|
+Airteagal 22b 1. |
Airteagal 22b 1.Féadfaidh Ballstát cion na mbreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a úsáidtear chun críoch fuinnimh deiridh agus neamhfhuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 22a(1), an cúigiú fomhír, a laghdú 20 % in 2030, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas ina leith:
(a)
tá an Ballstát sin ar an mbóthar ceart i dtreo a rannchuidithe náisiúnta le sprioc cheangailteach fhoriomlán an Aontais a leagtar síos in Airteagal 3(1), an chéad fhomhír, atá coibhéiseach ar a laghad lena rannchuidiú náisiúnta a bhfuiltear ag dréim leis i gcomhréir leis an bhfoirmle dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999; agus
(b)
is mó ná 23 % in 2030 agus ní mó ná 20 % in 2035 an sciar hidrigine, nó a díorthaigh, a tháirgtear ó bhreoslaí iontaise a thomhlaítear sa Bhallstát sin. I gcás nach gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha sin, scoirfidh an laghdú dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’fheidhm a bheith aige. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|