+Airteagal 29 Critéir maidir le inbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa do bhithbhreoslaí, do bhithleachtanna agus do bhreoslaí bithmhaise
---+Airteagal 29 1.
---+Airteagal 29 2.
---+Airteagal 29 3.
---+Airteagal 29 4.
---+Airteagal 29 5.
---+Airteagal 29 6.
---+Airteagal 29 7.
---+Airteagal 29 7a.
---+Airteagal 29 7b.
---+Airteagal 29 8.
---+Airteagal 29 9.
---+Airteagal 29 10.
---+Airteagal 29 11.
---+Airteagal 29 12.
---+Airteagal 29 13.
---+Airteagal 29 14.
---+Airteagal 29 15.
|
Airteagal 29 Critéir maidir le inbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa do bhithbhreoslaí, do bhithleachtanna agus do bhreoslaí bithmhaise
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 29 1.
|
Ní chuirfear san áireamh fuinneamh ó bhithbhreoslaí, ó bhithleachtanna ná ó bhreoslaí bithmhaise chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den fhomhír seo ach amháin má chomhlíonann siad na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach i míreanna 2 go 7 agus mír 10:
▼M2
(a)
rannchuidiú le sciartha fuinnimh in-athnuaite na mBallstát agus na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 3(1), Airteagal 15a(1), Airteagal 22a(1), Airteagal 23(1), Airteagal 24(4) agus Airteagal 25(1);
▼B
(b)
tomhas a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí maidir le fuinneamh
►C3
in-athnuaite ◄ a úsáid, lena n-áirítear an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 25;
(c)
incháilitheacht maidir le tacaíocht airgeadais do thomhaltas bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise.
Mar sin féin, maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó dhramhaíl agus ó iarmhair nach iarmhair thalmhaíochta, dhobharshaothraithe, iascaigh ná foraoiseachta iad, ní gá dóibh sin ach na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos i mír 10 a chomhlíonadh chun go gcuirfí san áireamh iad chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír den mhír seo. I gcás dramhaíl mheasctha a úsáid, áfach, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar oibreoirí córais sórtála dramhaíola measctha a chur i bhfeidhm arb é is aidhm dóibh ábhair iontaise a bhaint. Beidh feidhm ag an bhfomhír seo freisin maidir le dramhaíl agus le hiarmhair a ndéantar iad a phróiseáil ar dtús chun táirge a dhéanamh díobh sula ndéantar tuilleadh próiseála orthu chun bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a dhéanamh díobh. Ní bheidh an leictreachas, téamh nó fuarú a tháirgtear ó dhramhaíl sholadach chathrach faoi réir na gcritéar maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos i mír 10. Le breoslaí bithmhaise, comhlíonfar na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos i míreanna 2 go 7 agus 10 má úsáidtear iad:
(a)
i gcás breoslaí bithmhaise soladaí, i suiteálacha a tháirgeann leictreachas, téamh agus fuarú arb ionann a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán agus 7,5 MW nó ar mó ná sin é;
(b)
i gcás breoslaí bithmhaise gásacha, i suiteálacha a tháirgeann leictreachas, téamh agus fuarú arb ionann a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán agus 2 MW nó ar mó ná sin é;
(c)
i gcás suiteálacha a tháirgeann breoslaí bithmhaise gásacha ag a bhfuil an meánráta sreafa bithmheatáin seo a leanas:
(i)
os cionn 200 m3 meatán coibhéiseach/h arna thomhas ag coinníollacha caighdeánacha teochta agus brú, eadhon 0 °C agus 1 bhar de bhrú atmaisféarach;
(ii)
má tá bithghás comhdhéanta de mheascán de mheatán agus de ghás neamhdhócháin eile, i gcás an ráta sreafa bithmheatáin, an tairseach a leagtar amach i bpointe (i), arna athríomh i gcomhréireacht leis an sciar toirtmhéadrach meatáin atá sa mheascán.
Féadfaidh na Ballstáit na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur i bhfeidhm maidir le suiteálacha a bhfuil ionchur teirmeach rátaithe iomlán nó ráta sreafa bithmheatáin níos ísle acu. Beidh feidhm ag na criteir maidir le hinbhuanaitheacht agus astaíochtaí gás cheaptha teasa a leagtar síos i míreanna 2 go 7 agus mír 10 beag beann ar thionscnamh geografach na bithmhaise.
|
|
Airteagal 29 2.
|
Cuirfear bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó dhramhaíl agus iarmhair nach bhfuil díorthaithe ó fhoraoiseacht ach ó thalamh talmhaíochta a chur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1 i gcás ina bhfuil pleananna faireacháin nó bainistíochta i bhfeidhm ag oibreoirí nó ag údaráis náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair ar cháilíocht na hithreach agus ar an gcarbón san ithir. Déanfar faisnéis maidir leis an gcaoi a dhéantar faireachán agus bainistiú ar na tionchair sin a thuairisc de bhun Airteagal 30(3).
|
|
Airteagal 29 3.
|
I dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bhithmhais talmhaíochta agus arna gcur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1, ní dhéanfar iad as amhábhar a fuarthas as talamh a bhfuil ardluach bithéagsúlachta aige, eadhon talamh a raibh aon cheann de na stádais seo a leanas aige i mí Eanáir 2008 nó dá héis, beag beann ar cé acu a choinnigh nó nár choinnigh an talamh an stádas sin:
(a)
foraois phríomhúil agus coillearnach eile, eadhon foraois agus coillearnach eile ar de speicis dúchais iad, i gcás nach bhfuil aon léiriú soiléir infheicthe ann maidir le gníomhaíocht an duine agus nach gcuirtear isteach go suntasach ar na próisis éiceolaíocha; agus foraoisí seanfháis mar a shainmhínítear sa tír ina bhfuil an fhoraois suite;
(b)
foraois agus coillearnach eile an-bhithéagsúil a bhfuil an-chuid speiceas inti agus nach bhfuil díghrádaithe, agus atá sainaitheanta mar fhoraois nó coillearnach an-bhithéagsúil ag an údarás inniúil ábhartha, mura gcuirtear fianaise ar fáil lena léirítear nár chuir táirgeadh an bhunábhair sin as do na críocha cosanta dúlra sin;
(c)
limistéir arna n-ainmniú:
(i)
ag an dlí nó ag na húdaráis inniúla ábhartha chun críoch cosanta dúlra, mura gcuirtear fianaise ar fáil lena léirítear nár chuir táirgeadh an bhunábhair sin as do na críocha cosanta dúlra sin; nó
(ii)
chun cosaint a thabhairt d’éiceachórais nó speicis atá neamhchoitianta, faoi bhagairt nó i mbaol, ar éiceachórais nó speicis iad a aithnítear le comhaontuithe idirnáisiúnta nó a chuirtear ar liostaí arna dtarraingt suas ag eagraíochtaí idir-rialtasacha nó ag an Aontas Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra, faoi réir a n-aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 30(4), an chéad fhomhír, mura gcuirtear fianaise ar fáil lena léirítear nár chuir táirgeadh an bhunábhair sin as do na críocha cosanta dúlra sin;
(d)
féarthalamh an-bhithéagsúil is fairsinge ná heicteáir amháin ar ceann amháin de na nithe seo a leanas é:
(i)
féarthalamh nádúrtha, eadhon féarthalamh a d’fhanfadh ina fhéarthalamh in éagmais ghníomhaíocht an duine agus a choinníonn slán comhdhéanamh na speiceas nádúrtha agus na próisis agus saintréithe éiceolaíocha; nó
(ii)
féarthalamh neamhnádúrtha, eadhon féarthalamh nach bhfanfadh ina fhéarthalamh in éagmais ghníomhaíocht an duine, a bhfuil an-chuid speiceas ann agus nach bhfuil díghrádaithe agus arna aithint ag an údarás inniúil ábhartha mar fhéarthalamh ard-bhithéagsúil, mura gcuirtear fianaise ar fáil lena léirítear gur gá an bunábhar a bhaint chun a stádas mar fhéarthalamh ard-bhithéagsúil a chaomhnú; nó
I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 6, pointí (a)(vi) agus (vii), tá feidhm freisin ag an gcéad fhomhír den mhír seo, cé is moite de phointe (c), maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bhithmhais foraoise. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear tuilleadh na critéir chun a chinneadh cén féarthalamh atá le cumhdach faoin gcéad fhomhír, pointe (d), den mhír seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3).
|
|
Airteagal 29 4.
|
I dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais talmhaíochta arna gcur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1, ní dhéanfar iad as bunábhar a fuarthas as talamh a bhfuil stoc ard carbóin aige, mar atá talamh a raibh aon cheann de na stádais seo thíos aige i mí Eanáir 2008 agus nár choinnigh an stádas sin:
(a)
bogach, mar atá talamh a bhíonn faoi uisce nó báite, go buan nó ar feadh cuid mhaith den bhliain;
(b)
limistéir foraoise gan bhriseadh, mar atá talamh is fairsinge ná heicteáir amháin agus é faoi chrainn is airde ná cúig mhéadar agus clúdach téastair aige is mó ná 30 %, nó faoi chrainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ;
(c)
talamh is fairsinge ná heicteáir amháin agus é faoi chrainn is airde ná cúig mhéadar agus clúdach téastair aige idir 10 % agus 30 %, nó faoi chrainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ; mura bhfuil fianaise ar fáil lena léireofar go bhfágann stoc carbóin an limistéir roimh a thiontú nó ina dhiaidh go sásaítear na coinníollach a leagtar síos i mír 10 den Airteagal seo ach an mhodheolaíocht a leagtar síos i gCuid C d'Iarscríbhinn V a chur i bhfeidhm.
Ní bheidh feidhm ag forálacha na míre seo i gcás ina raibh ag an talamh, tráth a bhfuarthas an bunábhar, an stádas céanna a bhí aige in Eanáir 2008. I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 6, pointí (a)(vi) agus (vii), tá feidhm freisin ag an gcéad fhomhír den mhír seo, cé is moite de phointí (b) agus (c), agus an dara fomhír den mhír seo maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bhithmhais foraoise.
|
|
Airteagal 29 5.
|
I dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bhithmhais talmhaíochta agus arna gcur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), ní dhéanfar iad as amhábhar a fuarthas as talamh a bhí ina thalamh portaigh i mí Eanáir 2008, mura gcuirtear fianaise ar fáil lena léirítear nach mbaineann draenáil ithreach nár draenáladh roimhe sin le saothrú agus baint an amhábhair sin. I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 6, pointí (a)(vi) agus (vii), tá feidhm freisin ag an mír seo maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bhithmhais foraoise.
|
|
Airteagal 29 6.
|
I dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais foraoise agus arna gcur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1, comhlíonfaidh siad na critéir seo a leanas chun an riosca go n-úsáidfí bithmhais foraoise ó tháirgeadh neamh-inbhuanaitheach a laghdú:
(a)
tá ag an tír inar baineadh an bhithmhais foraoise dlíthe náisiúnta agus/nó fonáisiúnta is infheidhme i limistéar na bainte mar aon le córais forfheidhmiúcháin agus faireacháin lena n-áirithítear an méid seo a leanas:
(i)
dlíthiúlacht na n-oibríochtaí buainte;
(ii)
athghiniúint foraoise ar na limistéir a baineadh;
▼M2
(iii)
go ndéantar limistéir arna n-ainmniú ag an dlí idirnáisiúnta nó ag an dlí náisiúnta nó ag an údarás inniúil ábhartha chun críoch cosanta dúlra, lena n-áirítear i mbogaigh, féarthalamh, fraochmhá agus tailte portaigh, a chosaint agus é mar aidhm leis sin an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus scriosadh gnáthóg a chosc;
(iv)
go ndéantar an bhuaint agus aird á tabhairt ar cháilíocht na hithreach agus an bhithéagsúlacht a choinneáil i gcomhréir le prionsabail an bhainistithe inbhuanaithe ar fhoraoisí, agus é mar aidhm leis sin cosc a chur le haon drochthionchar, ar bhealach lena seachnaítear buaint stumpaí agus fréamhacha, díghrádú foraoisí príomhúla, agus foraoisí seanfháis mar a shainmhínítear sa tír ina bhfuil an fhoraois suite, nó tiontú na bhforaoisí sin ina bhforaoisí plandála, agus buaint ar ithreacha leochaileacha, go ndéantar an bhuaint i gcomhréir leis na huastairseacha le haghaidh glanleaganacha crann mór mar a shainmhínítear sa tír ina bhfuil an fhoraois suite, agus le tairseacha coinneála atá iomchuí go háitiúil agus go héiceolaíoch d’eastóscadh adhmaid mhairbh agus go ndéantar an bhuaint i gcomhréir le ceanglais chun úsáid a bhaint as córais lománaíochta lena n-íoslaghdaítear aon drochthionchar ar cháilíocht na hithreach, lena n-áirítear balcadh ithreach, agus ar ghnéithe bithéagsúlachta agus ar ghnáthóga;
▼B
(v)
go ndéantar an bhuaint cumas táirgthe fadtéarmach na foraoise a choinneáil nó a fheabhsú;
▼M2
(vi)
na foraoisí inar baineadh an bhithmhais foraoise, ní ó thailte ag a bhfuil na stádais dá dtagraítear i mír 3, pointí (a), (b), (d) agus (e), mír 4, pointe (a), agus i mír 5, faoi seach, iad faoi na coinníollacha céanna chun stádas talún a shonraítear sna míreanna sin a chinneadh; agus
(vii)
maidir le suiteálacha a tháirgeann bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise ó bhithmhais foraoise, go n-eisíonn siad ráiteas dearbhaithe, a bhfuil próisis inmheánacha ar leibhéal cuideachta mar bhonn taca leis, chun críoch na n-iniúchtaí arna ndéanamh de bhun Airteagal 30(3), á rá nach bhfaightear an bhithmhais foraoise ó na tailte dá dtagraítear i bpointe (vi) den fhomhír seo.
▼B
(b)
i gcás nach ann don fhianaise dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, cuirfear san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1 na bithbhreoslaí, na bithleachtanna, agus na breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais foraoise más rud é go bhfuil córais bainistíochta ann ar leibhéal an limistéir foinsithe foraoise chun an méid seo a leanas a áirithiú:
(i)
dlíthiúlacht na n-oibríochtaí buainte;
(ii)
athghiniúint foraoise ar na limistéir a baineadh;
▼M2
(iii)
go ndéantar limistéir arna n-ainmniú ag an dlí idirnáisiúnta nó ag an dlí náisiúnta nó ag an údarás inniúil ábhartha chun críoch cosanta dúlra, lena n-áirítear i mbogaigh, féarthalamh, fraochmhá agus tailte portaigh, a chosaint agus é mar aidhm leis sin an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus scriosadh gnáthóg a chosc, mura gcuirtear fianaise ar fáil lena léirítear nach gcuireann baint an amhábhair sin as do na críocha cosanta dúlra sin;
(iv)
go ndéantar an bhuaint agus aird á tabhairt ar cháilíocht agus bithéagsúlacht na hithreach a choinneáil, i gcomhréir le prionsabail an bhainistithe inbhuanaithe ar fhoraoisí, agus é mar aidhm leis sin cosc a chur le haon drochthionchar, ar bhealach lena seachnaítear buaint stumpaí agus fréamhacha, díghrádú foraoisí príomhúla, agus foraoisí seanfháis mar a shainmhínítear sa tír ina bhfuil an fhoraois suite, nó tiontú na bhforaoisí sin ina bhforaoisí plandála, agus buaint ar ithreacha leochaileacha, go ndéantar an bhuaint i gcomhréir leis na huastairseacha le haghaidh glanleaganacha crann mór mar a shainmhínítear sa tír ina bhfuil an fhoraois suite, agus le tairseacha coinneála atá iomchuí go háitiúil agus go héiceolaíoch d’eastóscadh adhmaid mhairbh agus go ndéantar an bhuaint i gcomhréir le ceanglais chun úsáid a bhaint as córais lománaíochta lena n-íoslaghdaítear aon drochthionchar ar cháilíocht na hithreach, lena n-áirítear balcadh ithreach, agus ar ghnéithe bithéagsúlachta agus ar ghnáthóga; agus
▼B
(v)
go ndéantar an bhuaint cumas táirgthe fadtéarmach na foraoise a choinneáil nó a fheabhsú.
|
|
Airteagal 29 7.
|
I dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bhithmhais fhoraoise, agus a chuirtear san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1, comhlíonfaidh siad na ceanglais seo a leanas maidir le húsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (LULUCF):
▼C1
(a)
tá tír tionscnaimh na bithmhaise foraoise nó eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíochta tionscnaimh na bithmhaise foraoise ina Páirtí i gComhaontú Pháras agus:
(i)
tá rannchuidiú arna chinneadh go náisiúnta (NDC) curtha faoi bhráid Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) aici, ina gcuimsítear astaíochtaí agus aistrithe ó earnáil na talmhaíochta, na foraoiseachta agus ón talamhúsáid, lena n-áirithítear go n-áirítear athruithe sa stoc carbóin a ghabhann le baint bithmhaise ina gcuid de thiomantas na tíre maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú nó a theorannú de réir mar a shonraítear sa NDC; nó
(ii)
tá dlíthe náisiúnta nó fonáisiúnta i bhfeidhm aici, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Chomhaontú Pháras, ar dlíthe iad is infheidhme i réimse na bainte, ar mhaithe le stoic charbóin agus linnte carbóin a chaomhnú agus a fheabhsú, agus soláthraíonn sí fianaise nach mó na hastaíochtaí tuairiscithe in earnáil LULUCF ná na haistrithe;
▼B
(b)
i gcás nach ann don fhianaise dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, cuirfear san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1 na bithbhreoslaí, na bithleachtanna, agus na breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bhithmhais foraoise más rud é go bhfuil córais bainistíochta ann ar leibhéal limistéir foinsithe foraoise lena áirithiú go gcoinnítear ar bun, nó go neartaítear stoic charbóin agus linnte carbóin san fhadtéarma.
|
|
Airteagal 29 7a.
|
Beidh táirgeadh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise ó bhithmhais foraoise intíre comhsheasmhach le gealltanais agus spriocanna na mBallstát a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
24
) agus leis na beartais agus bearta a dtugann na Ballstáit tuairisc orthu ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999.
|
|
Airteagal 29 7b.
|
Mar chuid dá bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe deiridh atá le tíolacadh faoin 30 Meitheamh 2024 de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, áireoidh na Ballstáit an méid seo a leanas ar fad:
(a)
measúnú ar sholáthar intíre na bithmhaise foraoise atá ar fáil chun críoch fuinnimh in 2021-2030 i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos san Airteagal seo;
(b)
measúnú ar a chomhoiriúnaí atá úsáid réamh-mheasta na bithmhaise foraoise chun fuinneamh a tháirgeadh le spriocanna agus buiséid na mBallstát do 2026 go 2030 a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841; agus
(c)
tuairisc ar na bearta agus beartais náisiúnta lena n-áirithítear comhoiriúnacht do na spriocanna agus buiséid sin.
Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún maidir leis na bearta agus beartais dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), den mhír seo mar chuid dá dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999.
|
|
Airteagal 29 8.
|
Faoin 31 Eanáir 2021, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear an treoir oibríochtúil maidir leis an bhfianaise chun a léiriú go bhfuil na critéir a leagtar síos i mír 6 agus mír 7 den Airteagal seo á gcomhlíonadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3).
|
|
Airteagal 29 9.
|
Faoi 31 Nollaig 2026, bunaithe ar na sonraí a bheidh ar fáil, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na critéir a leagtar síos i mír 6 agus mír 7 féachaint an ndéanann siad an riosca maidir le húsáid bithmhaise foraoise ó tháirgeadh neamh-inbhuanaitheach a laghdú go héifeachtach, agus cé acu a théann nó nach dtéann siad i ngleic le critéir LULUCF. Tíolacfaidh an Coimisiún togra reachtach, más iomchuí, chun na critéir a leagtar síos i mír6 agus 7 mír don tréimhse tar éis 2030 a leasú.
|
|
Airteagal 29 10.
|
Is é seo a leanas an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascróidh as úsáid bithbhreoslaí, bithleachtanna, agus breoslaí bithmhaise a chuirtear san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1:
(a)
50 % ar a laghad do bhithbhreoslaí, do bhithghás arna thomhailt san earnáil iompair, agus do bhithleachtanna arna dtáirgeadh i suiteálacha arna gcur i mbun feidhme ar 5 Deireadh Fómhair 2015 nó roimhe;
(b)
60 % ar a laghad do bhithbhreoslaí, do bhithghás arna thomhailt san earnáil iompair, agus do bhithleachtanna arna dtáirgeadh i suiteálacha arna gcur i mbun feidhme ón 6 Deireadh Fómhair 2015 go dtí an 31 Nollaig 2020;
(c)
65 % ar a laghad do bhithbhreoslaí, do bhithghás arna thomhailt san earnáil iompair agus do bhithleachtanna arna dtáirgeadh i suiteálacha arna gcur i mbun feidhme ón 1 Eanáir 2021;
▼M2
(d)
do tháirgeadh leictreachais, téimh agus fuaraithe ó bhreoslaí bithmhaise a úsáidtear i suiteálacha a thosaigh ag oibriú tar éis an 20 Samhain 2023, ar a laghad 80 %;
(e)
do tháirgeadh leictreachais, téimh agus fuaraithe ó bhreoslaí bithmhaise a úsáidtear i suiteálacha a bhfuil a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán cothrom le nó níos mó ná 10 MW, ar suiteálacha iad a thosaigh ag oibriú idir an 1 Eanáir 2021 agus an 20 Samhain 2023, 70 % ar a laghad go dtí an 31 Nollaig 2029, agus 80 % ar a laghad ón 1 Eanáir 2030;
(f)
do tháirgeadh leictreachais, téimh agus fuaraithe ó bhreoslaí bithmhaise gásacha a úsáidtear i suiteálacha a bhfuil a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán cothrom le nó níos lú ná 10 MW, ar suiteálacha iad a thosaigh ag oibriú idir an 1 Eanáir 2021 agus an 20 Samhain 2023, 70 % ar a laghad sula raibh siad ag oibriú ar feadh 15 bliana, agus ar a laghad 80 % tar éis dóibh a bheith ag oibriú ar feadh 15 bliana;
(g)
do tháirgeadh leictreachais, téimh agus fuaraithe ó bhreoslaí bithmhaise a úsáidtear i suiteálacha a bhfuil a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán cothrom le nó níos mó ná 10 MW, ar suiteálacha iad a thosaigh ag oibriú roimh an 1 Eanáir 2021, ar a laghad 80 % tar éis dóibh a bheith ag oibriú ar feadh 15 bliana, ar a luaithe ón 1 Eanáir 2026 agus ar a dhéanaí ón 31 Nollaig 2029;
(h)
do tháirgeadh leictreachais, téimh agus fuaraithe ó bhreoslaí bithmhaise gásacha a úsáidtear i suiteálacha a bhfuil a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán cothrom le nó níos lú ná 10 MW, ar suiteálacha iad a thosaigh ag oibriú roimh an 1 Eanáir 2021, 80 % ar a laghad tar éis dóibh a bheith ag oibriú ar feadh 15 bliana agus ar a luaithe ón 1 Eanáir 2026.
▼B
Measfar suiteáil a bheith i mbun feidhme a luaithe a bheidh tús curtha le táirgeadh fisiciúil bithbhreoslaí, bithgháis arna thomhailt san earnáil iompair agus bithleachtanna agus tairgeadh fisiciúil don téamh agus don fhuarú, agus leictreachais ó bhreoslaí bithmhaise. Déanfar an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó úsáid bithbhreoslaí, bithgháis arna thomhailt san earnáil iompair, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a úsáidtear i suiteálacha táirgthe téimh, fuaraithe agus leictreachais a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 31(1).
|
|
Airteagal 29 11.
|
Ní dhéanfar leictreachas ó bhreosla bithmhaise a chur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1 ach amháin má chomhlíonann sé ceann amháin nó níos mó de na ceanglais seo a leanas:
(a)
déantar é a tháirgeadh i suiteálacha a bhfuil a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán faoi 50 MW; nó
(b)
i gcás suiteálacha a bhfuil a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán idir 50 agus 100 MW, déantar é a tháirgeadh trí theicneolaíocht ardéireachtúil chomhghiniúna a chur i bhfeidhm, nó i gcás suiteálacha leictreachais amháin a chomhlíonann leibhéal éifeachtúlachta fuinnimh a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEELanna), mar a shainmhínítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1442 ón gCoimisiún (
25
);
(c)
i gcás suiteálacha a bhfuil a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán os cionn 50 MW, déantar é a tháirgeadh trí theicneolaíocht chomhghiniúna ardéifeachtúlachta a chur i bhfeidhm, nó, i gcás suiteálacha leictreachais amháin, a bhaineann amach leibhéal glanéifeachtúlachta leictreachais de 36 % ar a laghad;
(d)
déantar é a tháirgeadh trí Ghabháil agus Stóráil CO2 Bithmhaise a chur i bhfeidhm.
Chun críocha phointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, ní chuirfear suiteálacha leictreachais amháin san áireamh ach amháin i gcás nach n-úsáideann siad breoslaí iontaise mar phríomhbhreosla agus i gcás nach bhfuil acmhainneacht chostéifeachtach ann maidir le teicneolaíocht chomhghiniúna ardéifeachtúlachta de réir an mheasúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2012/27/AE. Chun críocha phointí (a) agus (b) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag an mhír seoacu ach amháin maidir le suiteálacha a rachaidh i mbun feidhme nó a chomshóitear ionas gur féidir leo úsáid a bhaint as breoslaí bithmhaise tar éis an 25 Nollaig 2021. Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo ní dochar an mhír seo do thacaíocht arna tabhairt faoi scéimeanna tacaíochta i gcomhréir le hAirteagal 4 arna bhformheas faoin 25 Nollaig 2021. Féadfaidh na Ballstáit ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh níos airde ná na ceanglais dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm ar shuiteálacha a bhfuil ionchur teirmeach rátaithe is ísle ná sin acu. Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le leictreachas arna tháirgeadh i suiteálacha ar thug Ballstát fógra sonrach don Choimisiún ina leith agus an fógra sin bunaithe ar fhianaise chuí-réasúnaithe go mbaineann rioscaí le cinnteacht an tsoláthair leictreachais sin. Ar mheasúnú an fhógra sin dó, glacfaidh an Coimisiún cinneadh ina gcuirfear san áireamh na heilimintí sin ar fad.
|
|
Airteagal 29 12.
|
Chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, agus gan dochar d'Airteagal 25 agus Airteagal 26, ní dhiúltóidh na Ballstáit, ar aon chúis eile dá mbaineann leis an inbhuanaitheacht, bithbhreoslaí agus bithleachtanna a fuarthas agus an tAirteagal seo á chomhlíonadh a chur san áireamh. Ní dochar an mhír seo do thacaíocht phoiblí faoi scéimeanna tacaíochta a ceadaíodh roimh an24 Nollaig 2018.
|
|
Airteagal 29 13.
|
Chun na críocha dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit maolú, ar feadh tréimhse teoranta, ó na critéir a leagtar síos i míreanna 2 go 7 agus mír10 agus mír 11 den Airteagal seo trí chritéir éagsúla a ghlacadh a bhaineann leis an méid seo a leanas:
▼M2
(a)
suiteálacha atá lonnaithe i réigiún is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE a mhéid a tháirgeann saoráidí den sórt sin leictreachas nó téamh nó fuarú ó bhreoslaí bithmhaise agus ó bhithleachtanna nó a tháirgeann siad bithbhreoslaí; agus
(b)
breoslaí bithmhaise agus bithleachtanna a úsáidtear sna suiteálacha dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo agus bithbhreoslaí a tháirgtear sna suiteálacha sin, beag beann ar áit tionscnaimh na bithmhaise sin, ar an gcoinníoll go bhfuil údar oibiachtúil le critéir den sórt sin ar na forais gurb é is aidhm leo, i gcás an réigiúin sin is forimeallaí, rochtain ar fhuinneamh sábháilte agus slán agus céimniú isteach rianúil na gcritéar a leagtar síos i míreanna 2 go 7 agus 10 agus 11 den Airteagal seo a áirithiú, rud a bheadh mar dhreasacht don aistriú ó bhreoslaí iontaise go bithbhreoslaí inbhuanaithe, bithleachtanna inbhuanaithe agus breoslaí bithmhaise inbhuanaithe.
▼B
Beidh na critéir éagsúla dá dtagraítear sa mhír seo faoi réir fógra sonrach a thabharfaidh an Ballstát ábhartha don Choimisiún.
|
|
Airteagal 29 14.
|
Chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1, féadfaidh na Ballstáit critéir inbhuanaitheachta bhreise a bhunú do bhreoslaí bithmhaise. Faoi 31 Nollaig 2026, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar thionchar na gcritéar breise sin ar an margadh inmheánach, agus cuirfear leis sin, más gá sin, togra lena n-áiritheofar comhchuibhiú na gceanglas sin.
|
|
Airteagal 29 15.
|
Go dtí an 31 Nollaig 2030, féadfar fuinneamh ó bhithbhreoslaí, ó bhithleachtanna agus ó bhreoslaí bithmhaise a chur san áireamh freisin chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), den Airteagal seo, i gcás inar fíor an méid seo a leanas ina leith:
(a)
deonaíodh tacaíocht roimh an 20 Samhain 2023, i gcomhréir leis na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach in Airteagal 29 sa leagan di a bhí i bhfeidhm an 29 Meán Fómhair 2020; agus
(b)
deonaíodh an tacaíocht i bhfoirm tacaíocht fhadtéarmach ar cinneadh méid seasta ina leith ag tús na tréimhse tacaíochta agus ar choinníoll go bhfuil sásra ceartúcháin i bhfeidhm chun a áirithiú nach ann do róchúiteamh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|