+Airteagal 28 Forálacha eile maidir le fuinneamh►C3in-athnuaite◄san earnáil iompair
---+Airteagal 28 1.
---+Airteagal 28 5.
---+Airteagal 28 6.
---+Airteagal 28 7.

Airteagal 28 Forálacha eile maidir le fuinneamh►C3in-athnuaite◄san earnáil iompair

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 28 1.
D'fhonn an riosca go ndéanfaí coinsíneachtaí aonair a mhaíomh níos mó ná uair amháin san Aontas a laghdú, neartóidh na Ballstáit agus an Coimisiún an comhar i measc na gcóras náisiúnta agus idir na córais náisiúnta agus na scéimeanna deonacha agus na fíoraitheoirí deonacha a bunaíodh de bhun Airteagal 30, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, malartú faisnéise. I gcás ina bhfuil amhras ar an t-údarás inniúil de chuid Ballstáit faoi chalaois nó i gcás ina mbraitheann sé calaois, cuirfidh sé na Ballstáit eile ar an eolas faoi, i gcás inarb iomchuí.
Airteagal 28 5.
Faoin 30 Meitheamh 2024, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an Treoir seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a shonrú chun an sciar de bhithbhreosla, agus de bhithghás le haghaidh iompair, a eascraíonn as bithmhais a bheith á próiseáil in éineacht le breoslaí iontaise mar chuid de phróiseas comhchoiteann a chinneadh.
Airteagal 28 6.
Faoin 25 Meitheamh 2019 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar liosta na mbunábhar a leagtar amach i gCodanna A agus B d'Iarscríbhinn IX d'fhonn bunábhar a chur leis i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach sa tríú fomhír.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun liosta na mbunábhar a leagtar amach i gCodanna A agus B d'Iarscríbhinn IX a leasú trí bhunábhair a chur leis an liosta ach gan iad a bhaint de. Bunábhair is féidir a phróiseáil le hardteicneolaíochtaí agus leis sin amháin, déanfar iad a chur le Cuid A d'Iarscríbhinn IX. Bunábhair is féidir a phróiseáil ina mbithbhreoslaí, nó ina bhithghás le haghaidh iompair, le teicneolaíochtaí seanbhunaithe, déanfar iad a chur le Cuid B d'Iarscríbhinn IX.

Beidh gníomhartha tarmligthe den sórt sin bunaithe ar anailís faoi acmhainneacht an amhábhair mar bhunábhar chun bithbhreoslaí agus bithghás don iompar a tháirgeadh agus an méid seo a leanas ar fad á chur san áireamh:

(a) 

prionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus ord na réiteach dramhaíola a bunaíodh le Treoir 2008/98/CE;

(b) 

critéir inbhuanaitheachta an Aontais a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7);

(c) 

an gá le héifeachtaí suntasacha díréireacha ar mhargaí le haghaidh táirgí, dramhaíola nó iarmhair nó seachtháirgí, seachdhramhaíola nó seach-iarmhair a sheachaint;

(d) 

an acmhainneacht laghdú suntasach a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le hais breoslaí iontaise bunaithe ar mheasúnú saolré astaíochtaí;

(e) 

an gá le tionchair dhiúltacha ar an gcomhshaol ná ar an mbithéagsúlacht a sheachaint;

(f) 

an gá le cruthú éileamh breise ar thalamh a sheachaint.

Airteagal 28 7.
Faoin 31 Nollaig 2025, i gcomhthéacs an mheasúnaithe dhébhliantúil ar an dul chun cinn a dhéantar de bhun Rialachán (AE) 2018/1999, déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh cé acu an spreagtar go héifeachtach nó nach spreagtar an nuálaíocht leis an oibleagáid a bhaineann le bithbhreoslaí ardfhorbartha agus le bithghás a tháirgtear ó bhunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Treoir seo a leagtar síos in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (b), den Treoir seo agus cé acu an áirithítear nó nach n-áirithítear leis an oibleagáid sin laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa in earnáil an iompair. Déanfaidh an Coimisiún anailís sa mheasúnú sin i dtaobh an seachnaítear ar bhealach éifeachtach, le cur i bhfeidhm an Airteagail seo, áireamh dúbailte an fhuinnimh in-athnuaite.

Tíolacfaidh an Coimisiún togra, más iomchuí, chun an oibleagáid a bhaineann le bithbhreoslaí ardfhorbartha agus bithghás a tháirgtear ó bhunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX a leagtar síos in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (b), a leasú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.