+Airteagal 21 6.

Airteagal 21 6.

Cuirfidh na Ballstáit creat cumasúcháin ar bun chun forbairt an fhéintomhaltais fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ a chur chun cinn agus a éascú bunaithe ar mheasúnú ar na bacainní gan údar atá ann agus ar acmhainneacht an fhéintomhaltais fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ ar a gcríocha agus ina ngréasáin fuinnimh. Déanfar an méid seo a leanas leis an gcreat cumasúcháin, inter alia:

(a) 

aghaidh a thabhairt ar inrochtaineacht an fhéintomhaltais fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ do na custaiméirí deiridh uile, lena n-áirítear iad siúd atá i dteaghlaigh íseal-ioncaim íseal nó i dteaghlaigh leochaileacha;

(b) 

aghaidh a thabhairt ar bhacainní gan údar maidir le tionscadail sa mhargadh a mhaoiniú agus ar bhearta chun rochtain ar airgeadas a éascú;

(c) 

►C3  aghaidh a thabhairt ar bhacainní rialála eile gan údar a d'fhéadfadh a bheith ann i dtaca le féintomhaltas fuinnimh in-athnuaite, tionóntaí san áireamh; ◄

(d) 

aghaidh a thabhairt ar dhreasachtaí atá ar fáil d'úinéirí na bhfoirgneamh chun deiseanna a chruthú d'fhéintomhaltas fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ , tionóntaí san áireamh;

(e) 

i dtaca leis an leictreachas ►C3  in-athnuaite ◄ féinghinte a chuireann féintomhaltóirí fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ isteach san eangach, rochtain neamh-idirdhealaitheach a thabhairt do na féintomhaltóirí ►C3  in-athnuaite ◄ sin ar na scéimeanna tacaíochta ábhartha atá ann agus ar na deighleoga margaidh leictreachais ar fad;

(f) 

a áirithiú go gcuireann féintomhaltóirí fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ ar bhealach leordhóthanach cothrom le cionroinnt fhoriomlán chostas an chórais nuair a chuirtear leictreachas isteach san eangach.

Cuirfidh na Ballstáit achoimre ar bhearta agus ar bheartais faoin gcreat cumasúcháin agus measúnú ar chur chun feidhme na mbeart agus na mbeartas sin faoi seach ina bpleananna náisiúnta comhtháite fuinnimh agus aeráide agus sna tuarascálacha ar dhul chun cinn a ghabhfaidh leo de bhun Rialachán (AE) 2018/1999.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.