+Airteagal 22b Coinníollacha chun an sprioc maidir le húsáid breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch in earnáil na tionsclaíochta a laghdú
---+Airteagal 22b 1.
---+Airteagal 22b 2.
|
Airteagal 22b Coinníollacha chun an sprioc maidir le húsáid breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch in earnáil na tionsclaíochta a laghdú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 22b 1.
|
Féadfaidh Ballstát cion na mbreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a úsáidtear chun críoch fuinnimh deiridh agus neamhfhuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 22a(1), an cúigiú fomhír, a laghdú 20 % in 2030, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas ina leith:
(a)
tá an Ballstát sin ar an mbóthar ceart i dtreo a rannchuidithe náisiúnta le sprioc cheangailteach fhoriomlán an Aontais a leagtar síos in Airteagal 3(1), an chéad fhomhír, atá coibhéiseach ar a laghad lena rannchuidiú náisiúnta a bhfuiltear ag dréim leis i gcomhréir leis an bhfoirmle dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999; agus
(b)
is mó ná 23 % in 2030 agus ní mó ná 20 % in 2035 an sciar hidrigine, nó a díorthaigh, a tháirgtear ó bhreoslaí iontaise a thomhlaítear sa Bhallstát sin.
I gcás nach gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha sin, scoirfidh an laghdú dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’fheidhm a bheith aige.
|
|
Airteagal 22b 2.
|
I gcás ina gcuireann Ballstát an laghdú dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún ina leith sin, in éineacht lena phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus mar chuid dá thuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 den Rialachán sin. Áireofar san fhógra faisnéis faoin sciar nuashonraithe de bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus na sonraí ábhartha uile chun a léiriú gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an staid sna Ballstáit a bhaineann tairbhe as laghdú d’fhonn comhlíonadh leanúnach na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 1, pointí (a) agus (b) a fhíorú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|