+Airteagal 31 Tionchar gáis ceaptha teasa a bhíonn ag bithbhreoslaí, ag bithleachtanna agus ag breoslaí bithmhaise a ríomh
---+Airteagal 31 1.
---+Airteagal 31 2.
---+Airteagal 31 3.
---+Airteagal 31 4.
---+Airteagal 31 5.
---+Airteagal 31 6.
|
Airteagal 31 Tionchar gáis ceaptha teasa a bhíonn ag bithbhreoslaí, ag bithleachtanna agus ag breoslaí bithmhaise a ríomh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 31 1.
|
Chun críocha Airteagal 29(10), déanfar an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bharr úsáid bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a ríomh i gceann de na bealaí seo a leanas:
(a)
i gcás ina leagtar síos luach réamhshocraithe don laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i dtaca leis an gconair táirgeachta i gCuid A nó i gCuid B d'Iarscríbhinn V do bhithbhreoslaí agus do bhithleachtanna agus i gCuid A d'Iarscríbhinn VI do bhreoslaí bithmhaise i gcás inarb ionann le náid nó níos lú ná náid luach e1 na mbithbhreoslaí nó na mbithleachtanna sin arna ríomh i gcomhréir le pointe 7 i gCuid C d'Iarscríbhinn V agus na mbreoslaí bithmhaise sin arna ríomh i gcomhréir le pointe 7 i gCuid B d'Iarscríbhinn VI trí úsáid a bhaint as an luach réamhshocraithe sin;
(b)
trí úsáid a bhaint as luach iarbhír arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar síos i gCuid C d'Iarscríbhinn V do bhithbhreoslaí agus do bhithleachtanna agus i gCuid B d'Iarscríbhinn VI do bhreoslaí bithmhaise;
(c)
trí úsáid a bhaint as luach arna ríomh mar shuim na bhfachtóirí atá sna foirmlí dá dtagraítear i bpointe 1 i gCuid C d'Iarscríbhinn V, nuair is féidir na luachanna réamhshocraithe dí-chomhiomlánaithe atá i gCuid D nó i gCuid E d'Iarscríbhinn V a úsáid ar son cuid de na fachtóirí, maille le luachanna iarbhír, arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach i gCuid C d'Iarscríbhinn V, i gcás gach fachtóra eile; nó
(d)
trí úsáid a bhaint as luach arna ríomh mar shuim na bhfachtóirí atá sna foirmlí dá dtagraítear i bpointe 1 i gcuid B d'Iarscríbhinn VI, i gcás inar féidir na luachanna réamhshocraithe dí-chomhiomlánaithe atá i gcuid C d'Iarscríbhinn VI a úsáid ar son cuid de na fachtóirí, agus ina n-usáidtear luachanna iarbhír, arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach i gCuid B d'Iarscríbhinn VI i gcás gach fachtóra eile.
|
|
Airteagal 31 2.
|
Féadfaidh na Ballstáit a chur faoi bhráid an Choimisiúin tuarascálacha lena n-áirítear faisnéis faoi luachanna tipiciúla na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a thagann ó shaothrú bunábhar talmhaíochta sna limistéir sin ar a gcríocha arna n-aicmiú mar leibhéal 2 in Ainmníocht na nAonad Críche um Staidreamh (NUTS), nó mar leibhéal NUTS atá níos dí-chomhiomlánaithe, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
26
). Ag gabháil leis na tuarascálacha sin, beidh cur síos ar an modh agus ar na sonraí a úsáideadh chun leibhéal na n-astaíochtaí a ríomh. Cuirfear san áireamh sa mhodh sin saintréithe na hithreach, an aeráid, agus na torthaí atáthar a thuar i dtaca le hamhábhar.
|
|
Airteagal 31 3.
|
I gcás na gcríoch sin atá lasmuigh den Aontas, is féidir tuarascálacha atá ar aon dul leo siúd dá dtagraítear i mír 2, arna n-ullmhú ag comhlachtaí inniúla, a thíolacadh don Choimisiún.
|
|
Airteagal 31 4.
|
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, a chinneadh go bhfuil sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo sonraí cruinne chun críocha tomhais a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le bunábhar de thionscnamh bithmhais talmhaíochta a shaothrú, arna dtáirgeadh i limistéir a áirítear i dtuarascálacha den chineál sin chun críocha Airteagal 29(10). Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3). Is féidir, de bhun na gcinntí sin, na sonraí sin a úsáid in áit na luachanna réamhshocraithe dí-chomhiomlánaithe d'earnáil an tsaothraithe a leagtar síos i gCuid D nó nó i gcuid E d'Iarscríbhinn V i gcás bithbhreoslaí agus bithleachtanna agus i gcuid C d'Iarscríbhinn VI i gcás breoslaí bithmhaise.
|
|
Airteagal 31 5.
|
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú leanúnach ar Iarscríbhinní V agus VI, d'fhonn, ach údar a bheith leis, luachanna maidir le conairí táirgthe bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a chur leo nó chun iad a athbhreithniú. Measfar freisin sna hathbhreithnithe sin an modheolaíocht a leagtar síos i gcuid C d'Iarscríbhinn V agus i gcuid B d'Iarscríbhinn VI a mhodhnú. Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 35 chun Iarscríbhinní V agus VI a leasú, i gcás inarb iomchuí, trí na luachanna sin a chur leis nó a athbhreithniú nó tríd an mhodheolaíocht sin a mhodhnú, I gcás aon oiriúnú nó breisiú a dhéanfar ar liosta na luachanna réamhshocraithe in Iarscríbhinní V agus VI:
(a)
más beag a chuireann fachtóir le líon foriomlán na n-astaíochtaí, nó má bhíonn an éagsúlacht teoranta, nó má bhaineann costas mór nó deacracht mhór le bunú na luachanna iarbhír, beidh na luachanna réamhshocraithe ina luachanna tipiciúla mar a ghabhfadh le gnáthphróisis táirgthe;
(b)
i ngach cás eile, beidh na luachanna réamhshocraithe coimeádach le hais na ngnáthphróiseas táirgthe.
|
|
Airteagal 31 6.
|
Nuair is gá sin chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go haonfhoirmeach Cuid C d'Iarscríbhinn V agus Cuid B d'Iarscríbhinn VI, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagtar amach sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe lena n-áirítear sainmhínithe, fachtóirí tiontaithe, ríomh ar astaíochtaí bliantúla ar shaothrú nó ar laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa mar thoradh ar athruithe ar stoic charbóin ostalún agus fothalún ar thalamh atá á shaothrú cheana, mar aon le ríomh ar laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa mar thoradh ar ghabháil CO2, ar athsholáthar CO2 agus ar stóráil gheolaíoch CO2. Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3) a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|