+IARSCRÍBHINN VIII

IARSCRÍBHINN VIII




IARSCRÍBHINN VIII

CUID A.   ASTAÍOCHTAÍ SEALADACHA MEASTA ÓN ATHRÚ INDÍREACH SA TALAMHÚSÁID Ó BHUNÁBHAR BITHBHREOSLAÍ, BITHLEACHTANNA AGUS BREOSLAÍ BITHMHAISE (gCO2EQ/MJ) ( 60 )



Grúpa bunábhar

Meán (1)

Raon idirpheircintíl a eascraíonn ón anailís íogaireachta (2)

Gránaigh agus barra eile atá stáirse-shaibhir

12

8 go 16

Siúcraí

13

4 go 17

Barra ola

55

33 go 66

(1)   

Is ionann na meánluachanna a áirítear anseo agus meán ualaithe de na luachanna bunábhair múnlaithe ar bhonn aonair.

(2)   

Is ionann an raon a áirítear anseo agus 90 % de na torthaí a úsáideann na luachanna don chúigiú pheircintíl agus don chúigiú pheircintíl is nócha a thagann ón anailís. Leis an gcúigiú pheircintíl tá luach ar fuarthas 5 % de na breathnóireachtaí faoi (is é sin léirigh 5 % de líon iomlán na sonraí torthaí faoi bhun 8, 4 agus 33 g CO2eq/MJ). Leis an gcúigiú pheircintíl is nócha tá luach ar fuarthas 95 % de na breathnóireachtaí faoi (is é sin léiríonn 5 % de líon iomlán na sonraí torthaí os cionn 16, 17 agus 66 g CO2eq/MJ).

CUID B.   BITHBHREOSLAÍ, BITHLEACHTANNA AGUS BREOSLAÍ BITHMHAISE LENA MEASTAR NA hASTAÍOCHTAÍ ÓN ATHRÚ INDÍREACH SA TALAMHÚSÁID A BHEITH NIALASACH

Measfar na hastaíochtaí measta ón athrú indíreach sa talamhúsáid ag nialas i gcás bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó na catagóirí bunábhar seo a leanas:

(1) 

bunábhair nach liostaítear faoi chuid A den Iarscríbhinn seo.

(2) 

bunábhair, a raibh athrú indíreach sa talamhúsáid mar thoradh lena dtáirgeadh is é sin athrú ó cheann amháin de chatagóirí cumhdaigh talún IPCC seo a leanas: talamh foraoise, féarthailte, bogach, lonnaíochtaí, nó talamh eile, go talamh curaíochta nó talamh curaíochta ilbhliantúil ( 61 ). I gcás den sórt sin ba cheart luach d'astaíochtaí ón athrú díreach sa talamhúsáid (el) a bheith ríofa i gcomhréir le pointe 7 de chuid C d'Iarscríbhinn V.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.