|
+Airteagal 31 1. |
Airteagal 31 1.Chun críocha Airteagal 29(10), déanfar an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bharr úsáid bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a ríomh i gceann de na bealaí seo a leanas:
(a)
i gcás ina leagtar síos luach réamhshocraithe don laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i dtaca leis an gconair táirgeachta i gCuid A nó i gCuid B d'Iarscríbhinn V do bhithbhreoslaí agus do bhithleachtanna agus i gCuid A d'Iarscríbhinn VI do bhreoslaí bithmhaise i gcás inarb ionann le náid nó níos lú ná náid luach e1 na mbithbhreoslaí nó na mbithleachtanna sin arna ríomh i gcomhréir le pointe 7 i gCuid C d'Iarscríbhinn V agus na mbreoslaí bithmhaise sin arna ríomh i gcomhréir le pointe 7 i gCuid B d'Iarscríbhinn VI trí úsáid a bhaint as an luach réamhshocraithe sin;
(b)
trí úsáid a bhaint as luach iarbhír arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar síos i gCuid C d'Iarscríbhinn V do bhithbhreoslaí agus do bhithleachtanna agus i gCuid B d'Iarscríbhinn VI do bhreoslaí bithmhaise;
(c)
trí úsáid a bhaint as luach arna ríomh mar shuim na bhfachtóirí atá sna foirmlí dá dtagraítear i bpointe 1 i gCuid C d'Iarscríbhinn V, nuair is féidir na luachanna réamhshocraithe dí-chomhiomlánaithe atá i gCuid D nó i gCuid E d'Iarscríbhinn V a úsáid ar son cuid de na fachtóirí, maille le luachanna iarbhír, arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach i gCuid C d'Iarscríbhinn V, i gcás gach fachtóra eile; nó
(d)
trí úsáid a bhaint as luach arna ríomh mar shuim na bhfachtóirí atá sna foirmlí dá dtagraítear i bpointe 1 i gcuid B d'Iarscríbhinn VI, i gcás inar féidir na luachanna réamhshocraithe dí-chomhiomlánaithe atá i gcuid C d'Iarscríbhinn VI a úsáid ar son cuid de na fachtóirí, agus ina n-usáidtear luachanna iarbhír, arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach i gCuid B d'Iarscríbhinn VI i gcás gach fachtóra eile. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|