|
+Airteagal 30 6. |
Airteagal 30 6.Féadfaidh na Ballstáit scéimeanna náisiúnta a chur ar bun ina bhfíoraítear comhlíonadh na gcritéar maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus in Airteagal 29a(1) agus (2), i gcomhréir leis an modheolaíocht a forbraíodh faoi Airteagal 29a(3), ó cheann ceann na líne cúraim lena mbaineann na húdaráis inniúla. Féadfar na scéimeanna sin a úsáid freisin chun cruinneas agus iomláine na faisnéise arna háireamh ag oibreoirí eacnamaíocha i mbunachar sonraí an Aontais a fhíorú, chun comhlíonadh Airteagal 27(6) a léiriú agus chun bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca íseal maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a dheimhniú. Féadfaidh Ballstát fógra faoi scéim náisiúnta den sórt sin a thabhairt don Choimisiún. Tabharfaidh an Coimisiún tosaíocht don mheasúnú ar scéim den sórt sin chun aitheantas frithpháirteach déthaobhach agus iltaobhach na scéimeanna sin a éascú. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an gcomhlíonann scéim náisiúnta den sórt sin ar tugadh fógra ina leith na coinníollacha a leagtar síos sa Treoir seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3). I gcás ina gcinneann an Coimisiún go gcomhlíonann an scéim náisiúnta na coinníollacha a leagtar síos sa Treoir seo, ní dhiúltófar, le scéimeanna eile arna n-aithint ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an Airteagal seo, aitheantas frithpháirteach a thabhairt do scéim náisiúnta an Bhallstáit sin a mhéid a bhaineann le fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar as a bhfuil sí aitheanta ag an gCoimisiún. Maidir le suiteálacha a tháirgeann leictreachas, téamh agus fuarú a bhfuil a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán idir 7,5 agus 20 MW, féadfaidh na Ballstáit scéimeanna fíorúcháin náisiúnta simplithe a bhunú chun comhlíonadh na gcritéar maidir le hinbhuanaitheacht agus na gcritéar maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) a áirithiú. Maidir leis na suiteálacha céanna, leagfar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear i mír 8 den Airteagal seo na coinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh scéimeanna fíorúcháin deonacha simplithe chun a áirithiú go gcomhlíontar na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach in Airteagal 29(2) go (7) agus (10). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|