+Airteagal 71 3.

Airteagal 71 3.

I gcás ina measann an Ballstát gur féidir na ceanglais fhíor-riachtanacha is infheidhme a leagtar amach sna hIarscríbhinní a chomhlíonadh ar mhodh eile seachas ar an modh a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar bhonn an Rialacháin seo, agus go mbaineann buntáistí leis an modh sin nach beag a mbrí do shábháilteacht na heitlíochta sibhialta, d'éifeachtúlacht na ndaoine sin atá faoi réir an Rialacháin seo, nó do na húdaráis lena mbaineann, féadfaidh an Ballstát iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta, tríd an stór lárnach a bunaíodh faoi Airteagal 74, á iarraidh go leasófaí an gníomh ábhartha tarmligthe nó cur chun feidhme d'fhonn cead a thabhairt an modh eile sin a úsáid.

Sa chás sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht moladh a eisiúint don Choimisiún, gan ró-mhoill, maidir le cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann iarratas an Bhallstáit na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír. Más gá sin i bhfianaise chur chun feidhme na míre seo, déanfaidh an Coimisiún a mharana, gan ró-mhoill, agus moladh na Gníomhaireachta á chur san áireamh aige, ar an ngníomh tarmligthe nó cur chun feidhme sin a leasú.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.