|
+Airteagal 25 3. |
Airteagal 25 3.Chun na spriocanna a leagtar síos i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), a ríomh, féadfaidh na Ballstáit breoslaí carbóin athchúrsáilte a chur san áireamh. Agus an oibleagáid ar sholáthróirí breosla á dearadh acu, féadfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
soláthróirí breosla a sholáthraíonn leictreachas nó breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a dhíolmhú ón gceanglas an sciar íosta de bhithbhreoslaí ardfhorbartha agus de bhithghás a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX a chomhlíonadh maidir leis na breoslaí sin;
(b)
an oibleagáid a leagan trí bhíthin bearta lena ndírítear ar mhéideanna, ar luach fuinnimh nó ar astaíochtaí gás ceaptha teasa;
(c)
idirdhealú a dhéanamh idir iompróirí fuinnimh éagsúla;
(d)
idirdhealú a dhéanamh idir earnáil an iompair mhuirí agus earnálacha eile. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|