+Airteagal 6 An Plean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.

Airteagal 6 An Plean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6 1.
Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí ábhartha mar a fhoráiltear dó sa dara fomhír d'Airteagal 5(2), Plean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta a fhorbairt, a ghlacadh, a fhoilsiú, agus a thabhairt cothrom le dáta uair sa bhliain, ar a laghad, dá éis sin. Arna bhunú ar fhianaise ábhartha sábháilteachta, déanfar sa Phlean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta na príomhrioscaí sábháilteachta atá ar chóras sábháilteachta eitlíochta na hEorpa a shainaithint, agus na gníomhartha is gá chun na rioscaí sin a mhaolú a leagan amach.
Airteagal 6 2.
Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí ábhartha mar a fhoráiltear dó sa dara fomhír d'Airteagal 5(2), na rioscaí sábháilteachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhoiciméadú i bpunann a bheidh tiomanta do rioscaí sábháilteachta agus déanfaidh sí faireachán ar an gcur chun feidhme dhéanfaidh na páirtithe lena mbaineann i ndáil le gníomhaíochtaí maolúcháin gaolmhara, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí tháscairí maidir le feidhmíocht sábháilteachta a leagan síos.
Airteagal 6 3.
Agus na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 á dtabhairt san áireamh, déanfar, sa Phlean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta, an leibhéal feidhmíochta sábháilteachta don Aontas Eorpach a shonrú. Féachfaidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit an leibhéal feidhmíochta sábháilteachta a bhaint amach i dteannta a chéile.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.