+Airteagal 25 Méadú ar fhuinneamh in-athnuaite agus laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa in earnáil an iompair
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 3.
---+Airteagal 25 4.
|
Airteagal 25 Méadú ar fhuinneamh in-athnuaite agus laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa in earnáil an iompair
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 25 1.
|
Leagfaidh gach Ballstát oibleagáid ar sholáthróirí breosla an méid seo a leanas a áirithiú:
(a)
gurb é seo a leanas an toradh atá ar mhéid na mbreoslaí in-athnuaite agus an leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear d’earnáil an iompair:
(i)
sciar 29 % ar a laghad d’fhuinneamh in-athnuaite laistigh den olltomhaltas deiridh fuinnimh in earnáil an iompair faoi 2030; nó
(ii)
laghdú 14,5 % ar a laghad ar dhéine gás ceaptha teasa faoi 2030, i gcomparáid leis an mbonnlíne a leagtar amach in Airteagal 27(1), pointe (b), i gcomhréir le conair tháscach arna leagan síos ag an mBallstát;
(b)
gurb é 1 % ar a laghad in 2025 agus 5,5 % ar a laghad in 2030 an sciar iomlán de bhithbhreoslaí ardfhorbartha agus de bhithghás a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX agus de bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch san fhuinneamh a sholáthraítear d’earnáil an iompair, a bhfuil sciar de 1 phointe céatadáin ar a laghad le teacht as breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch in 2030.
Moltar do na Ballstáit spriocanna difreáilte a leagan síos do bhithbhreoslaí ardfhorbartha agus do bhithghás a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX agus do bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch ar an leibhéal náisiúnta chun an oibleagáid a leagtar amach sa chéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo a chomhlíonadh ar bhealach ina ndéantar forbairt an dá bhreosla a chur chun cinn agus a leathnú. Féachfaidh na Ballstáit a bhfuil calafoirt mhuirí acu lena áirithiú, amhail ó 2030, gur 1,2 % ar a laghad sciar na mbreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch sa mhéid iomlán fuinnimh a sholáthraítear d’earnáil an iompair mhuirí. Tuairisceoidh na Ballstáit, ina dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, ar sciar an fhuinnimh in-athnuaite laistigh den olltomhaltas deiridh fuinnimh in earnáil an iompair, lena n-áirítear in earnáil an iompair mhuirí, agus ar an laghdú a dhéantar leo ar dhéine gás ceaptha teasa. Má leasaítear liosta an bhunábhair a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn IX i gcomhréir le hAirteagal 28(6), féadfaidh na Ballstáit a sciar íosta de bhithbhreoslaí ardfhorbartha agus de bhithghás a tháirgtear ón mbunábhar sin san fhuinneamh a sholáthraítear d’earnáil an iompair a mhéadú dá réir sin.
|
|
Airteagal 25 2.
|
Chun na spriocanna dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), agus na sciartha dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), a ríomh, maidir leis na Ballstáit:
(a)
cuirfidh siad san áireamh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch, lena n-áirítear nuair a bhaintear úsáid astu mar tháirgí eatramhacha chun na nithe seo a leanas a tháirgeadh:
(i)
gnáthbhreoslaí iompair; nó
(ii)
bithbhreoslaí, ar choinníoll nach n-áirítear an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaintear amach trí bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a úsáid, agus laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na mbithbhreoslaí á ríomh;
(b)
féadfaidh siad bithghás a instealltar isteach sa bhonneagar náisiúnta tarchurtha agus dáileacháin gáis a chur san áireamh.
|
|
Airteagal 25 3.
|
Chun na spriocanna a leagtar síos i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), a ríomh, féadfaidh na Ballstáit breoslaí carbóin athchúrsáilte a chur san áireamh. Agus an oibleagáid ar sholáthróirí breosla á dearadh acu, féadfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
soláthróirí breosla a sholáthraíonn leictreachas nó breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a dhíolmhú ón gceanglas an sciar íosta de bhithbhreoslaí ardfhorbartha agus de bhithghás a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX a chomhlíonadh maidir leis na breoslaí sin;
(b)
an oibleagáid a leagan trí bhíthin bearta lena ndírítear ar mhéideanna, ar luach fuinnimh nó ar astaíochtaí gás ceaptha teasa;
(c)
idirdhealú a dhéanamh idir iompróirí fuinnimh éagsúla;
(d)
idirdhealú a dhéanamh idir earnáil an iompair mhuirí agus earnálacha eile.
|
|
Airteagal 25 4.
|
Bunóidh na Ballstáit sásra lena gceadaítear do sholáthróirí breosla ina gcríoch creidmheasanna a mhalartú chun fuinneamh in-athnuaite a sholáthar d’earnáil an iompair. Gheobhaidh oibreoirí eacnamaíocha a sholáthraíonn leictreachas in-athnuaite d’fheithiclí leictreacha trí phointí athluchtaithe poiblí creidmheasanna, beag beann ar cé acu atá nó nach bhfuil na hoibreoirí eacnamaíocha faoi réir na hoibleagáide atá leagtha ag an mBallstát ar sholáthróirí breosla, agus féadfaidh siad na creidmheasanna sin a dhíol le soláthróirí breosla, agus tabharfar cead dóibh na creidmheasanna a úsáid chun an oibleagáid a leagtar amach i mír 1, an chéad fhomhír, a chomhlíonadh. Féadfaidh na Ballstáit pointí athluchtaithe príobháideacha a áireamh sa sásra sin ar choinníoll gur féidir a léiriú gur d’fheithiclí leictreacha amháin a sholáthraítear an leictreachas in-athnuaite a sholáthraítear do na pointí athluchtaithe príobháideacha sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|