Féadfaidh na Ballstáit a chur faoi bhráid an Choimisiúin tuarascálacha lena n-áirítear faisnéis faoi luachanna tipiciúla na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a thagann ó shaothrú bunábhar talmhaíochta sna limistéir sin ar a gcríocha arna n-aicmiú mar leibhéal 2 in Ainmníocht na nAonad Críche um Staidreamh (NUTS), nó mar leibhéal NUTS atá níos dí-chomhiomlánaithe, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
26
). Ag gabháil leis na tuarascálacha sin, beidh cur síos ar an modh agus ar na sonraí a úsáideadh chun leibhéal na n-astaíochtaí a ríomh. Cuirfear san áireamh sa mhodh sin saintréithe na hithreach, an aeráid, agus na torthaí atáthar a thuar i dtaca le hamhábhar.