+Airteagal 30 Comhlíonadh na gcritéar maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a fhíorú
---+Airteagal 30 1.
---+Airteagal 30 2.
---+Airteagal 30 3.
---+Airteagal 30 4.
---+Airteagal 30 5.
---+Airteagal 30 6.
---+Airteagal 30 7.
---+Airteagal 30 8.
---+Airteagal 30 9.
---+Airteagal 30 10.
|
Airteagal 30 Comhlíonadh na gcritéar maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a fhíorú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 30 1.
|
I gcás ina bhfuil breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte le háireamh faoi chomhair na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(1), Airteagal 15a(1), Airteagal 22a(1), Airteagal 23(1), Airteagal 24(4) agus Airteagal 25(1), ceanglóidh na Ballstáit ar oibreoirí eacnamaíocha a chruthú, trí bhíthin iniúchtaí éigeantacha neamhspleácha agus trédhearcacha, i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 8 den Airteagal seo, gur comhlíonadh na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus in Airteagal 29a(1) agus (2) i leith breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte. Chuige sin, ceanglóidh siad ar oibreoirí eacnamaíocha úsáid a bhaint as córas cothromúcháin maise ar fíor an méid seo a leanas ina leith:
▼B
(a)
is féidir leis coinsíneachtaí de bhunábhar nó de bhreoslaí nach ionann a dtréithe inbhuanaitheachta ná a dtréithe maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a mheascadh, mar shampla: i gcoimeádán, i saoráid próiseála nó saoráid lóistíochtúil, in infreastruchtúr tarchurtha nó dáileacháin nó ar shuíomh;
(b)
is féidir leis coinsíneachtaí de bhunábhar nach ionann a luach fuinnimh a mheascadh chun go bpróiseálfaí a thuilleadh iad, ar choinníoll go ndéantar méid na gcoinsíneachtaí a oiriúnú i gcomhréir lena luach fuinnimh;
(c)
ceanglófar leis faisnéis maidir le hairíonna inbhuanaitheachta agus airíonna maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus méideanna na gcoinsíneachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) chun go bhfágfaí sa mheascán é; agus
(d)
déantar foráil chun gur féidir a rá i dtaobh suim na gcoinsíneachtaí ar fad a baineadh amach as an meascán gurb ionann airíonna inbhuanaitheachta dóibh, ach na cainníochtaí céanna a bheith i gceist, agus suim na gcoinsíneachtaí móide an meascán agus ní mór an t-iarmhéid sin a bhaint amach le linn tréimhse iomchuí.
Áiritheofar leis an gcóras cothromúcháin maise nach ndéanfar gach coinsíneacht a áireamh ach an t-aon uair amháin i bpointe (a), (b) nó (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 7(1) chun olltomhaltas deiridh fuinnimh ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ a ríomh agus tabharfar faisnéis ann i dtaobh ar tugadh nó nár tugadh tacaíocht do tháirgeadh na coinsíneachta sin, agus más amhlaidh a tugadh, maidir le cineál na scéime tacaíochta.
|
|
Airteagal 30 2.
|
I gcás ina bpróiseáiltear coinsíneacht, déanfar oiriúnú ar an bhfaisnéis faoi na hairíonna inbhuanaitheachta agus faoi na hairíonna maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus sannfar í don aschur i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:
(a)
i gcás nach mbíonn de thoradh ar an bpróiseáil a dhéantar ar choinsíneacht amhábhair ach aschur amháin atá beartaithe chun bithbhreoslaí, bithleachtanna nó breoslaí bithmhaise, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch, nó breoslaí carbóin athchúrsáilte a tháirgeadh, oiriúnófar méid na coinsíneachta agus cainníochtaí gaolmhara na n-airíonna inbhuanaitheachta agus na n-airíonna maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa trí fhachtóir tiontaithe a chur i bhfeidhm arb ionann é agus an choibhéis atá idir mais an aschuir atá beartaithe do tháirgeadh den sórt sin agus mais an amhábhair atá á thabhairt isteach sa phróiseas;
(b)
i gcás ina mbíonn de thoradh ar an bpróiseáil a dhéantar ar choinsíneacht amhábhair níos mó ná aschur amháin atá beartaithe chun bithbhreoslaí, bithleachtanna nó breoslaí bithmhaise, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch nó breoslaí carbóin athchúrsáilte a tháirgeadh, cuirfear fachtóir tiontaithe ar leithligh i bhfeidhm ar gach aschur agus úsáidfear cothromaíocht mhaise ar leithligh.
|
|
Airteagal 30 3.
|
►M2
Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go dtíolacfaidh oibreoirí faisnéis iontaofa faoi chomhlíonadh na gcritéar maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus Airteagal 29a(1) agus (2), agus chun a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha ar fáil don Bhallstát ábhartha, arna iarraidh sin dó, na sonraí a úsáideadh chun an fhaisnéis sin a fhorbairt. Ceanglóidh na Ballstáit ar oibreoirí eacnamaíocha socrú a dhéanamh maidir le hiniúchadh neamhspleách de chaighdeán leordhóthanach a dhéanamh ar an bhfaisnéis a tíolacadh, agus fianaise a chur ar fáil go bhfuil an méid sin déanta acu. Chun Airteagal 29(3), pointí (a), (b), (d) agus (e), Airteagal 29(4), pointe (a), Airteagal 29(5), Airteagal 29(6), pointe (a), agus Airteagal 29(7), pointe (a), a chomhlíonadh, féadfar iniúchóireacht an chéad pháirtí nó iniúchóireacht an dara páirtí a úsáid suas go dtí an chéad phointe bailithe den bhithmhais foraoise. Fíorófar leis an iniúchóireacht go bhfuil na córais atá á n-úsáid ag na hoibreoirí eacnamaíocha cruinn, iontaofa agus cosanta ar chalaois, lena n-áirítear fíorú lena n-áirithítear nach ndéantar ábhair a mhodhnú nó a dhiúscairt d’aon ghnó ionas go bhféadfadh an choinsíneacht nó cuid den choinsíneacht a bheith ina dramhaíl nó ina hiarmhar. Leis an iniúchóireacht, déanfar meastóireacht freisin ar mhinicíocht agus modheolaíocht na samplála agus ar stóinseacht na sonraí. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos sa mhír seo gan beann ar cibé acu a tháirgtear na breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte laistigh den Aontas nó ar cibé acu a dhéantar iad a allmhairiú isteach san Aontas. Déanfar faisnéis faoi thionscnamh geografach agus cineál bunábhair na mbithbhreoslaí, na mbithleachtanna agus na mbreoslaí bithmhaise in aghaidh an tsoláthróra breosla a chur ar fáil do thomhaltóirí ar bhealach cothrom le dáta, inrochtana go héasca agus so-úsáidte ar shuíomhanna gréasáin na n-oibreoirí, na soláthróirí nó na n-údarás inniúil ábhartha agus déanfar í a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil. ◄
Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, i bhfoirm chomhiomlán, an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar an ardán ríomhthuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2018/1999 i bhfoirm achoimrithe, agus rúndacht na faisnéise sin atá íogair ó thaobh na tráchtála de á caomhnú aige.
|
|
Airteagal 30 4.
|
Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go ndéanfar, le scéimeanna deonacha náisiúnta nó idirnáisiúnta lena leagtar síos caighdeáin maidir le táirgeadh breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, sonraí cruinne a sholáthar maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa chun críocha Airteagal 29(10) agus Airteagal 29a(1) agus (2), comhlíonadh Airteagal 27(6) agus Airteagal 31a(5) a léiriú, nó a léiriú go bhfuil na critéir maidir le hinbhuanaitheacht a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) á gcomhlíonadh i gcás coinsíneachtaí bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise. Le linn dóibh a léiriú go gcomhlíontar na critéir a leagtar síos in Airteagal 29(6) agus (7), féadfaidh na hoibreoirí an fhianaise is gá a sholáthar go díreach ar leibhéal an limistéir foinsithe. Féadfaidh an Coimisiún limistéir a aithint chun cosaint a thabhairt d’éiceachórais nó speicis atá neamhchoitianta, faoi bhagairt atá i mbaol, ar éiceachórais nó speicis iad a aithnítear le comhaontuithe idirnáisiúnta nó a chuirtear ar liostaí arna dtarraingt suas ag eagraíochtaí idir-rialtasacha nó ag an Aontas Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra chun críocha Airteagal 29(3), an chéad fhomhír, pointe (c)(ii). Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go mbeidh sna scéimeanna sin faisnéis chruinn faoi na bearta a glacadh chun ithir, uisce agus aer a chosaint, chun talamh díghrádaithe a athchóiriú, chun ró-thomhaltas uisce a sheachaint i limistéir ina mbíonn ganntanas uisce, agus chun bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca íseal maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a dhearbhú.
|
|
Airteagal 30 5.
|
Déanfaidh an Coimisiún cinntí faoi mhír 4 den Airteagal seo a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3). Beidh cinntí den sórt sin bailí ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana. Ceanglóidh an Coimisiún go ndéanfaidh gach scéim dheonach ar glacadh cinneadh ina leith faoi mhír 4, tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 30 Aibreán gach bliain, ina gcumhdaítear gach ceann de na pointí
►C1
a leagtar amach in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999. ◄ Cumhdófar sa tuarascáil imeachtaí na bliana féilire roimhe sin. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas tuarascáil a thíolacadh ach i dtaca le scéimeanna deonacha a bhfuil 12 mhí, ar a laghad, caite i mbun feidhme acu. Cuirfidh an Coimisiún ar fáil na tuarascálacha a ullmhaíodh mar chuid de na scéimeanna deonacha, i bhfoirm chomhiomlán nó go hiomlán más iomchuí, ar an ardán ríomhthuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2018/1999.
|
|
Airteagal 30 6.
|
Féadfaidh na Ballstáit scéimeanna náisiúnta a chur ar bun ina bhfíoraítear comhlíonadh na gcritéar maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus in Airteagal 29a(1) agus (2), i gcomhréir leis an modheolaíocht a forbraíodh faoi Airteagal 29a(3), ó cheann ceann na líne cúraim lena mbaineann na húdaráis inniúla. Féadfar na scéimeanna sin a úsáid freisin chun cruinneas agus iomláine na faisnéise arna háireamh ag oibreoirí eacnamaíocha i mbunachar sonraí an Aontais a fhíorú, chun comhlíonadh Airteagal 27(6) a léiriú agus chun bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca íseal maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a dheimhniú. Féadfaidh Ballstát fógra faoi scéim náisiúnta den sórt sin a thabhairt don Choimisiún. Tabharfaidh an Coimisiún tosaíocht don mheasúnú ar scéim den sórt sin chun aitheantas frithpháirteach déthaobhach agus iltaobhach na scéimeanna sin a éascú. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an gcomhlíonann scéim náisiúnta den sórt sin ar tugadh fógra ina leith na coinníollacha a leagtar síos sa Treoir seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3). I gcás ina gcinneann an Coimisiún go gcomhlíonann an scéim náisiúnta na coinníollacha a leagtar síos sa Treoir seo, ní dhiúltófar, le scéimeanna eile arna n-aithint ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an Airteagal seo, aitheantas frithpháirteach a thabhairt do scéim náisiúnta an Bhallstáit sin a mhéid a bhaineann le fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar as a bhfuil sí aitheanta ag an gCoimisiún. Maidir le suiteálacha a tháirgeann leictreachas, téamh agus fuarú a bhfuil a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán idir 7,5 agus 20 MW, féadfaidh na Ballstáit scéimeanna fíorúcháin náisiúnta simplithe a bhunú chun comhlíonadh na gcritéar maidir le hinbhuanaitheacht agus na gcritéar maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) a áirithiú. Maidir leis na suiteálacha céanna, leagfar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear i mír 8 den Airteagal seo na coinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh scéimeanna fíorúcháin deonacha simplithe chun a áirithiú go gcomhlíontar na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach in Airteagal 29(2) go (7) agus (10).
|
|
Airteagal 30 7.
|
Ní ghlacfaidh an Coimisiún cinntí faoi mhír 4 den Airteagal seo ach amháin i gcás ina gcomhlíonann an scéim atá i gceist caighdeáin leordhóthanacha maidir le hiontaofacht, le trédhearcacht, agus le hiniúchóireacht neamhspleách agus i gcás ina dtugtar ráthaíochtaí leordhóthanacha nach ndearnadh aon ábhar a mhodhnú nó a dhiúscairt d'aon ghnó ionas gur faoi chuimsiú Iarscríbhinn IX a d'áireofaí an choinsíneacht sin nó cuid den choinsíneacht sin. I gcás na scéimeanna lena dtomhaistear laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, comhlíonfaidh scéimeanna den sórt sin na ceanglais mhodheolaíocha freisin a leagtar amach in Iarscríbhinn V nó VI. I dtaca le liostaí de limistéir darb ardluach bithéagsúlachta dá dtagraítear i bpointe (c)(ii)den chéad fhomhír d'Airteagal 29(3), comhlíonfaidh siad caighdeáin leordhóthanacha maidir le hoibiachtúlacht agus comhréireacht i leith caighdeáin idirnáisiúnta aitheanta agus déanfar foráil iontu maidir le nósanna imeachta achomhairc oiriúnacha. Déanfaidh na scéimeanna deonacha dá dtagraítear i mír 4 liosta a fhoilsiú, go bliantúil ar a laghad, ar a mbeidh na comhlachtaí deimhniúcháin a úsáideadh don iniúchóireacht neamhspleách, maille le hainm an eintitis nó an údaráis inniúil náisiúnta a thug aitheantas don chomhlacht deimhniúcháin agus ainm an eintitis nó an údaráis inniúil náisiúnta atá ag déanamh faireacháin air.
|
|
Airteagal 30 8.
|
Chun a áirithiú go ndéantar an chomhréireacht leis na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, chomh maith leis na forálacha maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus bithbhreoslaí lena ngabhann riosca íseal nó ard maidir le hathrú díreach agus indíreach ar thalamhúsáid a fhíorú go héifeachtúil agus go comhchuibhithe agus, go háirithe, chun an chalaois a chosc, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear rialacha mionsonraithe cur chun feidhme, lena n-áirítear caighdeáin leordhóthanacha iontaofachta, trédhearcachta, agus iniúchóireacht neamhspleách, agus é a chur de cheanglas ar gach scéim dheonach na caighdeáin sin a chur i bhfeidhm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3). Sna gníomhartha cur chun feidhme sin, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar an ngá atá ann an t-ualach riaracháin a laghdú. Leis na gníomhartha cur chun feidhme, leagfar síos creat ama faoina mbeidh ar na scéimeanna deonacha na caighdeáin a chur chun feidhme. Féadfaidh an Coimisiún cinntí lena n-aithnítear scéimeanna deonacha de bhun mhír 4 a aisghairm má tharlaíonn sé go dteipeann ar na scéimeanna sin caighdeáin den sórt sin a chur chun feidhme laistigh den chreat ama dá bhforáiltear. I gcás ina n-ardaíonn Ballstát ábhair imní nach bhfuil scéim dheonach ag feidhmiú i gcomhréir leis na caighdeáin maidir le hiontaofacht, le trédhearcacht, agus le hiniúchóireacht neamhspleách arb iad is bonn dochinntí faoi mhír 4, déanfaidh an Coimisiún an t-ábhar a imscrúdú agus gníomhaíocht iomchuí a ghlacadh.
|
|
Airteagal 30 9.
|
I gcás ina soláthraíonn oibreoir eacnamaíoch fianaise nó sonraí a fuarthas i gcomhréir le scéim a bhí faoi réir cinneadh de bhun mhír 4 nó 6, ní cheanglóidh Ballstát ar an oibreoir eacnamaíoch tuilleadh fianaise a sholáthar maidir le comhlíonadh na ngnéithe a chumhdaítear leis an scéim as a bhfuil an scéim aitheanta ag an gCoimisiún. Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát maoirseacht ar oibríocht na gcomhlachtaí deimhniúcháin atá i mbun iniúchóireacht neamhspleách faoi scéim dheonach. Ar iarraidh ó na húdaráis inniúla, tíolacfaidh na comhlachtaí deimhniúcháin an fhaisnéis ábhartha uile is gá chun maoirseacht a dhéanamh ar an oibríocht, lena n-áirítear dáta beacht na n-iniúchóireachtaí, an tráth a ndearnadh iad agus an áit ina ndearnadh iad. I gcás ina n-aimsíonn na Ballstáit saincheisteanna maidir le neamhchomhlíonadh, cuirfidh siad sin in iúl don scéim dheonach gan mhoill.
|
|
Airteagal 30 10.
|
Arna iarraidh sin do Bhallstát, ar iarraidh í a fhéadfar a bheith bunaithe ar iarraidh ó oibreoir eacnamaíoch, scrúdóidh an Coimisiún, ar bhonn na fianaise uile atá ar fáil, ar comhlíonadh na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus in Airteagal 29a(1) agus (2) i ndáil le foinse breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte. Laistigh de 6 mhí tar éis iarraidh den sórt sin a fháil, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, a chinneadh an bhféadfaidh an Ballstát lena mbaineann ceachtar den mhéid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
na breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a tháirgtear ón bhfoinse sin a chur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 29(1); nó
(b)
de mhaolú ar mhír 9, a cheangal ar sholáthróirí fhoinse na mbreoslaí in-athnuaite agus na mbreoslaí carbóin athchúrsáilte tuilleadh fianaise a sholáthar faoi chomhlíonadh na gcritéar sin maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus faoi chomhlíonadh na dtairseach sin maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|