+Airteagal 26 Rialacha sonracha maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bhia agus ó bharra beatha
---+Airteagal 26 1.
---+Airteagal 26 2.
|
Airteagal 26 Rialacha sonracha maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bhia agus ó bharra beatha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 26 1.
|
Chun ríomh a dhéanamh ar olltomhaltas deiridh fuinnimh Ballstáit ó fhoinsí in-athnuaite dá dtagraítear in Airteagal 7 agus ar an sciar íosta d’fhuinneamh in-athnuaite agus ar an sprioc maidir le laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a), ní mó a bheidh an sciar de bhithbhreoslaí agus de bhithleachtanna, chomh maith leis an sciar de bhreoslaí bithmhaise a thomhlaítear san iompar, i gcás ina dtáirgtear ó bharra bia agus beatha iad, ná pointe céatadán amháin níos airde ná an sciar de bhreoslaí den sórt sin i dtomhaltas deiridh fuinnimh in earnáil an iompair sa Bhallstát sin in 2020, agus is 7 % den olltomhaltas deiridh fuinnimh uasmhéid an olltomhaltais a bheidh in earnáil an iompair sa Bhallstát sin. I gcás ina bhfuil an sciar sin níos lú ná 1 % i mBallstát, féadfar é a mhéadú go huasmhéid 2 % den tomhaltas deiridh fuinnimh in earnálacha an iompair de bhóthar agus d'iarnród. Féadfaidh na Ballstáit teorainn níos ísle a leagan agus féadfaidh siad, chun críocha Airteagal 29(1), idirdhealú a dhéanamh idir na bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise difriúla a tháirgtear ó bharra bia agus beatha, agus an fhianaise is fearr atá ar fail maidir leis an tionchar a bheidh ag an athrú indíreach ar thalamhúsáid á cur san áireamh. Féadfaidh na Ballstáit, mar shampla, teorainn níos ísle a leagan síos don sciar de bhithbhreoslaí, ó bhithleachtanna agus ó bhreoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bharra ola. I gcás ina bhfuil sciar na mbithbhreoslaí agus na mbithleachtanna, chomh maith leis an sciar de bhreoslaí bithmhaise a thomhlaítear san iompar, a tháirgtear ó bharra bia agus beatha i mBallstát teoranta do sciar níos ísle ná 7 % nó i gcás ina gcinneann Ballstát an sciar a theorannú tuilleadh, féadfaidh an Ballstát sin an sciar íosta d’fhuinneamh in-athnuaite nó an sprioc maidir le laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a), a laghdú dá réir sin, i bhfianaise an rannchuidithe a bheadh déanta ag na breoslaí sin ó thaobh an sciar íosta d’fhuinneamh in-athnuaite nó laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. Chun críoch na sprice maidir le laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa, measfaidh na Ballstáit go sábhálfaidh na breoslaí sin 50 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa.
|
|
Airteagal 26 2.
|
Chun ríomh a dhéanamh ar olltomhaltas deiridh fuinnimh Ballstáit ó fhoinsí in-athnuaite dá dtagraítear in Airteagal 7 agus ar an sciar íosta d’fhuinneamh in-athnuaite nó ar an sprioc maidir le laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a), an sciar de bhithbhreoslaí, bithleachtanna nó breoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca ard maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a tháirgtear ó bharra bia agus beatha a dtugtar faoi deara ina leith gur cuireadh síneadh suntasach leis an limistéar táirgthe le go gcumhdófaí talamh a bhfuil stoc ard carbóin aige, ní sháróidh an sciar sin leibhéal tomhaltais breoslaí den sórt sin sa Bhallstát sin in 2019, mura ndeimhnítear iad mar bhithbhreoslaí, bithleachtanna nó breoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca íseal maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid de bhun na míre seo. Ón 31 Nollaig 2023 go dtían 31 Nollaig 2030 ar a dhéanaí, laghdófar an teorainn sin de réir a chéile go 0 %. Faoin 1 Feabhra 2019, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an méadú a tháinig ar tháirgeadh domhanda na mbarr bia agus beatha ábhartha. Faoin 1 Feabhra 2019, déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na critéir a leagan amach chun bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca íseal maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a dheimhniú agus chun bunábhar lena ngabhann riosca ard maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a chinneadh ina ndéantar síneadh suntasach ar chur leis an limistéar táirgthe le go gcumhdófaí talamh a bhfuil stoc ard carbóin ann. Beidh an tuarascáil agus an gníomh tarmligthe a ghabhann léi bunaithe ar na sonraí eolaíocha is fearr a bheidh ar fáil. Faoin 1 Meán Fómhair 2023, athbhreithneoidh an Coimisiún na critéir a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear sa cheathrú fomhír den mhír seo ar bhonn na sonraí eolaíocha is fearr atá ar fáil agus glacfaidh sé gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 35 chun na critéir sin a leasú, i gcás inarb iomchuí, agus chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí chonair a áireamh chun laghdú a dhéanamh de réir a chéile ar an rannchuidiú le sprioc fhoriomlán an Aontais a leagtar síos in Airteagal 3(1) agus leis an sciar íosta d’fhuinneamh in-athnuaite agus leis an sprioc maidir le laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a), ar rannchuidiú é a thagann ó bhithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca ard indíreach maidir le hathrú ar thalamhúsáid agus a dtugtar faoi deara gur cuireadh síneadh suntasach ar an limistéar táirgthe le go gcumhdófaí talamh a bhfuil stoc ard carbóin aige. Beidh an t-athbhreithniú sin bunaithe ar leagan athbhreithnithe den tuarascáil maidir le leathnú an bhunábhair arna tíolacadh i gcomhréir leis an tríú fomhír den mhír seo. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin, go háirithe, ar cheart an tairseach ar an sciar uasta den mheánleathnú bliantúil ar an limistéar táirgthe domhanda i stoic arda charbóin a laghdú ar bhonn critéir oibiachtúla atá bunaithe ar an eolaíocht, agus spriocanna agus gealltanais aeráide an Aontais á gcur san áireamh. I gcás inarb iomchuí, leasóidh an Coimisiún na critéir a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear sa cheathrú fomhír ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chúigiú fomhír. Leanfaidh an Coimisiún d’athbhreithniú a dhéanamh, gach 3 bliana tar éis ghlacadh an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear sa cheathrú fomhír, ar na sonraí atá mar bhonn taca leis an ngníomh tarmligthe sin. Déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe sin á thabhairt cothrom le dáta nuair is gá i bhfianaise na n-imthosca atá ag teacht chun cinn agus na fianaise eolaíche is déanaí atá ar fáil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|