|
+Airteagal 26 1. |
Airteagal 26 1.Chun ríomh a dhéanamh ar olltomhaltas deiridh fuinnimh Ballstáit ó fhoinsí in-athnuaite dá dtagraítear in Airteagal 7 agus ar an sciar íosta d’fhuinneamh in-athnuaite agus ar an sprioc maidir le laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a), ní mó a bheidh an sciar de bhithbhreoslaí agus de bhithleachtanna, chomh maith leis an sciar de bhreoslaí bithmhaise a thomhlaítear san iompar, i gcás ina dtáirgtear ó bharra bia agus beatha iad, ná pointe céatadán amháin níos airde ná an sciar de bhreoslaí den sórt sin i dtomhaltas deiridh fuinnimh in earnáil an iompair sa Bhallstát sin in 2020, agus is 7 % den olltomhaltas deiridh fuinnimh uasmhéid an olltomhaltais a bheidh in earnáil an iompair sa Bhallstát sin. I gcás ina bhfuil an sciar sin níos lú ná 1 % i mBallstát, féadfar é a mhéadú go huasmhéid 2 % den tomhaltas deiridh fuinnimh in earnálacha an iompair de bhóthar agus d'iarnród. Féadfaidh na Ballstáit teorainn níos ísle a leagan agus féadfaidh siad, chun críocha Airteagal 29(1), idirdhealú a dhéanamh idir na bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise difriúla a tháirgtear ó bharra bia agus beatha, agus an fhianaise is fearr atá ar fail maidir leis an tionchar a bheidh ag an athrú indíreach ar thalamhúsáid á cur san áireamh. Féadfaidh na Ballstáit, mar shampla, teorainn níos ísle a leagan síos don sciar de bhithbhreoslaí, ó bhithleachtanna agus ó bhreoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bharra ola. I gcás ina bhfuil sciar na mbithbhreoslaí agus na mbithleachtanna, chomh maith leis an sciar de bhreoslaí bithmhaise a thomhlaítear san iompar, a tháirgtear ó bharra bia agus beatha i mBallstát teoranta do sciar níos ísle ná 7 % nó i gcás ina gcinneann Ballstát an sciar a theorannú tuilleadh, féadfaidh an Ballstát sin an sciar íosta d’fhuinneamh in-athnuaite nó an sprioc maidir le laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a), a laghdú dá réir sin, i bhfianaise an rannchuidithe a bheadh déanta ag na breoslaí sin ó thaobh an sciar íosta d’fhuinneamh in-athnuaite nó laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. Chun críoch na sprice maidir le laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa, measfaidh na Ballstáit go sábhálfaidh na breoslaí sin 50 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|