|
+Airteagal 29 7. |
Airteagal 29 7.I dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bhithmhais fhoraoise, agus a chuirtear san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1, comhlíonfaidh siad na ceanglais seo a leanas maidir le húsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (LULUCF):
(a)
tá tír tionscnaimh na bithmhaise foraoise nó eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíochta tionscnaimh na bithmhaise foraoise ina Páirtí i gComhaontú Pháras agus:
(i)
tá rannchuidiú arna chinneadh go náisiúnta (NDC) curtha faoi bhráid Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) aici, ina gcuimsítear astaíochtaí agus aistrithe ó earnáil na talmhaíochta, na foraoiseachta agus ón talamhúsáid, lena n-áirithítear go n-áirítear athruithe sa stoc carbóin a ghabhann le baint bithmhaise ina gcuid de thiomantas na tíre maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú nó a theorannú de réir mar a shonraítear sa NDC; nó
(ii)
tá dlíthe náisiúnta nó fonáisiúnta i bhfeidhm aici, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Chomhaontú Pháras, ar dlíthe iad is infheidhme i réimse na bainte, ar mhaithe le stoic charbóin agus linnte carbóin a chaomhnú agus a fheabhsú, agus soláthraíonn sí fianaise nach mó na hastaíochtaí tuairiscithe in earnáil LULUCF ná na haistrithe;
(b)
i gcás nach ann don fhianaise dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, cuirfear san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1 na bithbhreoslaí, na bithleachtanna, agus na breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bhithmhais foraoise más rud é go bhfuil córais bainistíochta ann ar leibhéal limistéir foinsithe foraoise lena áirithiú go gcoinnítear ar bun, nó go neartaítear stoic charbóin agus linnte carbóin san fhadtéarma. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|