+Airteagal 16 Pearsanra
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
|
Airteagal 16 Pearsanra
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 16 1.
|
Maidir leis an bpearsanra atá freagrach as táirge, as páirt nó as trealamh neamhshuiteáilte a scaoileadh i ndiaidh a gcothabhála, ceanglófar air ceadúnas a bheith aige, ach amháin i gcásanna, agus na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 1 agus in Airteagal 4 á gcur san áireamh agus go háirithe cineál agus riosca na gníomhaíochta lena mbaineann, nach mbeidh gá le ceadúnais den chineál sin, mar thoradh ar ghlacadh na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 17(1). Déanfar an ceadúnas sin a eisiúint arna iarraidh, i gcás ina bhfuil sé léirithe ag an iarratasóir go bhfuil sé nó sí i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 17 a glacadh d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaí na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 9.
|
|
Airteagal 16 2.
|
Sonrófar sa cheadúnas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na pribhléidí a bronnadh ar an bpearsanra. Féadfar an ceadúnas a leasú chun pribhléidí a chur leis nó a bhaint as, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 17(1).
|
|
Airteagal 16 3.
|
Féadfar an ceadúnas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm nuair nach gcomhlíonann an sealbhóir na rialacha agus na nósanna imeachta chun ceadúnas den sórt sin a eisiúint agus a choinneáil ar bun, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 17(1).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|