|
+Airteagal 59 Rialacha is infheidhme |
Airteagal 59 Rialacha is infheidhmeAirteagal 59 Rialacha is infheidhme Gan dochar do phointe 1 d'Iarscríbhinn VIII ná do na rialacha arna nglacadh i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 44(1), cloífidh na haerárthaí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 2(1), mar aon lena bhfoireann eitilte go na n-oibríochtaí, leis na caighdeáin ICAO is infheidhme. A mhéid nach mbeidh aon chaighdeáin dá sórt ar fáil, cloífidh na haerárthaí sin gona n-oibríochtaí leis an méid seo a leanas:
(a)
i gcás aerárthaí seachas aerárthaí gan foireann, cloífidh siad leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn IV agus Iarscríbhinn V;
(b)
i gcás aerárthaí gan foireann, cloífidh siad leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IX agus, i gcás ina bhforáiltear dá leithéid sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 61, cloífidh siad leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn IV, agus Iarscríbhinn V. Ní bheidh feidhm, áfach, ag an dara fomhír má bhíonn na ceanglais fhíor-riachtanacha sin ag teacht salach ar chearta tríú tíortha faoi choinbhinsiúin idirnáisiúnta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|