+Airteagal 30 8.

Airteagal 30 8.

Chun a áirithiú go ndéantar an chomhréireacht leis na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, chomh maith leis na forálacha maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus bithbhreoslaí lena ngabhann riosca íseal nó ard maidir le hathrú díreach agus indíreach ar thalamhúsáid a fhíorú go héifeachtúil agus go comhchuibhithe agus, go háirithe, chun an chalaois a chosc, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear rialacha mionsonraithe cur chun feidhme, lena n-áirítear caighdeáin leordhóthanacha iontaofachta, trédhearcachta, agus iniúchóireacht neamhspleách, agus é a chur de cheanglas ar gach scéim dheonach na caighdeáin sin a chur i bhfeidhm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3).

Sna gníomhartha cur chun feidhme sin, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar an ngá atá ann an t-ualach riaracháin a laghdú. Leis na gníomhartha cur chun feidhme, leagfar síos creat ama faoina mbeidh ar na scéimeanna deonacha na caighdeáin a chur chun feidhme. Féadfaidh an Coimisiún cinntí lena n-aithnítear scéimeanna deonacha de bhun mhír 4 a aisghairm má tharlaíonn sé go dteipeann ar na scéimeanna sin caighdeáin den sórt sin a chur chun feidhme laistigh den chreat ama dá bhforáiltear. I gcás ina n-ardaíonn Ballstát ábhair imní nach bhfuil scéim dheonach ag feidhmiú i gcomhréir leis na caighdeáin maidir le hiontaofacht, le trédhearcacht, agus le hiniúchóireacht neamhspleách arb iad is bonn dochinntí faoi mhír 4, déanfaidh an Coimisiún an t-ábhar a imscrúdú agus gníomhaíocht iomchuí a ghlacadh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.