|
+Airteagal 61 1. |
Airteagal 61 1.I dtaca le haerárthaí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 2(1), chomh maith lena bhfoireann agus lena n-oibríochtaí, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 128 chun rialacha mionsonraithe a leagan síos ina dtaobh seo a leanas:
(a)
údarú ar aerárthaí nach bhfuil acu deimhniú caighdeánach aeracmhainneachta de chuid ICAO nó údarú ar phíolótaí nach bhfuil acu ceadúnas caighdeánach de chuid ICAO, chun oibriú isteach sa chríoch a bhfuil feidhm ag na Conarthaí ina leith, laistigh den chríoch agus amach aisti;
(b)
na coinníollacha sonracha maidir le haerárthach a oibriú i gcomhréir le forálacha Airteagal 59;
(c)
coinníollacha malartacha nuair nach féidir na caighdeáin agus na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 59 a chomhlíonadh nó ina mbeadh dua díréireach i gceist don oibreoir iad a chomhlíonadh, trína bhféachtar ag an am céanna go mbaintear amach cuspóirí na gcaighdeán agus na gceanglas lena mbaineann;
(d)
na coinníollacha faoina ndéanfar na húdaruithe dá dtagraítear in Airteagal 60 a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, agus na cásanna ina bhfuil gá lena leithéid d'údaruithe nó a gceadófar dearbhuithe d'fhonn na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 1 a bhaint amach agus aird á tabhairt ar chineál agus ar riosca na gníomhaíochta atá i gceist, mar is infheidhme. Cuirfear san áireamh sna coinníollacha sin na deimhnithe a d'eisigh an stát cláraithe, an staid ina bhfuil an t-oibreoir, agus, i gcás aerárthaí gan foireann, an stát ina bhfuil an trealamh lena rialaítear go cianda aerárthaí gan foireann suite, agus sin gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar ar a bhonn sin;
(e)
na pribhléidí agus freagrachtaí a bheidh ag sealbhóirí na n-údaruithe sin dá dtagraítear in Airteagal 60(1) agus (2), agus, mas ábhartha, ag na hoibreoirí aerárthaigh a d'eisigh dearbhuithe i gcomhréir le hAirteagal 60(2); 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|