nó a rótháirgeadh den leictreachais ►C3  in-athnuaite ◄ sin a stóráil agus a dhíol, lena n-áirítear trí chomhaontuithe ceannacháin cumhachta ►C3  in-athnuaite ◄ , trí sholáthróirí leictreachais agus trí shocruithe trádála idir piaraí, gan a bheith faoi réir an mhéid seo a leanas:

(i) 

sa mhéid a bhaineann leis an leictreachas a thomhlaíonn siad ón eangach nó a chuireann siad isteach sna eangach, nósanna imeachta agus muirir idirdhealaithe nó díréireacha agus muirir ghréasáin nach léiriú ar na costais iad;

(ii) 

Sa mhéid a bhaineann le leictreachas ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ féinghinte a fhanann ar a n-áitribh, nósanna imeachta idirdhealaithe nó díréireacha agus aon mhuirear nó táille;

(b) 

córais stórála leictreachais a shuiteáil agus a oibriú in éineacht le suiteálacha lena ngintear leictreachas ►C3  in-athnuaite ◄ le haghaidh féintomhailt gan dliteanas i ndáil le haon mhuirear dúbailte, lena n-áirítear muirir ghréasáin le haghaidh leictreachais stóráilte a fhanann ar a n-áitribh;

(c) 

a gcearta agus a n-oibleagáidí mar thomhaltóirí deiridh a choimeád;

(d) 

luach saothair a fháil, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme, trí scéimeanna tacaíochta, don leictreachas ►C3  in-athnuaite ◄ féinghinte a chuirfidh siad isteach san eangach lena léirítear luach margaidh an leictreachais sin agus lenar féidir a luach fadtéarmach maidir leis an eangach, an comhshaol agus an tsochaí a chur san áireamh.

Airteagal 21 3.

Is féidir leis na Ballstáit muirir agus táillí neamh-idirdhealaitheacha agus comhréireacha a fheidhmiú i gcás féintomhaltóirí, i ndáil lena leictreachas ►C3  in-athnuaite ◄ féinghinte a fhanann ar a n-áitribh i gceann amháin nó níos mó de na cásanna seo a leanas:

(a) 

i gcás ina dtacaítear go héifeachtach leis an leictreachas ►C3  in-athnuaite ◄ féin-ghinte trí scéimeanna tacaíochta, ach amháin sa mhéid nach mbaintear an bonn de mharthanacht eacnamaíoch an tionscadail ná d'éifeacht dreasachta na tacaíochta sin;

(b) 

ón 1 Nollaig 2026, má tá an sciar foriomlán de shuiteálacha féinthomhaltais os cionn 8 % d'acmhainn iomlán leictreachais suiteáilte Ballstáit, agus má léirítear é, trí anailís costais-tairbhe a dhéanann údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit sin, a dhéantar trí phróiseas oscailte, trédhearcach agus rannpháirteach, go mbeidh ualach suntasach díréireach ar inbhuanaitheacht airgeadais fadtéarmach córais leictreachais mar thoradh ar an bhforáil a leagtar amach i bpointe (a) (ii) de mhír 2 nó go gcruthaítear dreasacht leis an bhforáil sin lena sáraítear an méid a bhfuil gá leis go hoibiachtúil chun imscaradh costéifeachtach fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ a bhaint amach, agus nach bhféadfaí an tionchar sin a íoslaghdú trí ghníomhaíochtaí réasúnacha eile a dhéanamh; nó

(c) 

más rud é go dtáirgtear an leictreachas ►C3  in-athnuaite ◄ féinghinte i suiteálacha ina bhfuil acmhainn iomlán suiteáilte os cionn 30 kW.

Airteagal 21 4.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh féintomhaltóirí ►C3  in-athnuaite ◄ atá lonnaithe san fhoirgneamh céanna, bloic il-árasáin san áireamh, i dteideal dul i mbun na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 go comhpháirteach agus go mbeidh sé de chead acu an fuinneamh ►C3  in-athnuaite ◄ a tháirgtear ar a suíomh nó ar a suíomhanna a chomhroinnt eatarthu féin, gan dochar do na muirir ghreasáinagus do mhuirir, do tháillí, do thobhaigh agus do chánacha ábhartha eile más infheidhme i gcás gach féintomhaltóir ►C3  in-athnuaite ◄ . Féadfaidh na Ballstáit idirdhealú a dhéanamh idir féintomhaltóirí ►C3  in-athnuaite ◄ agus féintomhaltóirí ►C3  in-athnuaite ◄ a ghníomhaíonn go comhpháirteach. Féadfaidh na Ballstáit idirdhealú a dhéanamh idir féin-thomhaltóirí ►C3  in-athnuaite ◄ aonair agus féin-thomhaltóirí ►C3  in-athnuaite ◄ a ghníomhaíonn go chomhpáirteach. Má chaitear ar bhealach éagsúil le tomhaltóirí atá rannpháirteach i bhféintomhaltas comhpháirteach, déanfar sin ar bhealach comhréireach a bhfuil bonn cirt cuí leis an méid sin.
Airteagal 21 5.
Más rud é go bhfanann suiteáil ►C3  in-athnuaite ◄ an fhéin-thomhaltóra fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ faoi réir treoracha an fhéin-thomhaltóra fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ , ar choinníoll go leanfaidh sé de bheith faoi úinéireacht tríú páirtí nó á bhainistiú ag tríú páirtí i dtaca le suiteáil, oibriú, lena n-áirítear méadrú, agus i dtaca le cothabháil. Ní mheasfar gur ►C3  féintomhaltóir fuinnimh in-athnuaite ◄ an tríú páirtí féin.
Airteagal 21 6.

Cuirfidh na Ballstáit creat cumasúcháin ar bun chun forbairt an fhéintomhaltais fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ a chur chun cinn agus a éascú bunaithe ar mheasúnú ar na bacainní gan údar atá ann agus ar acmhainneacht an fhéintomhaltais fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ ar a gcríocha agus ina ngréasáin fuinnimh. Déanfar an méid seo a leanas leis an gcreat cumasúcháin, inter alia:

(a) 

aghaidh a thabhairt ar inrochtaineacht an fhéintomhaltais fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ do na custaiméirí deiridh uile, lena n-áirítear iad siúd atá i dteaghlaigh íseal-ioncaim íseal nó i dteaghlaigh leochaileacha;

(b) 

aghaidh a thabhairt ar bhacainní gan údar maidir le tionscadail sa mhargadh a mhaoiniú agus ar bhearta chun rochtain ar airgeadas a éascú;

(c) 

►C3  aghaidh a thabhairt ar bhacainní rialála eile gan údar a d'fhéadfadh a bheith ann i dtaca le féintomhaltas fuinnimh in-athnuaite, tionóntaí san áireamh; ◄

(d) 

aghaidh a thabhairt ar dhreasachtaí atá ar fáil d'úinéirí na bhfoirgneamh chun deiseanna a chruthú d'fhéintomhaltas fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ , tionóntaí san áireamh;

(e) 

i dtaca leis an leictreachas ►C3  in-athnuaite ◄ féinghinte a chuireann féintomhaltóirí fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ isteach san eangach, rochtain neamh-idirdhealaitheach a thabhairt do na féintomhaltóirí ►C3  in-athnuaite ◄ sin ar na scéimeanna tacaíochta ábhartha atá ann agus ar na deighleoga margaidh leictreachais ar fad;

(f) 

a áirithiú go gcuireann féintomhaltóirí fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ ar bhealach leordhóthanach cothrom le cionroinnt fhoriomlán chostas an chórais nuair a chuirtear leictreachas isteach san eangach.

Cuirfidh na Ballstáit achoimre ar bhearta agus ar bheartais faoin gcreat cumasúcháin agus measúnú ar chur chun feidhme na mbeart agus na mbeartas sin faoi seach ina bpleananna náisiúnta comhtháite fuinnimh agus aeráide agus sna tuarascálacha ar dhul chun cinn a ghabhfaidh leo de bhun Rialachán (AE) 2018/1999.

Airteagal 21 7.
Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar d'Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.