+Airteagal 43 Gníomhartha cur chun feidhme a mhéid a bhaineann le soláthraithe BAT/SAL agus le haghaidh eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh, le táirgeadh nó le cothabháil córas BAT/SAL agus comhdhamhnaí BAT/SAL
---+Airteagal 43 1.
---+Airteagal 43 2.
---+Airteagal 43 3.
---+Airteagal 43 4.
|
Airteagal 43 Gníomhartha cur chun feidhme a mhéid a bhaineann le soláthraithe BAT/SAL agus le haghaidh eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh, le táirgeadh nó le cothabháil córas BAT/SAL agus comhdhamhnaí BAT/SAL
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 43 1.
|
Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 40 a áirithiú, d’fhonn BAT/SAL dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 2(1) a sholáthar, glacfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos forálacha mionsonraithe maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na rialacha agus na nósanna imeachta sonracha i dtaca le soláthar BAT/SAL i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 40, lena n-áirítear bunú agus cur chun feidhme an phlean teagmhais i gcomhréir le pointe 5.1(f) d’Iarscríbhinn VIII;
(b)
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfar na deimhnithe dá dtagraítear i Airteagal 41(1) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm;
(bb)
na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 41(3a);
(c)
na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le dearbhú ó sholáthraithe seirbhísí faisnéise eitiltí dá dtagraítear in Airteagal 41(5), agus maidir leis na cásanna ina gceadaítear na dearbhuithe sin;
(d)
na rialacha agus na nósanna imeachta chun na deimhnithe dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 42(1) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, agus maidir leis na cásanna ina gceanglaítear na deimhnithe sin;
(e)
na rialacha agus na nósanna imeachta maidir leis an dearbhú ó eagraíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 42(1), agus maidir leis na cásanna ina bhfuil gá leis na dearbhuithe sin;
(f)
pribhléidí agus freagrachtaí shealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 41(1) agus i bpointe (b) d’Airteagal 42(1), agus na n-eagraíochtaí a dhéanfaidh dearbhuithe i gcomhréir le hAirteagal 41(5) agus pointe (a) d’Airteagal 42(1).
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).
|
|
Airteagal 43 2.
|
Leis na rialacha dá dtagraítear i mír 1, tabharfar aird chuí ar Mháistirphlean Eorpach BAT.
|
|
Airteagal 43 3.
|
Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh, áiritheoidh an Coimisiún go mbeifear i gcomhréir leis na riachtanais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 40 den Rialachán seo agus cuirfidh sé na caighdeáin idirnáisiúnta agus na cleachtais mholta san áireamh go hiomchuí, go háirithe na cinn a leagtar amach in Iarscríbhinní 2 go 4, 10, 11 agus 15 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.
|
|
Airteagal 43 4.
|
Agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh de bhun mhír 1 maidir le córais Intleachta Saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689, cuirfear san áireamh na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|