+ROINN I Aeracmhainneacht agus caomhnú an chomhshaoil
---+Airteagal 9 Ceanglais ghinearálta
------+Airteagal 9 1.
------+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 10 Comhlíonadh
------+Airteagal 10 1.
------+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 11 Dearadh táirgí
---+Airteagal 12 Dearadh páirteanna
---+Airteagal 13 Dearadh trealamh neamhshuiteáilte
---+Airteagal 14 Aerárthaí ar leith
------+Airteagal 14 1.
------+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 15 Eagraíochtaí
------+Airteagal 15 1.
------+Airteagal 15 2.
------+Airteagal 15 3.
------+Airteagal 15 4.
------+Airteagal 15 5.
---+Airteagal 16 Pearsanra
------+Airteagal 16 1.
------+Airteagal 16 2.
------+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 17 Gníomhartha cur chun feidhme maidir le haerfhiúnta
------+Airteagal 17 1.
------+Airteagal 17 2.
------+Airteagal 17 3.
---+Airteagal 18 Na maoluithe
------+Airteagal 18 1.
------+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 19 Cumhachtaí tarmligthe
------+Airteagal 19 1.
------+Airteagal 19 2.
------+Airteagal 19 3.
------+Airteagal 19 4.

ROINN I Aeracmhainneacht agus caomhnú an chomhshaoil

ROINN I Aeracmhainneacht agus caomhnú an chomhshaoil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 9 Ceanglais ghinearálta
Airteagal 10 Comhlíonadh
Airteagal 11 Dearadh táirgí

Airteagal 11

Dearadh táirgí

Beidh dearadh gach táirge faoi réir deimhniúcháin agus déanfar deimhniú cineáil a eisiúint ina leith. Beidh aon athrú a chuirfear ar an dearadh sin faoi réir deimhniúcháin agus mar thoradh ar dheimhniúchán, eiseofar deimhniú i leith na n-athruithe sin, lena n-áirítear deimhnithe cineáil forlíontacha. Beidh gach dearadh deisiúcháin faoi réir deimhniúcháin agus mar thoradh ar dheimhniúchán déanfar formheas a eisiúint ina leith.

Déanfar formheas a eisiúint i ndáil le sonraí na hoiriúnachta oibríochtúla a bhfuil baint acu le dearadh cineáil. Cuirfear an formheas sin sa deimhniú cineáil nó sa deimhniú srianta ar chineál dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 18(1), de réir mar is infheidhme.

Eiseofar, arna n-iarraidh, an deimhniú cineáil sin, an deimhniú ar aon athrú sin, an formheas ar dhearthaí deisiúcháin sin agus an formheas sin i ndáil le sonraí na hoiriúnachta oibríochtúla, arna léiriú ag an iarratasóir go bhfuil dearadh an táirge i gcomhréir leis an mbonn deimhniúcháin a bunaíodh i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (b)(i) agus (ii) d'Airteagal 19(1), de réir mar is infheidhme, agus nach bhfuil aon ghné nó tréith de chuid an táirge a fhágann go ndéanfadh sé díobháil don chomhshaol nó go mbeadh sé dainséarach é a oibriú.

Eagraíocht a formheasadh i gcomhréir le hAirteagal 15 agus ar bronnadh de phribhléid uirthi na dearbhuithe nó formheasanna sin a eisiúint i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (k) d'Airteagal 19(1), i gcás ina gcinneann an eagraíocht sin go bhfuil dearadh an táirge ag teacht leis na coinníollacha a bunaíodh sa tríú fomhír den mhír seo, féadfaidh sí an deimhniú cineáil sin, an deimhniú ar aon athrú sin, an formheas ar dhearthaí deisiúcháin agus an formheas sin i ndáil le sonraí na hoiriúnachta oibríochtúla a eisiúint gan a iarraidh.

Ní cheanglófar deimhniú cineáil ar leith le haghaidh dearadh innill nó lián a ndearnadh deimhniú air, i gcomhréir leis an Airteagal seo, le linn phróiseas deartha aerárthaigh.

Airteagal 12 Dearadh páirteanna

Airteagal 12

Dearadh páirteanna

Mura mbunaítear a mhalairt le gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 19, beidh dearadh gach páirte faoi réir deimhniúcháin agus déanfar deimhniú cineáil a eisiúint ina leith.

Déanfar an deimhniú sin a eisiúint arna iarraidh, agus arna léiriú ag an iarratasóir go bhfuil dearadh na páirte i gcomhréir leis an mbonn deimhniúcháin a bunaíodh i gcomhréir leis na gníomhartha tarmlighte dá dtagraítear i bpointe (b)(iii) d'Airteagal 19(1).

Eagraíocht a formheasadh i gcomhréir le hAirteagal 15 agus ar bronnadh de phribhléid uirthi na deimhnithe sin a eisiúint i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (k) d'Airteagal 19(1), i gcás ina gcinneann an eagraíocht sin go bhfuil dearadh na páirte ag teacht leis an mbonn deimhniúcháin arna bhunú i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (b) (iii) d'Airteagal 19(1).

Ní theastóidh deimhniú ar leith le haghaidh dearadh páirteanna a ndearnadh deimhniú orthu, i gcomhréir le hAirteagal 11, le linn phróiseas deartha an táirge.

Airteagal 13 Dearadh trealamh neamhshuiteáilte

Airteagal 13

Dearadh trealamh neamhshuiteáilte

I gcás ina bhforáiltear amhlaidh sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 19, beidh dearadh trealaimh neamhshuiteáilte faoi réir deimhniúcháin agus déanfar deimhniú a eisiúint ina leith.

Déanfar an deimhniú sin a eisiúint arna iarraidh, agus arna léiriú ag an iarratasóir go bhfuil dearadh an trealaimh neamhshuiteáilte i gcomhréir leis an mbonn deimhniúcháin a bunaíodh i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (b)(iii) d'Airteagal 19(1).

Eagraíocht a formheasadh i gcomhréir le hAirteagal 15 agus ar bronnadh de phribhléid uirthi deimhnithe den sórt sin a eisiúint i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (k) d'Airteagal 19(1), i gcás ina gcinneann an eagraíocht sin go bhfuil dearadh an trealaimh neamhshuiteáilte ag teacht leis an mbonn deimhniúcháin a bunaíodh i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (b)(iii) d'Airteagal 19(1), féadfaidh sí an deimhniú sin a eisiúint gan a iarraidh.

Airteagal 14 Aerárthaí ar leith
Airteagal 15 Eagraíochtaí
Airteagal 16 Pearsanra
Airteagal 17 Gníomhartha cur chun feidhme maidir le haerfhiúnta
Airteagal 18 Na maoluithe
Airteagal 19 Cumhachtaí tarmligthe

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.