+IARSCRÍBHINN VII CUNTASAÍOCHT AR FHUINNEAMH IN-ATHNUAITE A ÚSÁIDTEAR LE hAGHAIDH AN TÉIMH AGUS AN FHUARAITHE

IARSCRÍBHINN VII CUNTASAÍOCHT AR FHUINNEAMH IN-ATHNUAITE A ÚSÁIDTEAR LE hAGHAIDH AN TÉIMH AGUS AN FHUARAITHE




IARSCRÍBHINN VII

CUNTASAÍOCHT AR FHUINNEAMH IN-ATHNUAITE A ÚSÁIDTEAR LE hAGHAIDH AN TÉIMH AGUS AN FHUARAITHE

CUID A: CUNTASAÍOCHT AR FHUINNEAMH IN-ATHNUAITE Ó THEASCHAIDÉIL A ÚSÁIDTEAR LE hAGHAIDH AN TÉIMH

Déanfar méid an fhuinnimh aeraiteirmigh, gheoiteirmigh nó hidriteirmigh arna ghabháil ag teaschaidéil atá le meas mar fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh chun críocha na Treorach seo, ERES, a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

ERES = Qinúsáidte * (1 – 1/SPF)

i gcás inarb é



—

Qinúsáidte

=

an teas inúsáidte iomlán measta arna sholáthar ag teaschaidéil lena gcomhlíontar na critéir dá dtagraítear in ►M2  d’Airteagal 7(3) ◄ , le cur chun feidhme mar a leanas: Ní chuirfear san áireamh ach teaschaidéil ag a bhfuil SPF > 1,15 * 1/η,

—

SPF

=

meán-chomhéifeacht feidhmiúcháin shéasúraigh mheasta na dteaschaidéal sin,

—

η

=

an cóimheas idir an t-olltáirgeadh iomlán leictreachais agus an tomhaltas fuinnimh phríomhúil chun leictreachais a tháirgeadh agus déanfar í a ríomh mar mheán de chuid an Aontais Eorpaigh bunaithe ar shonraí Eurostat.

CUID B: CUNTASAÍOCHT AR FHUINNEAMH IN-ATHNUAITE A ÚSÁIDTEAR LE hAGHAIDH AN FHUARAITHE

1.    SAINMHÍNITHE

Agus an fuinneamh in-athnuaite a úsáidtear le haghaidh an fhuaraithe á ríomh, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “fuarú” teas a bhaint as spás faoi iamh nó as spás istigh (feidhm chompoird) nó as próiseas chun teocht an spáis nó an phróisis a laghdú go teocht shonraithe (pointe socraithe), nó í a choimeád ar an teocht sin (pointe socraithe); an teas a bhaintear i gcás córais fuaraithe, díchuirtear amach san aer comhthimpeallach, san uisce comhthimpeallach nó sa talamh é áit a n-ionsúitear é, agus áit a mbíonn an comhshaol (aer, talamh agus uisce) mar a bheadh slogaide teasa ann le haghaidh an teas a bhaintear agus dá bhrí sin feidhmíonn sé mar fhoinse fuachta;

(2) 

ciallaíonn “córas fuaraithe” cóimeáil de chomhpháirteanna arb é atá inti córas bainte teasa, feistí fuaraithe amháin nó níos mó ná sin agus córas díchurtha teasa, a chomhlánaítear i gcás fuarú gníomhach le meán fuaraithe i bhfoirm sreabháin, a oibríonn le chéile chun aistriú sonraithe teasa a ghiniúint agus, dá bhrí sin, teocht riachtanach a áirithiú;

(a) 

i gcás fuarú spáis, is féidir gur córas fuaraithe shaoir nó córas fuaraithe ina bhfuil gineadóir fuaraithe ann an córas fuaraithe, agus an fuarú ar cheann de na príomhfheidhmeanna aige;

(b) 

i gcás fuarú próisis, cuimsíonn an córas fuaraithe gineadóir fuaraithe, agus an fuarú ar cheann de na príomhfheidhmeanna aige;

(3) 

ciallaíonn “fuarú saor” córas fuaraithe ina n-úsáidtear foinse fuachta nádúrtha chun teas a bhaint as an spás nó as an bpróiseas atá le fuarú trí chaidéal/chaidéil agus/nó gaothrán/gaothráin a bheith ag iompar sreabháin/sreabhán, fuarú nach gá gineadóir fuaraithe a úsáid lena aghaidh;

(4) 

ciallaíonn “gineadóir fuaraithe” an chuid de chóras fuaraithe a ghineann difríocht teochta ar féidir teas a bhaint as an spás nó as an bpróiseas atá le fuarú dá tairbhe, trí thimthriall comhbhrúite gaile, timthriall súite nó arna thiomáint le timthriall teirmidinimice eile, a úsáidtear nuair nach bhfuil foinse an fhuachta ar fáil nó nuair nach leor é;

(5) 

ciallaíonn “fuarú gníomhach” teas a bhaint as spás nó próiseas, a bhfuil gá le hionchur fuinnimh lena aghaidh chun freastal ar an éileamh fuaraithe, fuarú a úsáidtear nuair nach bhfuil sreabhadh nádúrtha an fhuinnimh ar fáil nó nuair nach leor é agus is féidir fuarú gníomhach a bheith ann le gineadóir fuaraithe nó gan gineadóir fuaraithe;

(6) 

ciallaíonn “fuarú éighníomhach” teas a bhaint trí shreabhadh nádúrtha an fhuinnimh trí sheoladh, comhiompar, radaíocht nó traschur maise gan gá le sreabhán fuaraithe a bhogadh chun teas a bhaint agus a dhíchur nó chun teocht is ísle a ghiniúint le gineadóir fuaraithe, lena n-áirítear laghdú ar an ngá atá le fuarú trí ghnéithe dearaidh tógála amhail insliú foirgnimh, díon glas, balla faoi ghlasra, scáthú nó mais tógála méadaithe, trí aeráil nó trí ghaothráin chompoird a úsáid;

(7) 

ciallaíonn “aeráil” gluaiseacht nádúrtha nó brúite aeir chun aer comhthimpeallach a thabhairt isteach i spás agus chun cáilíocht iomchuí aeir istigh a áirithiú, lena n-áirítear an teocht;

(8) 

ciallaíonn “gaothrán compoird” táirge a chuimsíonn gaothrán agus cóimeáil mótair leictrigh chun aer a bhogadh le bheith ina fhoinse chompoird sa samhradh trí tuilleadh siúil a chur faoin aer timpeall chorp an duine go mothaítear fionnuaire teirmí;

(9) 

ciallaíonn “cainníocht fuinnimh in-athnuaite le haghaidh an fhuaraithe” an soláthar fuaraithe a gineadh le héifeachtúlacht fuinnimh shonraithe arna shloinneadh ina Chomhéifeacht Feidhmiúcháin Shéasúraigh arna ríomh ina fuinneamh príomhúil;

(10) 

ciallaíonn “slogaide theasa” nó “foinse fuachta” linn nádúrtha sheachtrach ina n-aistrítear an teas a bhaintear as an spás nó as an bpróiseas; is féidir gur aer comhthimpeallach, uisce comhthimpeallach i bhfoirm dobharlaigh nádúrtha nó shaorga agus foirmíochtaí geoiteirmeacha faoi dhromchla an domhain sholadaigh í;

(11) 

ciallaíonn “córas bainte teasa” feiste a bhaineann teas as an spás nó as an bpróiseas atá le fuarú, amhail galaitheoir i dtimthriall comhbhrúite gaile;

(12) 

ciallaíonn “feiste fuaraithe” gaireas atá ceaptha chun fuarú gníomhach a dhéanamh;

(13) 

ciallaíonn “córas díchurtha teasa” an fheiste ina dtarlaíonn an t-aistriú teasa deiridh ón meán fuaraithe go dtí an tslogaide theasa, amhail an comhdhlúthadán aer go cuisneán i dtimthriall comhbhrúite gaile aer-fhuaraithe;

(14) 

ciallaíonn “ionchur fuinnimh” an fuinneamh is gá chun an sreabhán a iompar (fuarú saor), nó an fuinneamh is gá chun an sreabhán a iompar agus chun an gineadóir fuaraithe a oibriú (fuarú gníomhach le gineadóir fuaraithe);

(15) 

ciallaíonn “fuarú ceantair” dáileadh fuinnimh theirmigh i bhfoirm leachtanna fuaraithe, as foinsí láraithe nó díláraithe táirgthe trí líonra chuig foirgnimh nó suíomhanna éagsúla le haghaidh fuarú spáis nó próisis;

(16) 

ciallaíonn “príomh-chomhéifeacht feidhmiúcháin shéasúraigh” méadracht éifeachtúlacht phríomhúil tiontaithe fuinnimh an chórais fuaraithe;

(17) 

ciallaíonn “uaireanta lánlóid coibhéiseacha” líon na n-uaireanta an chloig a bhíonn córas fuaraithe á oibriú faoi lánlód chun an méid fuaraithe a tháirgeann sé iarbhír i rith bliana a tháirgeadh ach le lóid éagsúla;

(18) 

Ciallaíonn “Laethanta Céime Fuaraithe” na luachanna aeráide a ríomhtar ag glacadh mar bhonn 18 °C a úsáidtear mar ionchur chun uaireanta lánlóid coibhéiseacha a chinneadh.

2.    RAON FEIDHME

1. 

Agus méid an fhuinnimh in-athnuaite a úsáidtear le haghaidh an fhuaraithe á ríomh acu, áireoidh na Ballstáit fuarú gníomhach, lena n-áirítear fuarú ceantair, gan beann ar cé acu fuarú saor nó gineadóir fuaraithe a úsáidtear.

2. 

Ní áireoidh na Ballstáit:

(a) 

fuarú éighníomhach, ach i gcás ina n-úsáidtear aer aerála mar mheán iompartha teasa le haghaidh an fhuaraithe, is cuid den ríomh fuaraithe in-athnuaite é an soláthar fuaraithe comhfhreagrach, rud is féidir é a sholáthar le gineadóir fuaraithe nó trí fhuarú saor.

b) 

na teicneolaíochtaí nó na próisis fuaraithe seo a leanas:

(i) 

an fuarú i modhanna iompair ( 46 );

(ii) 

córais fuaraithe arb é a bpríomhfheidhm ábhair mheatacha a tháirgeadh nó a stóráil ar teochtaí sonraithe (cuisniúchán agus reo);

(iii) 

córais fuaraithe a bhfuil pointí socraithe teochta is ísle ná 2 °C acu le haghaidh fuarú spáis nó próisis;

(iv) 

córais fuaraithe a bhfuil pointí socraithe teochta is airde ná 30 °C acu le haghaidh fuarú spáis nó próisis;

(v) 

dramhtheas mar thoradh ar ghiniúint fuinnimh, próisis thionsclaíocha agus an earnáil threasach (dramhtheas) a fhuarú ( 47 ).

(c) 

fuinneamh a úsáidtear le haghaidh an fhuaraithe i ngléasraí ginte cumhachta; monaraíocht stroighne, iarainn agus cruach; ionaid cóireáilte fuíolluisce; saoráidí teicneolaíochta faisnéise (amhail ionaid sonraí); saoráidí tarchurtha agus dáilte cumhachta; agus bonneagair iompair.

Féadfaidh na Ballstáit tuilleadh catagóirí córas fuaraithe a eisiamh ó ríomh an fhuinnimh in-athnuaite a úsáidtear le haghaidh fuaraithe chun foinsí fuachta nádúrtha a chaomhnú i limistéir gheografacha shonracha ar chúiseanna cosanta comhshaoil. Is sampla de sin, aibhneacha nó lochanna a chosaint ar bhaol a róthéite.

3.    MODHEOLAÍOCHT MAIDIR LE CUNTASAÍOCHT A DHÉANAMH AR FHUINNEAMH IN-ATHNUAITE LE hAGHAIDH FUARÚ AONAIR AGUS FUARÚ CEANTAIR

Ní mheasfar fuinneamh in-athnuaite a bheith á tháirgeadh ach ag córais fuaraithe a fheidhmíonn os cionn an íoscheanglais éifeachtúlachta arna shloinneadh ina phríomh-Chomhéifeacht Feidhmiúcháin Shéasúraigh (SPFp) i roinn 3.2, an dara mír.

3.1.    Cainníocht fuinnimh in-athnuaite le haghaidh an fhuaraithe

Déanfar an chainníocht fuinnimh in-athnuaite le haghaidh an fhuaraithe (ERES-C) a ríomh leis an bhfoirmle seo a leanas:

image

i gcás inarb é:

Is é image an méid teasa a scaoiltear amach san aer comhthimpeallach, san uisce comhthimpeallach nó sa talamh ag an gcóras fuaraithe ( 48 );

Is é EINPUT tomhaltas fuinnimh an chórais fuaraithe, lena n-áirítear tomhaltas fuinnimh na gcóras cúnta i gcás córais thomhaiste, amhail fuarú ceantair;

Is é image an fuinneamh fuaraithe a sholáthraíonn an córas fuaraithe ( 49 );

Sainmhínítear image ar leibhéal an chórais fuaraithe mar sciar an tsoláthair fuaraithe is féidir a mheas mar fhoinsí in-athnuaite de réir cheanglais SPF, arna shloinneadh ina chéatadán. Bunaítear SPF gan cuntas a thabhairt i gcaillteanais dáileacháin. Maidir le fuarú ceantair, ciallaíonn sin gur in aghaidh an ghineadóra fuaraithe a bhunaítear SPF, nó ag leibhéal an chórais fuaraithe shaoir. Maidir le córais fuaraithe inar féidir feidhm a bheith ag SPF caighdeánach, ní úsáidtear comhéifeachtaí F(1) agus F(2) de réir Rialachán (AE) 2016/2281 ón gCoimisiún ( 50 ) agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún ( 51 ) atá ceangailte mar fhachtóirí ceartúcháin.

Maidir le fuarú 100 % in-athnuaite arna thiomáint le teas (ionsú agus asúchán), ba cheart an fuarú a fhaightear a mheas mar fhuarú atá in-athnuaite go hiomlán.

Na céimeanna ríomha is gá le haghaidh image agus image, mínítear iad i Ranna 3.2 go 3.4.

3.2.    Sciar na Comhéifeachta Feidhmiúcháin Shéasúraigh atá incháilithe mar fhuinneamh in-athnuaite a ríomh – image

is é SSPF sciar an tsoláthair fuaraithe is féidir a áireamh mar fhoinsí in-athnuaite. Méadaíonn ar image de réir mar a mhéadaíonn ar luachanna SPFp. Sainmhínítear SPFp  ( 52 ) mar a thuairiscítear i Rialachán (AE) 2016/2281 ón gCoimisiún agus i Rialachán (AE) Uimh. 206/2012 ón gCoimisiún ( 53 ), ach amháin gur nuashonraíodh an fachtóir fuinnimh phríomhúil réamhshocraithe le haghaidh an leictreachais go 2.1 i dTreoir 2012/27/AE (arna leasú le Treoir (AE) 2018/2002 ( 54 )) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Úsáidfear coinníollacha teorann ó chaighdeán EN14511.

Is é 1.4 (SPFpLOW ) ar a laghad a bheidh in íoscheanglas éifeachtúlachta an chórais fuaraithe arna shloinneadh ina phríomh-chomhéifeacht feidhmiúcháin shéasúraigh. Is é 6 (SPFHIGH ) ar a laghad a bheidh in íoscheanglas éifeachtúlachta an chórais fuaraithe le gurb ionann image agus 100 %. I gcás na gcóras fuaraithe go léir eile, cuirfear an ríomh seo a leanas i bhfeidhm:

image

is é SPFP éifeachtúlacht an chórais fuaraithe arna sloinneadh ina príomh-chomhéifeacht feidhmiúcháin shéasúraigh;

is é image an chomhéifeacht feidhmiúcháin shéasúraigh íosta arna sloinneadh ina fuinneamh príomhúil agus bunaithe ar éifeachtúlacht na gcóras fuaraithe caighdeánach (íoscheanglais éicidhearthóireachta);

is é image an tairseach uachtair le comhéifeacht feidhmiúcháin shéasúraigh arna sloinneadh ina fuinneamh príomhúil agus bunaithe ar dhea-chleachtais maidir le fuarú saor a úsáidtear i bhfuarú ceantair ( 55 ).

3.3.    SPFp caighdeánach agus tomhaiste a úsáid chun cainníocht fuinnimh in-athnuaite le haghaidh an fhuaraithe a ríomh

SPF caighdeánach agus tomhaiste

Tá luachanna caighdeánaithe SPF ar fáil maidir le gineadóirí fuaraithe comhbhrúite gaile leictreacha agus maidir le gineadóirí fuaraithe comhbhrúite gaile innill dócháin toisc na gceanglas éicidhearthóireachta i Rialacháin (AE) Uimh. 206/2012 agus (AE) 2016/2281. Tá luachanna ar fáil maidir leis na gineadóirí fuaraithe sin suas le 2 MW le haghaidh fuarú compoird agus suas le 1,5 MW le haghaidh fuarú próisis. Níl luachanna caighdeánacha ar fáil maidir le teicneolaíochtaí eile agus scálaí acmhainne. Maidir le fuarú ceantair, níl luachanna caighdeánacha ar fáil ach tá fáil ar thomhais agus úsáidtear iad; is féidir luachanna SPF a ríomh ar bhonn bliantúil ar a laghad dá mbarr.

Chun cainníocht an fhuaraithe in-athnuaite a ríomh, is féidir luachanna caighdeánacha SPF a úsáid ach iad a bheith ar fáil. I gcás nach bhfuil luachanna caighdeánacha ar fáil nó i gcás inar gnáthchleachtas é an tomhas, úsáidfear luachanna tomhaiste SPF atá á ndeighilt ag tairseacha acmhainne fuaraithe. Maidir le gineadóirí fuaraithe a bhfuil acmhainn fuaraithe faoi bhun 1,5 MW acu, is féidir SPF caighdeánach a úsáid, agus úsáidfear SPF tomhaiste le haghaidh fuarú ceantair, i gcás gineadóirí fuaraithe a bhfuil acmhainn fuaraithe is airde ná 1,5 MW acu nó cothrom leis sin agus i gcás gineadóirí fuaraithe nach bhfuil luachanna caighdeánacha ar fáil ina leith.

Ina theannta sin, i gcás gach córais fuaraithe gan SPF caighdeánach, lena n-áirítear gach réiteach fuaraithe shaoir agus gach gineadóir fuaraithe teasghníomhachtaithe, leagfar síos SPF tomhaiste chun leas a bhaint as an modheolaíocht ríomha le haghaidh an fhuaraithe in-athnuaite.

Sainmhíniú ar luachanna caighdeánacha SPF

Sloinntear luachanna SPF i dtéarmaí éifeachtúlachta fuinnimh phríomhúil arna ríomh trí úsáid a bhaint as fachtóirí fuinnimh phríomhúil de réir Rialachán (AE) 2016/2281 chun éifeachtúlacht fuaraithe spáis na gcineálacha éagsúla gineadóirí fuaraithe a chinneadh ( 56 ). Déanfar an fachtóir fuinnimh phríomhúil i Rialachán (AE) 2016/2281 a ríomh mar 1/η, i gcás inarb é η an meánchóimheas idir olltáirgeadh iomlán an leictreachais in aghaidh an tomhaltais fuinnimh phríomhúil le haghaidh táirgeadh leictreachais san Aontas ina iomláine. Leis an leasú ar an bhfachtóir fuinnimh phríomhúil réamhshocraithe le haghaidh an leictreachais, dá ngairtear comhéifeacht i bpointe (1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2002 lena leasaítear fonóta (3) in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2012/27/AE, déanfar fachtóir fuinnimh phríomhúil 2.5 i Rialachán (AE) 2016/2281 a ionadú le 2.1 agus luachanna SPF á ríomh.

Nuair a úsáidtear iompróirí fuinnimh phríomhúil, amhail an teas nó gás mar ionchur fuinnimh chun an gineadóir fuaraithe a oibriú, is é 1 an fachtóir réamhshocraithe fuinnimh phríomhúil (1/η), lena léirítear an easpa claochlaithe fuinnimh η = 1.

Sainítear na coinníollacha oibriúcháin caighdeánacha agus na paraiméadair eile is gá chun SPF a chinneadh i Rialacháin (AE) 2016/2281 agus (AE) Uimh. 206/2012, de réir chatagóir an ghineadóra fuaraithe. Na coinníollacha teorann atá ann, is iad na coinníollacha teorann a shainítear i gcaighdeán EN14511 iad.

I gcás gineadóirí fuaraithe in-aisiompaithe (teaschaidéil in-aisiompaithe), a eisiatar ó raon feidhme Rialachán (AE) 2016/2281 toisc go gcumhdaítear a bhfeidhm téimh le Rialachán (AE) Uimh. 813/2013 ón gCoimisiún ( 57 ) i ndáil le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí spáis agus comhthéitheoirí, úsáidfear an ríomh céanna SPF a shainmhínítear le haghaidh gineadóirí fuaraithe neamh-aisiompaithe comhchosúla i Rialachán (AE) 2016/2281.

Mar shampla, i gcás gineadóirí fuaraithe comhbhrúite gaile leictreacha, saineofar SPFp mar a leanas (úsáidtear an t-innéacs p chun a shoiléiriú go sainítear SPF i dtéarmaí fuinnimh phríomhúil):

— 
Le haghaidh fuarú spáis:image
— 
le haghaidh fuarú próisis:image

I gcás inar:

— 
comhéifeachtaí feidhmiúcháin shéasúraigh iad SEER agus SEPR ( 58 ) (seasann SEER do “Chóimheas Éifeachtúlachta Fuinnimh Shéasúraigh”, seasann SEPR do “Chóimheas Feidhmíochta Fuinnimh Shéasúraigh”) i dtaca leis an bhfuinneamh críochnaitheach a shainmhínítear de réir Rialacháin (AE) 2016/2281 agus (AE) 206/2012;
— 
is é η an meánchóimheas idir an t-olltáirgeadh iomlán leictreachais in aghaidh an tomhaltais fuinnimh phríomhúil le haghaidh táirgeadh leictreachais san Aontas Eorpach (η = 0,475 agus 1/η = 2,1).

Is fachtóirí ceartúcháin iad F(1) agus F(2) de réir Rialachán (AE) 2016/2281 agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún atá ceangailte. Níl feidhm ag na comhéifeachtaí sin maidir le fuarú próisis i Rialachán (AE) 2016/2281 toisc go mbaintear feidhm dhíreach as méadracht fuinnimh deiridh SEPR. In éagmais luachanna oiriúnaithe, na luachanna céanna a úsáidtear le haghaidh thiontú SEER, úsáidfear le haghaidh thiontú SEPR iad.

Coinníollacha teorann SPF

Chun SPF an ghineadóra fuaraithe a shainiú, úsáidfear coinníollacha teorann SPF a shainítear i Rialachán (AE) Uimh. 2281/2016 agus i Rialachán (AE) Uimh. 206/2012. I gcás gineadóirí fuaraithe uisce go haer agus uisce go huisce, is trí fhachtóir ceartúcháin F(2) a áirítear an t-ionchur fuinnimh atá ag teastáil chun an fhoinse fuachta a chur ar fáil. Taispeántar coinníollacha teorann SPF i bhFíor 1. Beidh feidhm ag na coinníollacha teorann sin maidir le gach córas fuaraithe, bíodh córais fuaraithe shaoir ann nó córais ina bhfuil gineadóirí fuaraithe.

Na coinníollacha teorann sin, tá siad comhchosúil leis na coinníollacha le haghaidh teaschaidéal (a úsáidtear sa mhodh téimh) i gCinneadh 2013/114/AE ón gCoimisiún ( 59 ). Is é an difríocht nach ndéantar an tomhaltas leictreachais a fhreagraíonn do thomhaltas cumhachta cúnta (mód teirmeastait as, mód fuireachais, mód as, téitheoir cáis cromáin) a chur san áireamh chun SPF a mheas. Mar sin féin, dála mar atá i gcás an fhuaraithe, úsáidfear luachanna caighdeánacha SPF agus SPF tomhaiste araon, agus ós rud é go gcuirtear tomhaltas cúnta SPF thomhaiste san áireamh, is gá tomhaltas cumhachta cúnta a áireamh sa dá chás.

Maidir le fuarú ceantair, ní áireofar caillteanais fuachta mar gheall ar dháileachán agus tomhaltas leictreach caidéal dáileacháin idir an gléasra fuaraithe agus fostáisiún an chustaiméara agus meastachán ar SPF á dhéanamh.

I gcás córais fuaraithe aerbhunaithe lena n-áirithítear an fheidhm aerála freisin, ní chuirfear an soláthar fuaraithe mar gheall ar shreabhadh aeir aerála sa chuntas. Déanfar an chumhacht ghaothráin atá ag teastáil maidir leis an aeráil a fhágáil as an gcuntas freisin i gcomhréir le cóimheas an tsreafa aeir aerála leis an sreabhadh aeir fuaraithe.

image

Fíor 1 Léiriú ar choinníollacha teorann SPF le haghaidh gineadóir fuaraithe a úsáideann fuarú caighdeánach SPF agus fuarú ceantair (agus córais fuaraithe mhóra eile a úsáideann SPF tomhaiste), i gcás inarb é EINPUT_AUX an t-ionchur fuinnimh chuig an ngaothrán agus/nó caidéal agus i gcás inarb é EINPUT_CG an t-ionchur fuinnimh chuig an ngineadóir fuaraithe

I gcás córais fuaraithe aerbhunaithe a ngabhann aisghabháil inmheánach fuachta leo, ní chuirfear an soláthar fuaraithe mar gheall ar aisghabháil na fuachta sa chuntas. Déanfar an chumhacht ghaothráin atá ag teastáil maidir leis an aisghabháil fuachta arna déanamh ag an teasmhalartóir a fhágáil as an gcuntas i gcomhréir le cóimheas na gcaillteanas brú mar gheall ar an teasmhalartóir aisghabhála fuachta le caillteanais bhrú iomlána an chórais fuaraithe aerbhunaithe.

3.4.    Ríomh trí bhíthin luachanna caighdeánacha

Féadfar modh simplithe a úsáid le haghaidh córais fuaraithe aonair a bhfuil acmhainn is lú ná 1,5 MW acu, agus a bhfuil luach caighdeánach SPF ar fáil ina leith, chun meastachán a dhéanamh ar an bhfuinneamh fuaraithe iomlán a sholáthraítear.

Faoin modh simplithe, is é an fuinneamh fuaraithe a sholáthraíonn an córas fuaraithe (QCsupply) an acmhainn fuaraithe ainmniúil (PC) arna iolrú faoi líon na n-uaireanta lánlóid coibhéiseacha (EFLH). Féadfar luach amháin Laethanta Céime Fuaraithe (CDD) a úsáid le haghaidh tír iomlán, nó luachanna ar leith le haghaidh criosanna aeráide éagsúla ar choinníoll go bhfuil acmhainní ainmniúla agus SPFanna ar fáil maidir leis na criosanna aeráide sin.

Féadfar na modhanna réamhshocraithe seo a leanas a úsáid chun EFLH a ríomh:

— 
le haghaidh fuarú spáis san earnáil cónaithe: EFLH = 96 + 0,85 * CDD
— 
le haghaidh fuarú spáis san earnáil threasach: EFLH = 475 + 0,49 * CDD
— 
le haghaidh fuarú próisis: EFLH = τs * (7300 + 0,32 * CDD)

I gcás inar:

fachtóir gníomhaíochta é τs chun cuntas a thabhairt in am oibriúcháin na bpróiseas sonrach (e.g. an bhliain ar fad τs = 1, gan baint don deireadh seachtaine τs = 5/7). Níl aon luach réamhshocraithe ann.

3.4.1.    Ríomh trí bhíthin luachanna tomhaiste

Maidir le córais nach bhfuil aon luach caighdeánach ar fáil ina leith, chomh maith le córais fuaraithe a bhfuil acmhainn is mó ná 1,5 MW acu agus córais fuaraithe ceantair, déanfar a bhfuarú in-athnuaite a ríomh bunaithe ar na tomhais seo a leanas:

Ionchur fuinnimh tomhaiste: Áirítear san ionchur fuinnimh tomhaiste gach foinse fuinnimh le haghaidh an chórais fuaraithe, lena n-áirítear aon ghineadóir fuaraithe, i.e leictreachas, gás, teas etc. Áirítear ann freisin caidéil chúnta agus gaothráin a úsáidtear sa chóras fuaraithe ach ní chun fuarú a dháileadh ar fhoirgneamh nó ar phróiseas. I gcás an fhuaraithe aerbhunaithe a bhfuil feidhm aerála aige, ní chuimseofar in ionchur fuinnimh an chórais fuaraithe ach an t-ionchur breise fuinnimh mar gheall ar an bhfuarú.

Soláthar fuinnimh fuaraithe tomhaiste: Déanfar an soláthar fuinnimh fuaraithe a thomhas mar an t-aschur ón gcóras fuaraithe agus dealófar aon chaillteanas fuachta uaidh chun meastachán a dhéanamh ar an nglansoláthar fuinnimh fuaraithe don fhoirgneamh nó don phróiseas arb é úsáideoir deiridh an fhuaraithe é. I measc na gcaillteanas fuachta tá caillteanais i gcóras fuaraithe ceantair agus sa chóras dáilte fuaraithe i bhfoirgneamh nó i suíomh tionsclaíoch. Beidh an soláthar fuinnimh fuaraithe glan ar an éifeacht a bhaineann le haer úr a thabhairt isteach chun críoch aerála i gcás an fhuaraithe aerbhunaithe a bhfuil feidhm aerála aige.

Ní mór na tomhais a dhéanamh maidir leis an mbliain shonrach atá le tuairisciú i.e. an t-ionchur fuinnimh uile agus an soláthar fuinnimh fuaraithe uile maidir leis an mbliain ar fad.

3.4.2.    Fuarú ceantair: Ceanglais bhreise

I gcás córais fuaraithe ceantair, déanfar an glansoláthar fuaraithe ar leibhéal an chustaiméara a chuntas agus an glansoláthar fuaraithe á shainiú, arna chur in iúl mar QC_Supply_net. Déanfar caillteanais theirmeacha a tharlaíonn sa líonra dáileacháin (QC_LOSS) a bhaint as an ollsoláthar fuaraithe (QC_Supply_gross) mar a leanas:

QC_Supply_net = QC_Supply_gross – QC_LOSS

3.4.2.1.    Roinnt ina bhfochórais

Is féidir córais fuaraithe ceantair a roinnt ina bhfochórais, ina bhfuil ar a laghad gineadóir fuaraithe amháin nó córas fuaraithe shaoir. Chuige sin, ní mór an soláthar fuinnimh fuaraithe agus an t-ionchur fuinnimh le haghaidh gach fochórais a thomhas chomh maith le leithdháileadh caillteanas fuachta in aghaidh an fhochórais mar a leanas:

image

3.4.2.2.    Gabhálais

Agus córas fuaraithe á roinnt ina fhochórais, cuirfear nithe cúnta (e.g. rialuithe, caidéil agus gaothráin) an ghineadóra fuaraithe/na ngineadóirí fuaraithe agus/nó cúntóirí an chórais fuaraithe shaoir/na gcóras fuaraithe shaoir san áireamh san fhochóras céanna/sna fochórais chéanna. Ní thugtar cuntas i bhfuinneamh cúnta a chomhfhreagraíonn do dháileadh fuaraithe laistigh den fhoirgneamh, e.g. caidéil thánaisteacha agus aonaid losa (e.g. aonaid ghaothráin agus chorna, gaothráin in aonaid láimhseála aeir).

I gcás nithe cúnta nach féidir a leithdháileadh ar fhochóras sonrach, mar shampla caidéil líonra fuaraithe ceantair lena soláthraítear an fuinneamh fuaraithe a sholáthraíonn na gineadóirí fuaraithe uile, leithdháilfear a dtomhaltas fuinnimh phríomhúil ar gach fochóras fuaraithe i gcion an fhuinnimh fuaraithe a sholáthraíonn na gineadóirí fuaraithe agus/nó córais fuaraithe shaoir gach fochórais, ar an mbealach céanna a dhéantar le caillteanais fuachta sa líonra, mar a leanas

image

i gcás inarb é:

EINPUT_AUX1_i an tomhaltas cúnta fuinnimh atá ag fochóras “i”;

EINPUT_AUX2 an tomhaltas cúnta fuinnimh atá ag an gcóras fuaraithe ina iomláine, tomhaltas nach féidir a leithdháileadh ar fhochóras fuaraithe sonrach.

3.5.    Cainníocht fuinnimh in-athnuaite le haghaidh an fhuaraithe a ríomh maidir leis na scaireanna in-athnuaite foriomlána agus maidir leis na scaireanna fuinnimh in-athnuaite le haghaidh an téimh agus an fhuaraithe

Chun scaireanna foriomlána an fhuinnimh in-athnuaite a ríomh, cuirfear cainníocht an fhuinnimh in-athnuaite le haghaidh an fhuaraithe leis an uimhreoir “olltomhaltas deiridh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite” agus leis an ainmneoir “olltomhaltas deiridh fuinnimh” araon.

Chun scaireanna an fhuinnimh in-athnuaite le haghaidh an téimh agus an fhuaraithe a ríomh, cuirfear cainníocht an fhuinnimh in-athnuaite le haghaidh an fhuaraithe leis an uimhreoir “olltomhaltas deiridh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite le haghaidh an téimh agus an fhuaraithe” agus leis an ainmneoir “olltomhaltas deiridh fuinnimh le haghaidh an téimh agus an fhuaraithe” araon.

3.6.    Treoir maidir le modheolaíochtaí agus ríomhanna níos cruinne a fhorbairt

Beartaítear agus spreagtar go ndéanfaidh na Ballstáit a meastacháin féin le haghaidh SPF agus EFLH araon. Ba cheart chuir chuige náisiúnta/réigiúnacha ar bith den sórt a bhunú ar thoimhdí cruinne, samplaí ionadaíocha de mhéid leordhóthanach, arbh é a bheadh mar thoradh orthu meastachán maidir le fuinneamh in-athnuaite atá feabhsaithe go suntasach i gcomparáid le meastachán a gheofaí tríd an modheolaíocht a leagtar amach sa Ghníomh Tarmligthe seo a úsáid. Féadfar na modheolaíochtaí feabhsaithe sin a bhunú ar ríomh mionsonraithe bunaithe ar shonraí teicniúla lena gcuirfear san áireamh, i measc nithe eile, bliain na suiteála, caighdeán na suiteála, cineál an chomhbhrúiteora agus méid an innill, an modh oibríochta, an líonra dáileacháin, carnadh gineadóirí agus an aeráid réigiúnach. Déanfaidh na Ballstáit a úsáidfidh modheolaíochtaí malartacha agus/nó luachanna na modheolaíochtaí agus na luachanna sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar aon le tuarascáil lena mínítear an modh agus na sonraí a úsáidtear. Déanfaidh an Coimisiún, más gá, na doiciméid a aistriú agus iad a fhoilsiú ar a chlár oibre trédhearcachta.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.